Fógraíonn an tAire Hackett feachtas margaíochta náisiúnta €1 milliún do tháirgí orgánacha na hÉireann
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go gcuirfidh Bord Bia tús leis an bhfeachtas náisiúnta is mó riamh do tháirgí orgánacha na hÉireann. Cuirfear tús leis an bhfeachtas ar an 6 Samhain agus beidh sé ar siúl go dtí an 17 Nollaig, agus beidh an dara feachtas ar siúl in earrach 2024. Rinne an tAire an fógra ag seó Trádála Idirnáisiúnta Natexpo do tháirgí orgánacha i bPáras. Tá an tAire Hackett ag freastal ar an seó le Bord Bia agus roinnt táirgeoirí orgánacha Éireannacha ag leanúint ar aghaidh lena
n-iarrachtaí chun an margadh do tháirgí orgánacha Éireannacha a fhás ar fud na hEorpa.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Pippa Hackett:
“Is gné ríthábhachtach eile é an feachtas spreagúil nua seo ó Bhord Bia de thiomantas mo Roinne borradh a chur faoi earnáil orgánach na hÉireann mar atá leagtha amach sa straitéis Fís don Bhia 2030. Is é seo an ceann is déanaí i sraith leanúnach beart beartais chun tacú le feirmeoirí orgánacha agus le fás na hearnála orgánaí in Éirinn. Le déanaí, d'aimsigh mé maoiniú €57 milliún d’fheirmeoirí orgánacha faoi Bhuiséad 2024. Is ardú 54% é seo ar bhuiséad na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach na bliana seo agus cuireann sé leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le maoiniú d’fheirmeoirí orgánacha. Chomh maith leis sin, bhunaíomar i mbliana an clár monatóireachta feirme ‘Growing Organics’ le Teagasc chun tacú le sármhaitheas san fheirmeoireacht orgánach agus chuireamar maoiniú €1.7 milliún, arna thacú ag Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), ar fáil don Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánach. Éiríodh leis an bhfeachtas Bord Bia seo a sholáthar mar gheall ar obair mo Roinne maidir le faomhadh a fháil chun €1.5 milliún de mhaoiniú BAR a leithdháileadh ar Bhord Bia chun táirgí orgánacha a chur chun cinn.”
Chuaigh breis agus 2,000 feirmeoir isteach sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach in 2023, rud a d’fhág dúbailt ar líon na bhfeirmeacha orgánacha in Éirinn. Tá thart ar 180,000 heicteár faoi tháirgeadh orgánach in Éirinn anois, sin 4% den talamh talmhaíochta sa tír. Díríonn an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide ar mhéadú ar an limistéar talún atá faoi tháirgeadh orgánach go thart ar 445,000 heicteár, nó 10% den talamh, roimh 2030.
Dúirt Emmet Doyle, Bainisteoir na hEarnála Orgánaí, Bord Bia:
“Sna trí bliana amach romhainn, táimid ag súil le méideanna méadaithe bianna orgánacha a tháirgtear in Éirinn. Is é aidhm an fheachtais rogha na dtomhaltóirí do bhia agus deochanna orgánacha na hÉireann a mhéadú in éineacht leis an infhaighteacht mhéadaithe seo.”
D'oibrigh Bord Bia le príomhpháirtithe leasmhara orgánacha le linn fhorbairt an fheachtais tríd an bhFóram Orgánach, atá comhdhéanta de phríomhpháirtithe leasmhara an tionscail orgánaigh, eagraíochtaí feirme, miondíoltóirí agus próiseálaithe san áireamh.
Lean Emmet Doyle ar aghaidh:
“Mar ullmhúchán don fheachtas, chaitheamar sé mhí ag déanamh taighde tomhaltóra le breis agus 2,500 siopadóir orgánach Éireannach, chun níos mó a fhoghlaim faoi dhearcthaí i leith táirgí orgánacha agus faoi iompraíochtaí siopadóireachta. Agus an t-eolas seo againn, shainaithníomar dhá ghrúpa siopadóirí le díriú orthu. Is iad seo an grúpa idir eatarthu siopadóirí orgánacha: féadfaidh siad roinnt táirgí orgánacha a cheannach, ach níl sé mar thosaíocht dóibh an t-am ar fad nó d'fhéadfaidís cuardach gníomhach a dhéanamh ar earraí orgánacha ach d'fhéadfadh an praghas a n-intinn a athrú. Tabharfaidh an feachtas aghaidh air seo trí oideachas a chur ar thomhaltóirí faoi bhia agus deochanna orgánacha na hÉireann, agus trí iad a spreagadh chun níos mó earraí orgánacha na hÉireann a cheannach agus chun iad a cheannach níos minice.”
De réir an staidéir, ceannaíonn breis agus ochtar as gach deichniúr siopadóirí Éireannacha bia agus deoch orgánach go pointe áirithe. Maíonn siopadóir amháin as gach beirt go gceannaíonn siad feoil orgánach agus/nó táirgí déiríochta orgánacha ar bhonn seachtainiúil, agus is iad uibheacha agus glasraí an chatagóir is mó do shiopadóirí orgánacha.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá plean straitéiseach nua faoi stiúir an mhargaidh d'fhorbairt na hearnála orgánaí á fhorbairt faoi láthair. Forbraíodh an Straitéis Orgánach Náisiúnta reatha in 2019 agus beidh sí i bhfeidhm go dtí 2025 agus déanfaidh an Straitéis nua forbairt na hearnála a phleanáil go dtí 2030 de réir Fhís don Bhia 2030.