English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag an Aire Hackett go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí EIP do 2020

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí ag a Roinn d’fheirmeoirí, faoi Chlár Chromán na gCearc, Clár Diúilicíní Péarla agus Tionscadail eile de chuid an EIP. Is scéim é Tionscnamh Chomhpháirtíocht Nuálach na hEorpa faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 na Roinne.

Tá fiche trí de na scéimeanna seo atá á dtreorú go háitiúil agus atá bunaithe ar thorthaí á maoiniú ag an Roinn, agus tá an-rath orthu, príomhscéimeanna mar Chlár Chromán na gCearc agus Clár Diúilicíní Péarla san áireamh.

Tá líon na rannpháirtithe i gClár Chromán na gCearc méadaithe ó 629 i mbliain 1 go dtí beagnach 1,600 faoi shamhradh 2020. Déanann na feirmeoirí sin 37,000 heicteár talún a bhainistiú a léiríonn os cionn 65% de limistéar iomlán talmhaíochta i líonra an SPA do chromán na gcearc. Tugann monatóireacht atá déanta ar Chromán na gCearc le tuiscint go bhfeictear go bhfuil líon pórúcháin sna SPAanna ag cobhsú tar éis roinnt mhaith blianta dóibh ag titim.

Luaigh an tAire Hackett gur

“scéim thar a bheith luachmhar atá ann do cheann do na speicis dhúchais is tábhachtaí dá bhfuil againn. Tá torthaí praiticiúla maidir leis an líon éan á gcur ar fáil agus tá muid an-bhródúil as bheith ag tacú leis an scéim seo.”

Tá iarratais maidir le híocaíocht á bhfáil faoi láthair ag an Roinn agus beidh íocaíochtaí gnáthóga de thart ar 4 milliún á ndéanamh go luath le feirmeoirí do bhliain 2020 na scéime.

Beidh tús á chur go luath chomh maith le híocaíocht le rannpháirtithe an Tionscadail Diúilicíní Péarla agus táthar ag súil go n-íocfar 1.2 milliún le 454 rannpháirtí faoi dheireadh na bliana.

Dúirt an tAire Hackett, “Tá ríméad orm go bhfuil méadú chomh mór tagtha ar na huimhreacha i mbliana agus is éacht mór don fhoireann tionscadail gur rannpháirtithe anois iad 84% de na feirmeoirí san ocht gceantar diúilicíní péarla agus tá siad á n-íoc faoi réir luach dúlra a gcuid feirmeacha. Is aitheantas tábhachtach iad na híocaíochtaí seo ar na buntáistí timpeallachta a chuireann ár gcuid feirmeoirí ar fáil don phobal trí chéile.”

Tá méadú suntasach tagtha freisin maidir le scóir ar thailte atá rannpháirteach sa Chlár a léiríonn méadú ar cháilíocht uisce agus ar chúinsí gnáthóige don diúilicín péarla úruisce. Tá na scóir níos airde seo bainte amach ag na feirmeoirí trí ghníomhaíochtaí tacaíochta a chur i gcrích agus bainistiú talún a fheabhsú sna ceantair íogair seo. Tugtar luach saothair d’fheirmeoirí don dul chun cinn seo trí íocaíochtaí bliantúla ón gclár.

Déanfar íocaíochtaí de bheagnach cothrom le 780,000 ar Thionscadail EIP atá níos lú le linn na seachtaine atá amach romhainn. Mar shampla, is iad Caomhnú Árann, an Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Bhratach Ghorm Dhún Canann agus Talmhaíocht Inbhuanaithe sna Cruacha Dubha roinnt de na Tionscadail EIP a bheidh ag déanamh íocaíochtaí lena gcuid rannpháirtithe go luath. Clúdóidh na híocaíochtaí seo gnéithe gnáthóige agus oibreacha caipitil araon.

Mhaígh an tAire,

“Bíonn muid ag foghlaim seasta ó na tionscadail seo agus tá na ceachtanna ag cabhrú le mo Roinn múnla nua feirmeoireachta atá bunaithe ar thorthaí a leagan amach don chéad babhta eile CAP. Tá na tionscadail seo ag cabhrú chun córas talmhaíochta inbhuanaithe a thógáil a bhfuil meas aige ar an timpeallacht agus atá freagrach agus éifeachtach.”

