Fógraíonn an tAire Heydon €4 mhilliún do 21 tionscadal taighde nua atá dírithe ar bheartas
- Foilsithe: 16 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as taighde, Martin Heydon TD, maoiniú dár luach €4 mhilliún do 21 tionscadal taighde nua atá dírithe ar bheartas. Eascraíonn na dámhachtainí as Gairm Thaighde 2024 na Roinne ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach.
Tá tionscadail a bhaineann le heitinn bhólachta, dramhaíl bia, straitéis náisiúnta ithreach agus clár monatóireachta, agus dearcthaí agus iompraíochtaí i leith maolú ar an athrú aeráide i measc na dtionscadal sin ar bronnadh maoiniú orthu faoi ghairm 2024.
Ag labhairt dó ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Thug mé isteach ionstraim maoinithe taighde nua in 2022 atá dírithe ar thacú le tionscadail ghearrthéarmacha a thugann aghaidh go díreach ar shaincheisteanna beartais, straitéise nó rialála sna hearnálacha agraibhia, foraoise agus bithgheilleagair. Ó shin i leith, bhí áthas orm maoiniú a bhronnadh ar 25 tionscadal agus inniu, táim ag tógáil air seo le €4 mhilliún sa bhreis do 21 tionscadal nua”.
Bhí 28 réimse dúshláin agus deiseanna i ngairm 2024 a forbraíodh ar fud na Roinne, faoi cheannteidil leathana na sábháilteachta bia, sláinte agus leas ainmhithe, talmhaíochta, inbhuanaitheachta comhshaoil, bithgheilleagair agus foraoiseachta. Is féidir le tionscadail maireachtáil suas le 12 nó 24 mí ar fad, le maoiniú suas le €100,000 nó €250,000, faoi seach.
Ag labhairt dó faoi Ghairm 2024, dúirt an tAire Heydon:
“Tá raon leathan réimsí beartais clúdaithe ag na tionscadail rathúla. Áirítear leis seo trí thionscadal a bhaineann le heitinn ina scrúdófar bearta bithshlándála agus cumarsáid, samhaltú le haghaidh dinimic daonra broc, agus an bhaint idir cliseadh eitinne bólachta i dtréad agus stádas cothaitheach, meitibileach agus imdhíonachta tréada.”
“Tá áthas orm freisin a bheith in ann maoiniú a bhronnadh ar dhá thionscadal a thugann aghaidh go díreach ar mholtaí an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia: imscrúdú a dhéanamh ar indéantacht próiseála barr olashíl in Éirinn, agus measúnú indéantachta ar mhuilleoireacht beatha orgánaí,” a dúirt an tAire.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
“Tá mo Roinn tiomanta do thaighde ar ardchaighdeán ar mhaithe leis an bpobal a mhaoiniú a théann i ngleic le bearnaí eolais agus a fhorbraíonn an fhianaise maidir le beartas, straitéis agus rialáil phoiblí. Cuirfidh an 21 tionscadal seo go mór leis seo agus táim ag tnúth lena dtorthaí agus lena n-aschuir sa dá bhliain amach romhainn”.
DEIREADH
Nótaí don eagarthóir
Tionscadail ar tugadh tacaíocht dóibh:
Tionscadail ar tugadh dámhachtain dóibh faoi Ghairm 2024 ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach
Staitisticí Gairme:
• Bainfidh naoi nEagraíocht Déanta Taighde Éireannacha leas as na dámhachtainí, lena n-áirítear:
o An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
o Ollscoil na Gaillimhe,
o Ollscoil Luimnigh,
o Coláiste na hOllscoile, Corcaigh,
o Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan,
o Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,
o Ollscoil Mhá Nuad,
o Teagasc,
o Garraithe Náisiúnta na Lus.
• Cruthófar 36 post ar conradh do thaighdeoirí iardhochtúireachta (19) agus do thaighdeoirí eile (17)
• Is é cothromaíocht inscne na gcomhordaitheoirí tionscadail ná 10 bhfear agus 11 bhean