Fógraíonn an tAire Hackett Athbhreithniú Neamhspleách ar thacaíochtaí na Scéime um Chríonadh Siar Fuinseoige

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett Athbhreithniú Neamhspleách ar thacaíochtaí na Scéime um Chríonadh Siar Fuinseoige

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as cúrsaí foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil athbhreithniú neamhspleách ar bun ar scéim tacaíochta um chríonadh siar fuinseoige a Roinne.

Déanfaidh an grúpa athbhreithniú ar na tacaíochtaí reatha agus ar thacaíochtaí roimhe seo atá ar fáil d’úinéirí talún le plandálacha fuinseoige maoinithe faoin gClár Foraoiseachta Náisiúnta atá ionfhabhtaithe le Chalara anois agus déanfaidh sé moltaí faoi na tacaíochtaí sin chuig an Aire laistigh de thrí mhí.

Beidh an grúpa comhdhéanta de thriúr ball de Bhord an Tionscadail a dhéanfaidh maoirseacht ar chur i bhfeidhm Thionscadail na Coillearnaí:

  • Jo O’Hara, iar-Phríomhfheidhmeannach Choimisiún Foraoiseachta na hAlban;
  • Jerry Grant, iar-Stiúrthóir Bainistíochta Uisce Éireann
  • An Dr. Matt Crowe, iar-Stiúrthóir an GCC

Dúirt an tAire Hackett

“Ar an drochuair tá críonadh siar na fuinseoige eindéimeach inár dtuath anois. Go dtí seo tá breis is €9m curtha ar fáil ag mo Roinn mar thacaíocht d'úinéirí talún a bhfuil plandálacha ionfhabhtaithe acu trína suíomhanna a bhaint agus a athphlandáil le speicis eile. Táimid tar éis na rátaí seo a dhúbailt le déanaí freisin. Agus muid ag druidim le 10 mbliana de na tacaíochtaí seo, d'éist mé le húdair imní na n-úinéirí talún agus chuir mé de chúram ar ghrúpa neamhspleách athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí reatha na Roinne. Tá Jo O’Hara, Jerry Grant agus Matt Crowe tar éis an-chúnamh a thabhairt chun Tionscadail na Coillearnaí a sholáthar agus táim buíoch as a dtoilteanas tabhairt faoin tasc breise seo.

Dúirt an tAire freisin

“Tá iarratais ar chúnamh faighte ag mo Roinn faoi na scéimeanna seo do bheagnach 6,500 heicteár d'fhuinseog le cúnamh deontais go dtí seo. Tá sé tábhachtach agus clár nua Foraoiseachta á thabhairt isteach go leanfaidh feirmeoirí de bheith muiníneach as na scéimeanna Foraoiseachta agus beidh an t-athbhreithniú seo thar a bheith tráthúil. Beidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ina chuid riachtanach den Athbhreithniú agus beidh an Grúpa i dteagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara lena chinntiú go gcloisfear a nguth. Táim ag súil le tuarascáil deiridh an ghrúpa a fháil roimh an 15 Meán Fómhair agus breithneoidh mé a mholtaí go hiomlán ina dhiaidh sin.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is iad seo a leanas na Téarmaí tagartha don Athbhreithniú:

1. Athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí reatha RTBM d'Úinéirí Talún atá buailte ag Críonadh Siar na Fuinseoige i bplandálacha a fhaigheann deontas;

2. Dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha chun a dtuairimí a fháil ar na tacaíochtaí reatha d’úinéirí talún;

3. Moltaí a dhéanamh don Aire maidir le héifeachtacht na dtacaíochtaí sin

  • Aimsíodh an Galar Críonadh Siar Fuinseoige (Hymenoscyphus fraxineaus) in Éirinn den chéad uair ar an 12 Deireadh Fómhair 2012 ag láithreán plandála foraoiseachta a cuireadh i 2009 le crainn a allmhairíodh ó mhór-roinn na hEorpa.
  • I mí an Mhárta 2013, cuireadh Scéim Athbhunaithe (Chalara Críonadh Siar na Fuinseoige) i bhfeidhm chun foraoisí a cuireadh faoin scéim choillteoireachta agus a d’fhulaing, nó a raibh baint acu le plandaí a raibh galar orthu, a athchóiriú.
  • Tar éis Athbhreithniú ar an bhFreagra Náisiúnta ar Ghalar Críonadh Siar na Fuinseoige a d’eascair as comhairle eolaíoch agus fianaise nach bhfuil sé indéanta a thuilleadh galar críonadh siar na fuinseoige a dhíothú, seoladh an Scéim Athbhunaithe agus Fophlandaithe (Críonadh Siar Fuinseoige) i mí an Mheithimh 2020.
  • Ba é cuspóir na scéime SAF gach crann fuinseoige a ghlanadh agus speicis eile a athphlandáil. Soláthraíodh deontais le haghaidh glanadh suímh agus athphlandú chun na costais a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a chlúdach agus leanadh de phréimheanna a íoc nuair a bhí na conarthaí fós i bpréimh.
  • Tá iomlán de €9.2 milliún caite go dtí seo ar an dá scéim.
  • I mí Márta na bliana seo, thug an tAire Hackett isteach Scéim Eatramhach Athbhunaithe do Chríonadh Siar na Fuinseoige trí de minimis ginearálta ina bhfuil dúbailt ar rátaí glanta suímh, rátaí méadaithe deontais agus réimeas préimhe feabhsaithe. Áirítear na gnéithe feabhsaithe seo a leanas leis an scéim eatramhach:
  • Méadú 100% ar an ráta deontais glanta suímh ó €1,000 go €2,000.
  • Rátaí deontais feabhsaithe de réir an dréachtchláir Foraoiseachta 2023-2027
  • Leanfaidh na hiarratasóirí sin a bhfuil a suíomhanna fós faoi phréimh ag fáil na préimhe atá dlite do na blianta atá fágtha.
  • Ina theannta sin, dóibh siúd a fhaigheann ráta préimhe d’fheirmeoirí, íocfar préimh bhreisithe atá comhionann leis an difríocht idir an cineál foraoiseachta comhionann agus an phréimh reatha. Déanfar é seo a ríomh do na blianta atá fágtha sa phréimh agus íocfar in aon suim amháin é.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat