Fógraíonn an tAire dáta breise do na seimineáir ghréasáin Halla Baile Dé Máirt, an 10 Lúnasa maidir leis an gComhairliúchán Poiblí ar an dréacht-idirghabháil do Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027
- Foilsithe: 13 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 24 Lúnasa 2021
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., dáta breise inniu don seimineár gréasáin Halla Baile a bheidh ar siúl Dé Máirt, an 10 Lúnasa mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar an dréacht-idirghabháil a bheartaítear do Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027. Seoladh an comhairliúchán an 30 Iúil, agus beidh sé ar siúl ar feadh tréimhse ceithre seachtaine, go dtí an 27 Lúnasa. Cuirfidh an dáta breise deis eile ar fáil do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas. Tá páipéar nua samhaltaithe ar na híocaíochtaí díreacha ar fáil anois ar Item was unpublished or removed
Dúirt an tAire McConalogue:
“Dúirt mé i gcónaí go rachainn i gcomhairle go fairsing chun éisteacht le dearcthaí na bpáirtithe leasmhara go léir chun an t-eolas iomlán a sholáthar do mo chinntí faoi íocaíochtaí díreacha a athdháileadh, íocaíochtaí díreacha a chaidhpeáil agus a choinbhéirsiú, agus faoi conas is fearr cuspóirí geilleagracha, comhshaoil agus sóisialta an CBT a bhaint amach, mar shampla. Cuirfidh an páipéar samhaltaithe is déanaí eolas ar fáil do pháirtithe leasmhara ar an tionchar a imreoidh roinnt athruithe féideartha ar íocaíochtaí díreacha a dhéantar le feirmeoirí. Beidh deis ag páirtithe leasmhara níos mó a chloisteáil faoin samhaltú ag trí na trí chruinniú halla baile fhíorúla a bheidh ar siúl an 10, an 11 agus an 12 Lúnasa. Beidh deis ar fáil ceisteanna a chur ar an oíche, nó iad a sheoladh ar aghaidh roimh ré. Anuas air sin, is féidir aighneachtaí scríofa a dhéanamh le mo Roinn sa phost nó ar ríomhphost go dtí an 27 Lúnasa. Beidh deis ar fáil freisin an suirbhé ar líne a fhreagairt.”
Spreag sé na páirtithe leasmhara go léir tabhairt faoin bpróiseas,
“Táim ag súil go mór le dearcthaí na bpáirtithe leasmhara go léir a chloisteáil agus cuirfidh an t-imeacht breise halla baile a bheidh ar siúl Dé Máirt an tseachtain seo chugainn dáta eile ar fáil do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phlé seo.”
Ba cheart aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig CAPStrategicPlan@Agriculture.gov.ie
nó sa phost chuig:
An Rannán um Fhorbairt Tuaithe an CBT,
Áras Talmhaíochta,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath
D02 WK12
Ba cheart ‘dréacht-idirghabháil do Phlean Straitéiseach an CBT’ a scríobh ar aighneachtaí.
Cuirfear taifeadadh den seimineár gréasáin agus den chur i láthair ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne go luath i ndiaidh an imeachta.
Nótaí d’eagarthóirí
Buntacóidh Plean Straitéiseach CBT na hÉireann (PSCBT) don tréimhse 2023-2027 le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar earnáil feirmeoireachta agus bhia na hÉireann trí thacú le hioncaim inmharthana feirme agus barr feabhais a chur ar iomaíochas, trí chreatlach shocheacnamaíoch cheantair thuaithe a fheabhsú, agus trí chur le cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta agus AE.
Is éard a bheidh sa PSCBT nua ná athrú ar chur chuige i leith phleanáil agus chur i bhfeidhm an CBT i gcomparáid le clárthréimhsí roimhe seo. In ionad an chuir chuige atá bunaithe ar chomhlíonadh agus a bhfuil cur amach air agus ar cloíodh leis roimhe seo, glacfar le cur chuige nua feidhmíochtbhunaithe. Buntacóidh ‘Samhail Soláthair Nua’ leis seo, faoina mbreithneofar feidhmíocht na mBallstát i dtaobh aschuir agus torthaí, agus conas a chuireann a PSCBTanna le cuspóirí an CBT ar leibhéal an AE. Glacfaidh an PSCBT le cur chuige iomlánaíoch freisin, ina gcuimsítear idirghabháil faoi Cholún I (Íocaíochtaí Díreacha agus Idirghabháil Earnála) agus Colún II (Forbairt Tuaithe) isteach i bplean amháin, ar an iomlán.
Is é an comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir leis an dréacht-idirghabháil do Phlean Straitéiseach an CBT an chéad chéim an-tábhachtach eile chun Plean na hÉireann a fhorbairt. Forbraíodh an dréacht-idirghabháil ar a dtugtar cuntas bunaithe ar ionchur páirtithe leasmhara, chomh maith leis an obair ullmhúcháin a rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (ach go háirithe, an obair a rinneadh ar an anailís SWOT agus an Measúnú ar Riachtanais a theastaíonn faoi Rialachán Phlean Straitéiseach an CBT), i gcomhairle le Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile.
Lena chinntiú go mbaintear an t-ionchur uasta i measc páirtithe leasmhara amach ag an gcéim seo de phróiseas dearaidh an PSCBT, tá an dá shnáithe seo a leanas sa chomhairliúchán:
a. aighneachtaí scríofa, a dtugtar cuireadh dóibh ó pháirtithe leasmhara faoin dáta deiridh, an 27 Lúnasa agus an rogha a bheith ann é sin a dhéanamh trí shuirbhé ar líne EUSurvey - Suirbhé (europa.eu)
b. cruinnithe fíorúla halla baile, a bheidh ar siúl an 10, an 11 agus an 12 Lúnasa ag 7pm.
Tabharfar faoi cruinnithe fíorúla halla baile trí Sheimineár Gréasáin. Beidh sonraí breise orthu seo ar fáil ag Item was unpublished or removed
Léireofar na freagairtí a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí i ndréachtleagan de Phlean Straitéiseach foriomlán an CBT a chuirfear faoi bhráid meastóirí seachtracha go luath i Meán Fómhair. I ndiaidh go gcríochnófar a gcuid oibre, cuirfear plean nuashonraithe ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí breise i nDeireadh Fómhair/Samhain. Cuirfear an plean deiridh faoi bhráid an Rialtais lena cheadú i mí na Nollag sula gcuirfear faoi bhráid Choimisiún an AE faoin spriocdháta an 1 Eanáir 2022 é. Ceadófar tréimhse 6/8 mí do Choimisiún an AE chun an plean a cheadú. Cuirfear tús le Plean Straitéiseach an CBT an 1 Eanáir 2023.
CRÍOCH