English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett €1.5 milliún breise chun an Scéim Deontais Infheistíochta um Phróiseáil Orgánach a athoscailt

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, athoscailt na Scéime Deontais Infheistíochta um Phróiseáil Orgánach (OPIG) inniu. Tá buiséad €1.5 milliún ag an sciar seo den scéim chun tacú le hinfheistíochtaí in earnáil próiseála orgánaí na hÉireann. Tugann sé seo an cúnamh deontais atá ar fáil do phróiseálaithe orgánacha in 2024 a fhad le €3 mhilliún.

Agus an scéim á fógairt aici, dúirt an tAire Hackett:

“Níos luaithe i mbliana d'oscail mé OPIG le ráta deontais nua 60% níos airde agus buiséad €1.5 milliún. Mar gheall ar éileamh nach raibh coinne leis, tá lúcháir orm anois a fhógairt go bhfuil €1.5 milliún eile á chur ar fáil don scéim. Tar éis fhoilsiú na Straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas 2024-2027 tá sé mar sprioc ag an Stát anois 10% de tháirgí orgánacha a cheannach nuair atá bia á fháil. Caithfimid a chinntiú gur bia orgánach na hÉireann an oiread agus is féidir den bhia seo.”

Dúirt an tAire Hackett

“Tá a fhios agam ó bheith ag labhairt le próiseálaithe go bhfuil spéis shuntasach i scéim OPIG, a osclóidh ar an 14 Bealtaine agus a bheidh oscailte do dtí an 14 Meitheamh. Léiríonn an scéim seo, mar aon le hobair leanúnach Bhord Bia agus na hearnála ar fad d'fheirmeoirí orgánacha go bhfuilimid ag déanamh gach iarrachta a chinntiú go mbeidh éileamh láidir ar a dtáirgí i margaí intíre agus idirnáisiúnta araon. Tá borradh ag teacht ar an bhfeirmeoireacht orgánach, agus 1000 feirmeoir breise ag déanamh an chinnidh i mbliana feirmeoireacht a dhéanamh go horgánach, rud a chiallaíonn go bhfuil os cionn 5,000 feirmeoir orgánach againn in Éirinn anois. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaightear préimh mhargaidh le haghaidh aschur orgánach. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh inár n-earnáil phróiseála, rud a ligeann do phróiseálaithe orgánacha éifeachtúlachtaí agus cumas a mhéadú, chuige sin. Agus d'aon fheirmeoir atá ag smaoineamh go gníomhach ar athrú chuig táirgí orgánacha, nó má tá tú fiosrach faoina bhfuil i gceist, mholfainn go láidir duit freastal ar shiúlóid feirme orgánach an samhradh seo."

Cuireann scéim OPIG maoiniú ar fáil do phróiseálaithe ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt áiseanna chun táirgí orgánacha a phróiseáil, a ullmhú, a ghrádú, a phacáil agus a stóráil.

DEIREADH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Osclófar Scéim OPIG i gcodanna; beidh an chuid seo oscailte ón 14 Bealtaine go dtí an 14 Meitheamh 2024. Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Deontais, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil ón Rannóg Táirgí Orgánacha agus Tacaíochtaí Margaidh, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ó Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman agus ar shuíomh gréasáin na roinne ag: Scéim Deontais Infheistíochta um Phróiseáil Orgánach: Téarmaí agus coinníollacha.

Maoinítear an scéim tacaíochta orgánaí seo ón Státchiste Náisiúnta.

Iarratais le fáil tríd an bpost nó trí ríomhphost ar an 14 Meitheamh 2024 nó roimhe sin.

Tá téarmaí agus coinníollacha na Scéime mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne.

Tá faisnéis faoin bPlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas ar fáil ag

Soláthar Poiblí Glas

Tá sonraí faoi shiúlóidí feirme “Táirgí Orgánacha a Fhás” atá le teacht ar fáil ag Siúlóidí Feirme