Tá tús curtha le híocaíochtaí le feirmeoirí i gClár Bhoirne agus leanfar díobh ar bhonn seachtainiúil as seo amach. Táthar ag súil go n-íocfar níos mó ná €750,000, a léiríonn 85% den iomlán atá dlite, le feirmeoirí rannpháirteacha, i bhfoirm íocaíochtaí gnáthóg bhunaithe roimh dheireadh na bliana leis an 328 feirmeoirí rannpháirteacha i gClár Bhoirne.

Nótaí don Eagarthóir:

Clár Chromán na gCearc: Is scéim é Clár Chromán na gCearc atá faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Clár Forbairt Tuaithe na Mara. Is scéim í atá treoraithe go háitiúil, deartha go háitiúil agus riartha go háitiúil faoi Fhoireann Bainistíochta Tionscadail atá lonnaithe i gCo. na Gaillimhe.

Is clár 5 bliana é agus díríonn sé go sonrach ar fheirmeoirí atá ag bainistiú gnáthóg sna sé SPA Chromán Cearc le talamh i Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SPAanna) i Sliabh Beatha, Sliabh Bladhma, ó Shliabh Felim go dtí Sléibhte Bhéal Átha Gabhann, Sléibhte Sliabh Eachtaí, na Cruacha go dtí Sléibhte Mhullach an Radhairc, Sléibhte Iarthar Luimní & Sliabh an Iolair agus Mullach an Ois go dtí Sléibhte Musheramore.

Is í an íocaíocht ghnáthóige an chéad cheann de thrí shruth íocaíochta faoinar féidir leis na rannpháirtithe buntáiste a fháil. Déantar íocaíochtaí eile le linn na bliana.

Tionscadal Diúilicíní Péarla: I ndiaidh chlár Chromán na gCearc tá an Clár Diúilicíní Péarla ar an dara scéim is mó de scéimeanna Thionscnamh Chomhpháirtíochtaí Nuálacha na hEorpa (EIP)/scéimeanna atá treoraithe go háitiúil.

Tá an clár dírithe go sonrach ar fheirmeoirí a bhfuil talamh sainithe acu agus ba chóir go gcuirfeadh sé sraith ioncaim thábhachtach ar fáil d’fheirmeoirí a bhfuil suim acu ann in ocht gceantar diúilicíní péarla SPA. Is iad na ceantair atá san áireamh sa Chlár Diúilicíní Péarla: Dubhabhainn, An Chárthach agus An Corrán i gContae Chiarraí, Ownagappul i gContae Chorcaí, Bun Dorcha i gContae Mhaigh Eo, Damhros agus Abhainn an Chnoic i gContae na Gaillimhe agus Glaskeelan i gContae Dhún na nGall.

Tá iarracht comhoibríoch i gceist sa chlár agus tá tacaíocht á fáil ag an bhFoireann Diúilicíní Péarla ó fhoireann fhairsing de hidreolaithe, éiceolaithe, oibrithe páirce agus comhairleoirí feirme a thacaíonn le cur i bhfeidhm an chláir ar an talamh. Cabhraíonn DAFM, leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta, EPA, Teagasc, LAWSAT agus saineolaithe eile le treoir agus tacaíocht a thabhairt don tionscadal.

Cláir EIP eile : Tá 21 clár EIP eile i bhfeidhm faoi láthair a chlúdaíonn réimse leathan gníomhaíochtaí lena n-áirítear bithéagsúlacht, cáilíocht uisce, géinitic caorach, orgánaicí, bainistíocht ar phortach sléibhe, bithfhuinneamh, feirmeoireacht i dtírdhreach seandálaíochta, pailneoirí, ithreacha agus cosc ar thuilte.

Tá nasc chuig an leabhrán EIP-Agra a thugann sonraí ar na tionscadail ar fad ar fáil ag www.gov.ie/en/publication/b3a96-report-on-eip-agri-irelands-operational-groups-2019/

Clár Bhoirne: Is scéim agra-chomhshaoil é Clár Bhoirne atá á threorú go háitiúil, é cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE, a oibríonn le feirmeoirí chun cuidiú leo timpeallacht Bhoirne a chaomhnú agus a cheadaíonn go leanfaidís ag cur beostoc ar ardchaighdeán ar fáil. Forbraíodh é sa Bhoirinn, ar mhaithe leis an mBoirinn, trí oibriú le feirmeoirí áitiúla le linn BurrenLIFE agus an Clár um an Bhoirinn ag Feirmeoireacht ar mhaithe le Caomhantas.

CRÍOCH