Fógraíonn Airí go bhfuil sé beartaithe rialuithe oifigiúla bia, atá faoi chúram Sheirbhísí Tréidliachta an Údaráis Áitiúil faoi láthair, a aistriú chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
- Foilsithe: 24 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 31 Iúil 2024
Tar éis plé leanúnach idir an Roinn Sláinte, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, thángthas ar Chomhaontú i bPrionsabal maidir le todhchaí na rialuithe sábháilteachta bia atá faoi chúram Sheirbhís Tréidliachta an Údaráis Áitiúil (STÚÁ) faoi láthair.
Cuireadh faoi bhráid an Rialtais inniu Comh mheabhrán don Rialtas thar ceann na Roinne Sláinte agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara araon.
Ag an gcruinniú comh aireachta, tháinig an Rialtas ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:
1. na rialuithe oifigiúla bia atá faoi chúram Sheirbhísí Tréidliachta an Údaráis Áitiúil faoi láthair a aistriú de réir a chéile chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara;
2. maoiniú a aistriú go buan ón Roinn Sláinte chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus
3. acmhainní ábhartha foirne a aistriú ó na hÚdaráis Áitiúla chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
De réir mar a aistrítear an fheidhm seo, agus mar léiriú ar an bpríomhról a ghlac Seirbhísí Tréidliachta an Údaráis Áitiúil i soláthar reatha na seirbhísí seo, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Sláinte, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Cumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach, agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil tiomanta do phróiseas aistrithe réidh a áirithiú agus do leanúnachas a choinneáil maidir le soláthar seirbhísí bunriachtanacha. Mar chuid de sin, rachfar i dteagmhail leo siúd atá ag soláthar na seirbhíse faoi láthair agus leis an gceardchumann Forsa a dhéanann ionadaíocht dóibh.
Tá foireann fhorfheidhmithe á bunú chun oibriú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara uile atá rannpháirteach le haistriú rianúil na feidhme a chinntiú agus le go gcloífear go leanúnach leis na hardchaighdeáin feabhais lena bhfuil an pobal ag súil.
Agus plé á dhéanamh ar an gcinneadh comh-aireachta, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Ranna, na hÚdaráis Áitiúla agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann as an obair a rinne siad chun teacht chomh fada leis an bpointe seo. Ina theannta sin, ba mhaith liom moladh a thabhairt go háirithe don obair a rinne na gairmithe sin uile a oibríonn laistigh de Sheirbhísí Tréidliachta an Údaráis Áitiúil. Is gné lárnach iad rialuithe sábháilteachta bia chun sábháilteacht agus cáilíocht a áirithiú inár mbiashlabhra. Eascróidh sineirgí as an aistriú chuig córas rialaithe tréidliachta aonair um shábháilteacht bia d’iniúchtaí bia in Éirinn, agus cuideoidh sé le barr feabhais a chur ar an gcaoi a n-úsáidimid ár gcuid acmhainní sa réimse seo.”
Dúirt Stephen Donnelly, an tAire Sláinte, an méid seo a leanas:
“Tá Seirbhís Tréidliachta an Údaráis Áitiúil tar éis cur le cosaint na sláinte poiblí a chosaint trí rialuithe sábháilteachta bia a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom tacú le mo chomhghleacaí, an tAire McConalogue, maidir le haitheantas a thabhairt d’ionchur Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus d’ionchur chigirí bia tréidliachta an Údaráis Áitiúil. Cuirim failte ollmhór roimh an gcur chuige trasrialtais maidir le haistriú na bhfeidhmeanna seo, lena soláthrófar éifeachtúlachtaí agus lena n áiritheofar go mbeidh an tsláinte phoiblí mar thosaíocht sa tseirbhís seo, a chur chun cinn.”
Tá clár oibre comhaontaithe maidir le haistriú céimnithe STÚÁ chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara á fhorbairt ag Grúpa Stiúrtha agus Meitheal ar a bhfuil ionadaithe ó na Ranna agus na Gníomhaireachtaí thuasluaite, d’fhonn an t aistriú a chur i gcrích sa cheathrú ráithe de 2024.
I gcomhthráth, tháinig Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, Cumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach, agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ar chomhaontú maidir le socrú conartha seirbhíse faoin Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998 le hÚdaráis Áitiúla, socrú a mhairfidh go dtí an ceathrú ráithe de 2024.
Is é an rún atá ag na páirtithe uile go leanfar de na rialuithe oifigiúla ar shábháilteacht bia i ngnólachtaí beaga feola, rialuithe atá faoi chúram Sheirbhís Tréidliachta an Údaráis Áitiúil faoi láthair, gan cur isteach ar na gnólachtaí sin agus gan aon laghdú a dhéanamh ar chosaint tomhaltóirí. Soláthrófar eolas breise nuair a bheidh sé ar fáil.
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag tnúth leis na deiseanna a thiocfaidh a bhuí leis an aistriú sin agus leis an tionchar dearfach a bheidh aige ar chumas na Roinne freastal níos fearr ar earnáil an Ghnó Agraibhia, ar thomhaltóirí agus ar leasanna níos leithne ar fud na hÉireann. Eascróidh sineirgí as an aistriú chuig córas rialaithe tréidliachta aonair um shábháilteacht bia d’iniúchtaí bia in Éirinn, agus cuirfear barr feabhais ar úsáid acmhainní mar thoradh.
DEIREADH