Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta d’iarratais ar chiste €100 milliún BEAM agus ar na Clinicí le hiarratais a dhéanamh ar líne

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta d’iarratais ar chiste €100 milliún BEAM agus ar na Clinicí le hiarratais a dhéanamh ar líne

Tá síneadh curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu leis an spriocdháta don Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) agus leag sé amach pleananna maidir le tuilleadh tacaíochtaí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas ar BEAM a dhéanamh ar líne.

Osclaíodh an próiseas iarratais ar líne an 19 Lúnasa agus bhí sé sceidealaithe le dúnadh Dé Domhnaigh an 8 Meán Fómhair ach tá síneadh curtha leis sin go dtí meán oíche Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair. Dúirt an tAire Creed “Táim an-sásta go bhfuil iarratas déanta ar líne cheana féin ag líon mór feirmeoirí don tacaíocht bharrthábhachtach seo. Tá iarratas curtha ar aghaidh cheana féin ag thart ar 20,000 feirmeoir ach tá thart ar 70,000 feirmeoir ann a d'fhéadfadh a bheith incháilithe ar íocaíocht agus tá síneadh curtha agam leis an spriocdháta chun iarratais ón oiread feirmeoirí is féidir a éascú. Chomh maith leis sin ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh an Roinn in ann íocaíochtaí a dhéanamh le hiarratasóirí faoin dáta is luaithe is féidir agus dá bharr sin, mholfainn d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh faoin spriocdháta nua. ”

Chomh maith le síneadh a chur leis an spriocdháta, rinne an tAire fógra maidir le roinnt clinicí ar líne a chuirfidh a Roinnse ar fáil roimh an spriocdháta. Dúirt an tAire freisin “Le blianta beaga anuas, tá clinicí ar líne curtha i bhfeidhm ag mo Roinn ar fud na tíre inar féidir le feirmeoirí bualadh le duine de na baill foirne chun a n-iarratas a dhéanamh díreach ansin. Bhí an-tóir ar na clinicí seo i measc feirmeoirí don BPS, agus táim sásta a fhógairt go mbeidh an tseirbhís chéanna á cur ar fáil arís i mbliana do BEAM.”

Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:

  • 076 1064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú le www.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl., nó
  • 076 1064420 maidir le fiosruithe chun an t-iarratas BEAM féin a líonadh nuair a bheifear cláraithe le www.agfood.ie nó chun ceist a chur maidir leis na clinicí duine le duine

Dúirt an tAire ar deireadh “Tuigim go maith go bhfuil feirmeoirí, agus feirmeoirí mairteola go háirithe, ag dul i ngleic le cúinsí faoi láthair atá an-dúshlánach. Faoin scéim seo cuirfear breis tacaíochta ioncaim ar fáil agus molaim d'aon duine atá incháilithe iarratas a dhéanamh.”

Chomh maith leis sin beidh foireann ar fáil in Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí chuile lá i rith na seachtaine as seo go dtí an spriocdháta do BEAM.

Meán Fómhair 2019 – Dátaí agus Ionaid do Chlinicí

Dáta Am Ionad
Déardaoin An 5 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm Óstán Jackson, Bealach Féich Contae Dhún na nGall
Déardaoin An 5 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán Brehon, Bóthar Mhucrois, Cill Airne, Contae Chiarraí
Dé hAoine An 6 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán TF Royal, Caisleán an Bharraigh Contae Mhaigh Eo
Dé hAoine An 6 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán an Chaisleáin, An Príomhshráid, An Sléibhín Thoir, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí
Dé Luain An 9 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán Four Seasons, Cúil Seanach, Muineachán Contae Mhuineacháin
Dé Luain An 9 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán Twin Trees, Bóthar Chnoc na Ladhar, Cnoc na Ladhar, Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo
Dé Máirt An 10 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Droim Seanbhó Contae Liatroma
Dé Máirt An 10 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Óstán ArdRí, Bhaile an Mhuilinn, Tuaim, Contae na Gaillimhe
Dé Céadaoin An 11 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm
Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Sráid Fhearnáin Contae an Chabháin
Dé Céadaoin An 11 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 2pm
Óstán Contae Treacys West, Bóthar Luimnigh, Inis, Contae an Chláir
Dé Céadaoin An 11 Meán Fómhair 2019 4am go dtí 8pm Óstán Kilmurry Lodge Contae Luimnigh
Déardaoin An 12 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 2pm
Óstán Hannon’s, Bóthar Bhaile Átha Luain, na hAcraí, Ros Comáin, Contae Ros Comáin
Déardaoin An 12 Meán Fómhair 2019 4am go dtí 8pm
Óstán Mullingar Park, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Muileann gCearr, Contae na hIarmhí
Déardaoin An 12 Meán Fómhair 2019 10am go dtí 4pm Óstán Firgrove, Baile Mhistéala, Contae Chorcaí
Dé hAoine An 13 Meán Fómhair 2019 12am go dtí 4pm Óstán County Arms, Biorra. Contae Uíbh Fhailí
Dé hAoine An 13 Meán Fómhair 2019 12am go dtí 4pm
Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara, Caisleán Bhaile Sheáin Contae Loch Garman

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat