Fógraíonn an tAire athruithe ar rialacha Eitinne chun ligean d’fheirmeoirí a bhfuil srianta orthu eallach a thabhairt isteach ina dtréadaí bó - Fáiltíonn an tAire roimh an gcéim thábhachtach seo
- Foilsithe: 30 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, fógra a dhéanamh maidir le hathruithe faoi rialacháin Eitinne nua ón AE, a chuirfidh ar chumas feirmeoirí a bhfuil tréadaí acu le srianta orthu, eallach a thabhairt isteach agus athstocáil a dhéanamh fad is atá briseadh síos eitinne i bhfeidhm. Rachaidh an t-athrú tairbheach seo chun leasa feirmeoirí atá ag dul trí bhriseadh síos Eitinne ó Dé Luain 2 Lúnasa.
Is mar thoradh ar fhorálacha nua faoin Dlí AE maidir le Sláinte Ainmhithe atá sé seo ag tarlú, a bhainean na riachtanais a bhí ann roimhe seo go mbeadh tástáil déanta ag tréad a bhí faoi shrianta eitinne, ag léiriú nach raibh aon eitinn sa tréad, sula bhféadfaí eallach nua a chur isteach ann. Chruthaigh an fhoráil sin deacrachtaí suntasacha i dtaca le bainistíocht feirme agus leanúnachas gnó fad is a bhí srianta eitinne i bhfeidhm, go háirithe i gcás feirmeoirí a bhíonn ag ceannach eallach stóir.
Faoi na rialacha nua, sa chás go gcuireann feirmeoir plean maolaithe riosca le chéile don tréad atá faoi shrianta, agus é faofa ag an Oifig Tréidliachta Réigiúnach, is féidir cead a thabhairt chun stoc a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh an plean praiticiúil, pragmatach, agus cabhróidh sé leis an bhfeirmeoir an riosca a laghdú go dtarlóidh briseadh síos eitinne arís nó ceann faidréiseach sa tréad. Chomh luath is a dhéantar an plean a fhaomhadh agus é a chur i bhfeidhm, beifear ábalta eallach a bhogadh, faoi cheadúnas, isteach sa tréad atá faoi shrianta.
Pléadh an t-athrú seo ag trí chruinniú de chuid an Ghrúpa Oibre Cur i bhFeidhm den Fhóram Eitinne. Tar éis na gcruinnithe seo, forbraíodh nós imeachta bunaithe ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara chun go mbeidh ar chumas feirmeoirí leas a bhaint as an tsolúbthacht nua seo. Ina theannta sin, rachaidh an t-athrú seo chun tairbhe na bhfeirmeoirí a bhfuil tréadaí acu nach bhfuil srianta orthu agus ar mian leo a stoc a dhíol le ceannaitheoir ar a gcuirfear srianta ar a thread ina dhiaidh sin.
Dúirt an tAire
“Is léir go gcruthaíonn briseadh síos eitinne strus ollmhór ar fheirmeoirí agus ar a dteaghlaigh. Leis an athrú nua seo, beidh sé níos simplí leanúint le gnó na feirmeoireachta nuair atá tréadaí srianta i gceist, agus ag an am céanna maolófar an riosca de bhriseadh síos faidréiseach nó go dtarlóidh sé arís. Leis an bhforbairt dhearfach seo, in éineacht leis an bpolasaí nua rathúil maidir le heallach a bhfuil tástáil neamhchinnte acu, dírítear aird ar an ról fiúntach a imríonn an Fóram Eitinne agus a Ghrúpa Oibre Cur i bhFeidhm. Tá tiomantas agus díogras an ghrúpa seo ag déanamh an-difríocht maidir le dul i ngleic leis an eitinn bhólachta agus le feirmeoirí agus a n-eallaí a chosaint ó bhriseadh síos Eitinne.”
Moltar d’fheirmeoirí ar mhaith leo leas a bhaint as an bpolasaí nua seo, teagmháil a dhéanamh lena nOifig Tréidliachta Réigiúnach.