Fógraíonn an tAire Heydon teacht feabhsaithe ar easpórtálacha mairteola na hÉireann chuig an tSeapáin
- Foilsithe: 12 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as forbairt margaí nua, Martin Heydon, T.D., inniu gur baineadh comhaontú amach le húdaráis na Seapáine maidir le feoil mhionaithe agus ullmhúcháin feola na hÉireann a easpórtáil.
I ndiaidh gur tugadh idirbheartaíocht chun críche idir a oifigigh agus a gcontrapháirteanna san Aireacht Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Iascaigh agus san Aireacht Sláinte, Saothair agus Leasa, dúirt an tAire Heydon,
"Is deas liom a fhógairt gur éirigh linn téarmaí an deimhnithe sláinte easpórtála do mhairteoil a mhionathrú lena cheadú feoil mhionaithe agus burgair mhairteola a easpórtáil go dtí an tSeapáin.”
Tháinig fairsingiú ar an teacht atá ar mhairteoil i ndiaidh gur baineadh an srian aoise a bhí ar easpórtálacha mairteola a tharla i mBealtaine 2019 nuair a bhí mairteoil eallaigh ar gach aois incháilithe lena heaspórtáil go dtí an tSeapáin.
Ag labhairt dó faoi na forbairtí is déanaí, dúirt an tAire,
“Léiríonn an dea-nuacht seo d’easpórtálacha mairteola na hÉireann an caidreamh cairdiúil agus táirgiúil a forbraíodh le teagmhálaithe oifigiúla agus trádála ó ceapadh ataisé talmhaíochta in Ambasáid na hÉireann i dTóiceo in 2019 agus ó cuireadh speisialtóir Margaidh an Bhoird Bhia sall go dtí an tSeapáin.”
B’fhiú breis agus €147 milliún easpórtálacha agraibhia na hÉireann go dtí an tSeapáin in 2020, arb ionann seo agus méadú €14.6 milliún nó 11% ón mbliain 2019. Cuireann comhaontú trádála na hEorpa leis an tSeapáin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019 mar an gcrios trádála oscailte is mó ar domhan, deis iontach ar fáil chun trádáil bia agus dí leis an tSeapáin a fhairsingiú.
Tháinig méadú ar easpórtálacha mairteola na hÉireann chuig an tSeapáin aníos ó 2,323 tonna in 2019 go 4,120 tonna in 2020, agus tháinig méadú ar luach orthu aníos ó €9.5 milliún go €15.7 milliún sa tréimhse chéanna. Teangacha bó, ar sólaiste é seo sa tSeapáin, a bhí i gceist le formhór an mhéadaithe seo, chomh maith le scairteach eile mhairteola. Ba cheart don chomhaontú rochtana ar fheoil mhionaithe agus ar bhurgair a easpórtáil chuig an tSeapáin cabhrú le hÉirinn díolacháin a mhéadú mar gheall ar a éasca atá sé na táirgí siúd a sheoladh ar muir agus ar an gcáil atá ar Éirinn mar sholáthraí burgair mhairteola sa chainéal seirbhíse bia.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon,
“Baineann an tábhacht chéanna le barr feabhais a chur ar an teacht ar mhargaí reatha agus a bhaineann le margaí nua a oscailt chun acmhainn easpórtálacha mairteola na hÉireann a uasmhéadú ar mhaithe le gach páirtí leasmhar san earnáil.”
Tá súil leis go n-eiseofar fógra do thrádálaithe go luath a chuirfidh an tionscal ar an eolas ar na socruithe nua agus déanfar tairseach ghréasáin um rochtain ar an margaidh de chuid an RTBM a nuashonrú freisin: www.marketaccess.agriculture.gov.ie/
Nótaí don Eagarthóir:
Tháinig méadú ar easpórtálacha mairteola na hÉireann chuig an tSeapáin aníos ó 2,323 tonna in 2019 go 4,120 tonna in 2020, agus tháinig méadú ar luach orthu aníos ó €9.5 milliún go €15.7 milliún sa tréimhse chéanna. (Foinse: Staitisticí Trádála na Príomh-Oifige Staidrimh (an POS).
B’fhiú breis agus €147 milliún easpórtálacha agraibhia na hÉireann, ar an iomlán, go dtí an tSeapáin in 2020. Ba iad táirgí déiríochta ar a raibh luach €63.4 milliún nó meáchan 18,451 tonna agus feoil mhuice ar a raibh luach €43.5 milliún nó meáchan 11,937 tonna, na catagóirí ba mhó de réir luacha agus méide. (Foinse: Staitisticí Trádála na Príomh-Oifige Staidrimh (an POS).
CRÍOCH