Fógraíonn an tAire Heydon infheistíocht in Ionsamhlóirí Láimhsithe Eallaí
- Foilsithe: 17 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon T.D., soláthar maoinithe chuig Teagasc chun ionsamhlóirí breithe lao agus insteallta a sholáthar lena n-úsáid i gcoláistí talmhaíochta agus ionaid taighde.
Agus an fógra á thabhairt aige, dúirt an tAire Heydon:
“Is tosaíocht dom é sláinte, sábháilteacht agus folláine feirme a fheabhsú, agus is dúshlán ar leith é oideachas a chur ar mhic léinn maidir le beostoc a láimhseáil go sábháilte de dheasca an gá atá le dlúth-theagmháil le hainmhithe ar féidir leo éirí corraithe, go háirithe ainmhithe móra. Tabharfaidh an infheistíocht €500,000 seo in 11 ionsamhlóir bhuaibheacha breithe lao agus 11 ionsamhlóir bhuaibheacha insteallta an deis is fearr do mhic léinn a scileanna láimhseála beostoic a fhorbairt go luath ina ngairmeacha”.
Bhí baint ag eallaí i mbeagnach an cúigiú cuid de bhásanna feirme le deich mbliana anuas. Léiríonn sonraí ó Shuirbhé Náisiúnta Feirme Teagasc freisin go bhfuil thart ar 4,500 eachtra neamh-mharfach ar fheirmeacha Éireannacha gach bliain, agus bíonn beostoc bainteach le díreach os cionn leath de na heachtraí seo.
Léirítear gur uirlis oiliúna éifeachtach iad Ionsamhlóirí Buaibheacha a úsáid agus ainmhithe móra á láimhseáil. Trí ionsamhlóir a úsáid, cruthaítear nó déantar coinníollacha a mhacasamhlú mar atá coinníollacha ón bhfíorshaol.
Chuir an tAire Heydon leis an méid seo ag rá:
“Le hoiliúint le hainmhithe beo, tá deiseanna teoranta ag mic léinn gnáthamh a dhéanamh agus an inniúlacht atá ag teastáil a fhoghlaim. Ach le hionsamhlóirí buaibheacha, is féidir le gach mac léinn breith laonna agus scileanna insteallta a chleachtadh i dtimpeallacht shábháilte go dtí go bhfuil siad cumasach agus muiníneach chun dul ar aghaidh go hoiliúint ar ainmhithe beo. Bainfear tairbhe as an infheistíocht seo ní amháin maidir le láimhseáil beostoic atá níos sábháilte ach chomh maith le caighdeán na hoiliúna atá ar fáil ag ár n-ionaid oideachais.”
Úsáidfear na hionsamhlóirí ag coláistí talmhaíochta agus ionaid taighde beostoic Teagasc agus beidh siad ar fáil do mhic léinn a bhfuil cúrsaí á gcríochnú acu sna coláistí agus do mhic léinn ag na hollscoileanna agus na hollscoileanna teicneolaíochta a bhaineann úsáid as saoráidí coláiste don fhoghlaim phraiticiúil. Táthar ag súil go n-úsáidfear na hionsamhlóirí sa bhliain acadúil atá ag teacht.
Agus fáilte á chur aige roimh an bhfógra, mhaígh Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O'Mara;
“Is é oiliúint mhic léinn talmhaíochta an lae inniu an tslí a dhéantar áiteanna níos sábháilte inar féidir obair agus cónaí amach anseo d'fheirmeacha Éireannacha. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha chun oiliúint sláinte agus sábháilteachta na mac léinn seo a fheabhsú, déantar feirmeoirí an lae amárach a ullmhú le scileanna chun gnáthchúraim le beostoc a dhéanamh ar bhealach níos sábháilte.”
Ghabh Ceann Oideachais Teagasc, an Dr Anne-Marie Butler, buíochas leis an Aire Heydon agus a Roinn as maoiniú a chur ar fáil chun ionsamhlóirí a sholáthar. Dúirt an Dr Butler an méid seo a leanas:
“Is iontach é feidhmiú leis an Aire agus a fhoireann chun tacaíocht dár bhfoghlaimeoirí ar fud na tíre a aontú. Ligeann úsáid na n-ionsamhlóirí inár dtimpeallachtaí foghlama d'fheidhm na hoiliúna sláinte agus sábháilteachta i gcleachtas gníomhach, rud atá thar a bheith luachmhar. Bainfidh níos mó ná 5,000 foghlaimeoir in aghaidh na bliana tairbhe as na hionsamhlóirí nua seo ar fud ár gcúrsaí lánaimseartha, páirtaimseartha agus cianchúrsaí.”
CRÍOCH