Fógraíonn an Roinn sonraí maidir le Cruinnithe Poiblí agus Clinicí d'Fheirmeoirí a tharlóidh ar an láthair maidir le Scéimeanna nua faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Roinn sonraí maidir le Cruinnithe Poiblí agus Clinicí d'Fheirmeoirí a tharlóidh ar an láthair maidir le Scéimeanna nua faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT)

D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go socrófar sraith cruinnithe poiblí agus clinicí d'fheirmeoirí a bhféadfaidh daoine freastal orthu chun cúnamh a fháil agus iad ag cur iarratas isteach ar líne ar an Scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (TIBI), ar scéimeanna eile atá bunaithe ar cheantar agus ar Chlár Éifeachtúlachta Carbóin na Bó Diúil (CÉCBD).

An Scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (TIBI) agus scéimeanna eile atá bunaithe ar cheantar

Beidh na Cruinnithe Poiblí TIBI ar siúl ó 8-10pm. Beidh roinnt cur i láthair ann ó oifigigh ón Roinn agus beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ina dhiaidh. 10 gCruinniú Phoiblí atá sa sceideal (féach liosta iomlán thíos).

Beidh na Clinicí TIBI d'Fheirmeoirí ar siúl ó 10am-4pm (Clinic d'Fheirmeoirí amháin) nó ó 12pm - 7pm (agus an Cruinniú Poiblí ag tosú ar a 8pm). Beidh tacaíocht duine le duine ar fáil sna Clinicí d'Fheirmeoirí chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas TIBI a chur isteach. 19 gClinic d'Fheirmeoirí atá sa sceideal (féach liosta iomlán thíos).

Dáta Cineál Ionad Láthair
27/03/2023 Clinic 10-4 Áth Dara Óstán Woodlands House
28/03/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Baile Átha Troim Caisleán Bhaile Átha Troim
29/03/2023 Clinic 10-4 Muineachán Óstán Four Seasons
30/03/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Baile Dhún na nGall Óstán Central Bhaile Dhún na nGall
03/04/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Inis Díomáin Óstán Falls
04/04/2023 Clinic 10-4 Órán Mór Óstán Oranmore Lodge
05/04/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Cathair na Mart Óstán Knockranny House
13/04/2023 Clinic 12-7 Droim Seanbhó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
13/04/2023 Cruinniú poiblí 8-10 Cora Droma Rúisc Óstán Landmark
18/04/2023 Clinic 10-4 An Sciobairín Óstán West Cork
19/04/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Dún Mánmhaí Óstán Parkway
20/04/2023 Clinic 10-4 Neidín Marglann
21/04/2023 Clinic 10-4 An Cabhán Oifig na Roinne
24/04/2023 Cruinniú poiblí 8-10 Port Laoise Óstán Midlands Park
25/04/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Cluain Meala Óstán Talbot
26/04/2023 Clinic 10-4 Baile Átha Luain Óstán Athlone Springs
02/05/2023 Clinic 10-4 Carn Domhnach Marglann
03/05/2023 Clinic 10-4 Bealach Conglais Marglann
04/05/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Inis Córthaidh Óstán Riverside Park
09/05/2023 Clinic 12-7 Cruinniú poiblí 8-10 Trá Lí Óstán an Róis
10/05/2023 Clinic 10-4 Béal an Átha Óstán Great National

Clár Éifeachtúlachta Carbóin na mBó Diúil

Anuas ar na Cruinnithe Poiblí agus ar na Clinicí d'Fheirmeoirí TIBI a luaitear thuas, tá an Roinn, i gcomhpháirt le Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann agus Bord Bia, tar éis 9 gcruinniú eolais phoiblí i ndáil le Clár Éifeachtúlachta Carbóin na mBó Diúil (CÉCBD) a eagrú a bheidh ar siúl sa chéad chúpla mí eile. Leagtar amach na láithreacha agus na dátaí ar fad sa liosta thíos. Anuas air sin, beidh seimineár gréasáin maidir le CÉCBD ar siúl ar an 4 Aibreán ó 7pm - 8.30pm.

Tosóidh na cruinnithe eolais poiblí ar a 8pm ach beidh oifigigh ón Roinn ar fáil ó 6pm ar aghaidh ag na hionaid seo a leanas ar na dátaí a luaitear leo, chun tacú le feirmeoirí a dteastaíonn cúnamh uathu lena gcuid iarratas CÉCBD.

Dáta Ionad Láthair
21/03/2023 An Muileann gCearr Óstán Mullingar Park
23/03/2023 Tuaim Óstán an Ard-Rí
28/03/2023 Inis Óstán Treacys West County
29/03/2023 Cill Chainnigh Óstán Newpark
30/03/2023 Cora Droma Rúisc Óstán Landmark
18/04/2023 Beanntraí Óstán Westlodge
20/04/2023 Trá Lí Óstán Brandon
02/05/2023 Leitir Ceanainn Óstán Mount Errigal
03/05/2023 Béal an Átha Óstán Great National

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat