Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire maoiniú le haghaidh tionscadail nua EIP maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, maoiniú le haghaidh ceithre thionscadal nua na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (EIP) ar théamaí Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn.

Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

”Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceadaíodh maoiniú do na ceithre thionscadal nua Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil seo faoi na téamaí Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn, agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar shaothar na n-iarratasóirí ar éirigh leo. Mar is eol dúinn go léir, is iomaí dúshlán a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht sa lá atá inniu ann, agus tá an tsamhail EIP deartha chun nuálaíocht agus comhoibriú a éascú chun dul i ngleic leis na dúshláin seo, trí raon leathan páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun a n-acmhainní agus smaointe a roinnt, agus chun réitigh a fhorbairt.”

Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt an tAire McConalogue:

”Agus na ceithre thionscadal nua EIP seo curtha san áireamh, tá líon iomlán sé thionscadal EIP seolta againn go dtí seo faoin bPlean Straitéiseach CBT, agus tá dul chun cinn deimhneach ann i dtaca leis an dá thionscadal EIP shuaitheanta atá againn, ‘Feirmeoireacht ar son Uisce’ agus ‘Lapairí Goir’ ó seoladh iad ní ba luaithe i mbliana. Is samhail sheanbhunaithe anois é páirtithe leasmhara a bheith ag teacht le chéile trí ghrúpaí oibríochtúla agus is léir gur modh iontach iad EIPanna chun an nuálaíocht a spreagadh san fheirmeoireacht agus i gceantair thuaithe in Éirinn. Leis an tsamhail seo, tugtar meas agus aitheantas do chúinsí áitiúla, riachtanais áitiúla agus don talmhaíocht ar leith i gceantair éagsúla, agus tríd an méid sin a dhéanamh, cuireann siad go mór le beocht na bpobal tuaithe in Éirinn.”

As na ceithre thionscadal a roghnaíodh ón nglao oscailte a rinneadh le déanaí, cumhdóidh trí cinn acu saincheisteanna maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe. I gceann amháin de na tionscadail déanfar bearta a thriail chun aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le muca a bheith ag baint greamanna as eireabaill a chéile, agus iarracht ar bun chun go mbeifear in ann muca a thógáil in Éirinn agus a n-eireabaill slán. Beidh an dara ceann ag cur gníomhartha i bhfeidhm atá dírithe ar shláinte bó diúil a fheabhsú, i limistéir a bhfuil ardluach orthu ó thaobh an dúlra, agus é dírithe ar an mBoirinn. Glacfaidh an ceann deireanach de na tionscadail seo cur chuige ildisciplíneach i dtaca leis an bhacaí a choinneáil faoi smacht ar fheirmeacha na hÉireann.

Maidir le Cothromaíocht Inscne, is é aidhm an tionscadail ar éirigh leis aghaidh a thabhairt ar riachtanais na mban ar fheirmeacha i dtaca le bheith ag obair le hinnealra agus beostoc.

Lean an tAire Hackett:

“Leis an maoiniú a cuireadh ar fáil beidh sé ar chumas na nGrúpaí Oibríochtúla ilghníomhacha ar éirigh leo dul ar aghaidh chun cuir chuige úra, nuálacha a chur i bhfeidhm ar bhonn praiticiúil ar an talamh mar chruthúnas coincheapa. Táim ag tnúth le torthaí na dtionscadal seo a fheiceáil, mar aon lena gcur i bhfeidhm níos leithne a fheiceáil ar fud na tíre.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:

“ Leanfaidh mo roinn ag tacú le raon chomh leathan de thionscadail EIP agus is féidir agus de bheith á spreagadh, chun cur leis an méid atá bainte amach go nuige seo agus d’fhonn smaointe úra, nuálacha a chleachtadh ar fheirmeacha. Maidir leis sin, sheol mé Glao ar Thionscadail EIP le déanaí i dtaca le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin agus Teicneolaíochtaí Digiteacha, bheinn ag tabhairt spreagadh do Ghrúpaí Oibríochtúla Ráitis Spéise a chur isteach agus a bheith nuálach ó thaobh a gcur chuige de. Tá sé de rún agam glao nua a sheoladh sna seachtainí amach romhainn maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, beidh tuilleadh eolais ag teacht faoi seo go luath.”


Nótaí

Tá an tionscnamh EIP á chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann faoi Phlean Straitéiseach CBT. Maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara íocaíochtaí le feirmeoirí chomh maith le costais riaracháin na nGrúpaí Oibríochtúla.

Tá raon páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha etc.) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar 'Grúpaí Oibríochtúla' chun réitigh nuálacha atá forbartha ag na Grúpaí féin a thriail.

Is scéimeanna áitiúla iad tionscadail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil atá deartha agus curtha i bhfeidhm ag grúpaí comhoibritheacha a bhfuil feirmeoirí, eolaithe, éiceolaithe agus saineolaithe eile páirteach iontu chun spriocanna sonracha a bhaint amach.

I ndiaidh próiseas meastóireachta a rinne coiste saineolaithe i dtaca le critéir cheadaithe roghnúcháin, ceadaíodh trí thionscadal faoi Shláinte agus Leas Ainmhithe agus tionscadal amháin faoin téama, Cothromaíocht Inscne, seo a leanas na tionscadail a leanfaidh ar aghaidh lena gcur chun feidhme ina n-iomláine.

Tionscadal Príomh-Chomhpháirtí Maoiniú ceadaithe
Páirtithe leasmhara in Earnáil na muc in Éirinn ag gluaiseacht le chéile chun muca a thógáil lena n-eireabaill slán. Teagasc €650,000
Sláinte, Leas agus Seasmhacht na mBó Diúil a Fheabhsú i dTírdhreach a bhfuil ardluach air ó thaobh an dúlra. HNVS Ltd. €254,004
Clár Nuálaíochta na mBó Folláin (SCIP) Grúpa Oibre Teicniúil de chuid Sláinte Ainmhithe Éireann chun Sláinte Crúibe a Sheiceáil €649,598
Ag Cinntiú go nOibríonn Feirmeacha do Mhná Claire Brennan, Comhairleoir Talmhaíochta €650,000

Is féidir teacht ar eolas breise faoi thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil agus ar cháipéisíocht chúlra lena n-aghaidh seo agus glaonna EIP eile ar shuíomh gréasáin na Roinne, ag: gov.ie - Scéim na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (www.gov.ie).