Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon €4.2 milliún do 19 dtionscadal taighde nua dírithe ar bheartas

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, dámhachtainí os cionn €4.2 milliún inniu do 19 dtionscadal taighde gearrthéarmach a fhéachann go sonrach ar bheartas atá ag teacht chun cinn agus ar riachtanais straitéiseacha na n-earnálacha agraibhia, foraoiseachta agus bithgheilleagair.

Sheol an Roinn an chéad Ghlao Taighde um Beartas agus Staidéir Straitéiseach (PSSRC) in 2022 mar ionstraim cistiúcháin chun tacú le taighde atá bunaithe ar fhianaise atá ina chuid lárnach de bheartas poiblí a chruthú.

Ag labhairt dó ar fhógairt na ndámhachtainí, dúirt an tAire Heydon:

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh fianaise agus eolas eolaíoch mar bhonn eolais ag beartas poiblí san earnáil agraibhia. Cuirfidh an obair a dhéanfar sna tionscadail seo go díreach le taighde straitéiseach agus gníomhaíochtaí beartais a sheachadadh thar raon réimsí tosaíochta atá san áireamh sa Chlár Rialtas, i bhFís don Bhia 2030, sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus i réimsí eile.”

Clúdaíonn na 19 dtionscadal rathúla, ina bhfuil 12 eagraíocht déanta taighde san iomlán, raon leathan ábhar lena n-áirítear oiriúnú aeráide, rialáil sláinte plandaí agus lotnaidicídí, foraoiseacht, sláinte agus leas ainmhithe, an bithgheilleagar, agus mná san fheirmeoireacht.

Is díol suntais ar leith tionscadail a dhéanann measúnú ar éifeachtúlacht astuithe gáis cheaptha teasa na gcóras mairteola agus déiríochta in Éirinn; scrúdú ar bhealaí inbhuanaithe agus cothroma do mhná faoin tuath san fheirmeoireacht; forbairt suíomhanna taispeána bithgheilleagair i Lár na Tíre; iniúchadh ar thionchar fianna ar bhithéagsúlacht; agus measúnú ar an tionchar atá ag creat rialúcháin maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Heydon:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na taighdeoirí a bhí páirteach sna 19 dtionscadal seo as cistiú a fháil ó ghlao iomaíoch a raibh dianphróiseas meastóireachta i gceist leis. Guím gach rath orthu ina gcuid oibre agus táim ag tnúth leis na torthaí a fheiceáil ag cur le forbairt na mbeartas agus na gclár atá á stiúradh ag mo Roinn.”

CRÍOCH

Foscríbhinn an Ghrianghraif:

Cuireann Ceann an Chláir Comhshaoil, Barraí agus Úsáide Talún de chuid Teagasc, John Spink [ar dheis] agus an tOifigeach Taighde Stephen Kildea [ar chlé] an tAire Heydon [lár] ar an eolas faoin obair a dhéanfar ar thrí thionscadal taighde a bronnadh ar Theagasc Pháirc na Darach mar chuid den PRSSC.

Thug an tAire Heydon cuairt ar Theagasc Pháirc na Darach Dé Máirt chun taighde a fheiceáil atá á dhéanamh ar straitéisí rialaithe galar inbhuanaithe do bharra curaíochta agus prátaí na hÉireann.

NÓTAÍ

  • Tá tacaíocht airgeadais do Ghlao PSSRC 2022 á soláthar tríd an gClár Taighde de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

An tSraith Taighde um Beartas agus Staidéir Straitéiseach

  • Rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a clár taighde a nuashonrú in 2021 trí chúig shnáithe nua a chur in ionad na dtrí shnáithe de FIRM, Stimulus agus COFORD, a bhfuil an tSraith Staidéir Straitéiseach ar cheann acu. Tacaíonn an chéad Ghlao faoin gclár seo, an ‘Glao Taighde um Beartas agus Staidéir Straitéiseach’ (PSSRC) le taighde a leathnaíonn an bonn fianaise don Roinn, a thugann eolas agus a thacaíonn le forbairt beartas ar fud na hearnála agraibhia, foraoiseachta agus bithbhunaithe.

Tionscadail cistithe ag PSSRC thíos

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat