English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett glaoch ar Bhia Orgánach a Chur Chun Cinn in Éirinn

D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett, go bhfuil Glaoch poiblí á chur amach ag a Roinn ar thograí nuálaíocha chun na tairbhí ilfheidhmeacha atá ag feirmeoireacht orgánach in Éirinn a chur chun cinn.

Dúirt an tAire Hackett:

“Agus méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaoine páirteach sa scéim um Fheirmeoireacht Orgánach le 12 mhí anuas, tá deis fáis níos mó ná riamh ann agus is mithid maoiniú a chionroinnt ar thionscadail a mhíníonn an mhaitheas a bhaineann le bia orgánach agus a chuireann a chuid buanna chun cinn. Tá lucht feirmeoireachta orgánaí tugtha d’aird a thabhairt ar mhodhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus iad a chur i bhfeidhm, ar miste leo faoi leas ainmhithe, agus faoi scoth na dtáirgí talmhaíochta a tháirgeadh, agus ithreacha a shaothrú ar bhealach éiceabhách. Is iomaí tairbhe don fheirmeoir, don talamh, don timpeallacht agus do lucht ite na dtáirgí. Cabhróidh an glaoch seo chun aird an phobail a tharraingt ar go leor de na tairbhí seo.”

Beidh an glaoch i gcomhair na tréimhse, 2023-2024 ar oscailt ón 6ú lá de mhí Iúil 2023 go dtí an 04ú lá de mhí Lúnasa 2023. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh i ríomhphost chuig organicpolicy@agriculture.gov.ie nó a chur sa phost chuig an Aonad Beartas um Chúrsaí Orgánacha, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman.

Tá an fhoirm iarratais agus na sonraíochtaí teicniúla le fáil ag an nasc seo: https://www.gov.ie/en/publication/fc7c8-organic-farming/#organic-projects

CRÍOCH