Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett infheistíocht dar luach €10 milliún san Earnáil Ghairneoireachta

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil an Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt ar oscailt.

Agus í ag tabhairt sonraí maidir leis an Scéim iomaíoch, atá ar oscailt do shaothróirí i ngach earnáil ghairneoireachta, agus a chuirfidh cúnamh deontais caipitil ar fáil ar ráta suas go 40% ar na hinfheistíochtaí ar fad atá ceadaithe, dúirt an tAire:

‘’Táim lánsásta a bheith in ann oscailt Scéim 2023 a fhógairt a bhfuil buiséad €10 milliún aici, méadú maoinithe 11% i gcomparáid le 2022. Léiríonn sé seo tiomantas an Rialtais don earnáil agus í ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin atá i ndán di”.

Clúdaíonn an scéim gach cineál gairneoireachta, lena n-áirítear glasraí, muisiriúin, barra bia cosanta, barra taitneamhachta, torthaí boga, agus úlla, go dtí an bheachaireacht. Is í aidhm na scéime ná cleachtais nach bhfuil díobhálach don chomhshaol a éascú, éagsúlú gníomhaíochtaí ar an bhfeirm a chur chun cinn, agus caighdeán táirgí agus coinníollacha oibre a fheabhsú. Ní hamháin go gcabhraíonn an scéim seo le táirgeoirí reatha, cabhraíonn sí le hiarrthóirí atá ag tosú amach sa ghairneoireacht freisin, agus beidh feirmeoirí óga cáilithe in ann cúnamh deontais suas go 50% a fháil.

Cuireadh sonraí na scéime in iúl don Choimisiún Eorpach de réir na dTreoirlínte maidir le Státchabhair agus ní cheadófar formheas ceada le haghaidh cúnaimh d'infheistíochtaí faoin Scéim ach amháin tar éis ceadú an Choimisiúin Eorpaigh a fháil de réir Chinneadh an Choimisiúin ar an mbeart.

Dúirt an tAire Hackett

“Bhí an bhliain seo an-dúshlánach don earnáil ghairneoireachta. Tá an Scéim seo ríthábhachtach chun iomaíochas na saothróirí a fheabhsú trí thacaíocht a thabhairt d'athinfheistíocht sa ghnó agus trí theicneolaíochtaí nuálacha a ghlacadh chun an earnáil a chur ar bhealach geilleagrach, atá feasach ó thaobh na timpeallachta agus atá inbhuanaithe ar bhonn sóisialta. Tá an Scéim á seoladh inniu chun cur isteach na n-iarratas ag saothróirí a éascú agus molaim do na hiarrthóirí ar fad baint a bheith acu leis an Scéim agus cloí leis an spriocdháta, an 30 Meitheamh.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Tá Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 100% maoinithe ag Rialtas na hÉireann. Méadaíodh an maoiniú ó €9 milliún i mBuiséad 2022 go €10 milliún i mBuiséad 2023.
  • Is é an 30 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh iarratas do Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt.
  • Ní cheadófar formheas cúnaimh d'infheistíochtaí faoin Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt ach amháin tar éis ceadú an Choimisiúin Eorpaigh a fháil de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i bpointe 1.1.1.1. i Treoirlínte ón Aontas Eorpach maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (2022/C485/01)
  • Is féidir Foirmeacha Iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime a fháil ar shuíomh gréasáin an RTBM anseo nó is féidir ríomhphost a chur chuig horticulturegrants@agriculture.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat