English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Tánaiste agus an tAire McConalogue ceapachán Tom Arnold mar Chathaoirleach ar Choiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice

D'fhógair an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Micheál Martin T.D., agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil an tUasal Tom Arnold ceaptha mar Chathaoirleach neamhspleách ar Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice (IARDC).

Tá sé mar aidhm ag an IARDC comhordú a dhéanamh ar thacaíocht leanúnach na hÉireann do chlaochlú thalmhaíocht agus gheilleagar tuaithe na hAfraice a neartú. Tá ionadaithe ón dá Roinn Rialtais, ó Ghníomhaireachtaí Stáit ábhartha, ón earnáil phríobháideach, ón saol acadúil agus ó phobal na hAfraice in Éirinn mar chuid de IARD.

Dúirt an Tánaiste:

'Tá ríméad orm a fhógairt in éineacht leis an Aire McConalogue go bhfuil an tUasal Tom Arnold ceaptha mar Chathaoirleach ar Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice (IARDC). Beidh ról an Uasail Arnold ríthábhachtach d'obair IARDC chun tacaíocht agus comhoibriú na hÉireann leis an Afraic maidir le bia, talmhaíocht agus forbairt tuaithe a fheabhsú.

Tá géarchéim dhomhanda an bhia imithe i bhfeidhm go díréireach ar mhór-roinn na hAfraice, rud a d'fhág go bhfuil na céadta milliún duine thíos ag an ngéar-neamhdheimhneacht maidir le soláthar bia agus cothaitheach. Tá Éire ag obair go dian ar fad chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus cuirfidhIARDC leis an iarracht sin. Agus príomhghníomhaithe a bhfuil baint acu le córais bhia, talmhaíocht agus forbairt tuaithe á dtabhairt le chéile, feidhmíonn IARDC mar spás ríthábhachtach chun ár gcomhiarracht a uasmhéadú agus na réitigh riachtanacha ar neamhdheimhneacht maidir le soláthar bia agus cothaitheach san Afraic a mhéadú.’

Dúirt an tAire McConalogue:

‘Tá an-áthas orm gur ghlac Tom Arnold lenár gcuireadh a bheith ina Chathaoirleach neamhspleách ar IARDC. Fágann taithí ollmhór Tom ar obair forbartha san Afraic, a cheannaireacht ar na tascfhórsaí san Aontas Eorpach agus in Éirinn araon, agus a shaineolas aitheanta ar chlaochlú domhanda na gcóras bia, gurb é an duine idéalach é chun forbairt chaidreamh na hÉireann-na hAfraice ar fhorbairt tuaithe a chur chun cinn’.

*CRÍOCH*

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá athrú suntasach tagtha ar chaidreamh na hÉireann leis an Afraic le fiche bliain anuas. Tá caidreamh reatha na hÉireann agus na hAfraice múnlaithe ag ‘Straitéis i leith na hAfraice’ (2011) agus ‘Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025’ (2019). Dhírigh an dá Straitéis ar chur chuige fadtéarmach i leith na hAfraice bunaithe ar chomhpháirtíocht, lorg taidhleoireachta leathnaithe, trádáil fhrithpháirteach mhéadaithe, agus teagmháil a dhéanamh leis an Aontas Eorpach ar chlár oibre comhchoiteann don Afraic tuaithe.

Tá deimhneacht maidir le soláthar bia agus dul i ngleic leis an ocras lárnach i mbeartas na hÉireann i leith na hAfraice ach tá an beartas seo tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Thug straitéis forbartha fhoriomlán na hÉireann “Domhan Níos Fearr” (2019) tús áite do chórais bhia inbhuanaithe agus d'fhorbairt gheilleagar tuaithe na hAfraice. Beart ceannródaíoch a bhí san athrú sin roimh athrú ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiríodh i gCruinniú Mullaigh Córais Bhia na Náisiún Aontaithe (2021), toradh amháin a bhí air sin ná an gealltanas a thug 148 dtír, lena n-áirítear Éire agus go leor tíortha san Afraic, tabhairt faoi 'chonairí náisiúnta maidir le claochlú córas bia'.

Bhí an tUasal Arnold ina Chathaoirleach ar Thascfhórsa Thuath na hAfraice Afraic de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus ar fhreagra na hÉireann, an Tascfhórsa Náisiúnta Thuath na hAfraice (NTTRA) roimhe seo.

Bunaíodh Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice (IARDC) ag eascairt as moladh i dtuarascáil NTTRA.