Fógraíonn an tAire McConalogue íocaíochtaí Cúnaimh Forbartha Idirnáisiúnta de €28.9 milliún
- Foilsithe: 22 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 29 Nollaig 2021
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu gurb’ionann cúnamh forbartha idirnáisiúnta a Roinne do 2021 agus €28.9 milliún. Áirítear leis seo réamhíocaíocht de ghealltanas 2022 na hÉireann de €25 milliún do Chlár Bia Domhanda na Náisiún Aontaithe (WFP), faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí nua 2022-2024 na hÉireann le WFP, a síníodh níos luaithe an mhí seo. .
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá neamhshlándáil bia ag síormhéadú ar fud an domhain arna spreagadh ag tionchar comhchoiteann na coinbhleachta, na géarchéime aeráide agus COVID-19, agus dá bharr tá ocras agus míchothú ar leibhéil nach bhfacthas riamh cheana. Tá mo Roinn i gceannas ar chomhoibriú na hÉireann le príomhghníomhaireachtaí bia na Náisiún Aontaithe - an Clár Bia Domhanda (WFP) agus an Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (FAO) - ina gcuid oibre i dtreo Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Saor ó Ocras faoi 2030.”
“I mbliana threisíomar comhpháirtíocht agus tacaíocht na hÉireann dá gcuid oibre trí Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí nua a iontráil le WFP agus an chéad Chreat-Chomhaontú le FAO. De bharr dul in olcas den ocras ar fud an domhain in 2021 teastaíonn uainn ár gcórais agraibhia domhanda a athrú. Is guth ceannasach í Éire maidir le tacú le claochlú domhanda na gcóras bia, bunaithe ar ár meas féin ar an ríthábhacht a bhaineann leis an bfeirmeoireacht, an iascaireacht agus an táirgeachta bia dár bpobail tuaithe agus cósta. Táimid ag tacú go láidir le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe san obair seo, lena n-áirítear tríd an obair leantach ar Chruinniú Mullaigh na gCóras Bia agus trínár straitéis Fís Bia 2030 féin”.
Ghabh Stiúrthóir Feidhmiúcháin WFP, an tUasal David Beasley, buíochas le hÉirinn as a thacaíocht leanúnach, “Tá Clár Bia Domhanda na Náisiún Aontaithe buíoch den Rialtas agus do mhuintir na hÉireann as a dtacaíocht leanúnach, go háirithe as ár n-oibríochtaí sa tSiria agus i dtíortha comharsanacha. Is mór againn tiomantas na hÉireann do dhomhan a bheidh saor ón ocras a bhaint amach agus táimid ag tnúth le leanúint lenár gcomhpháirtíocht thábhachtach”.
D’fhógair an tAire McConalogue íocaíochtaí de €2.1 milliún do thionscadail agus do chláir shonracha FAO, chomh maith le ranníocaíocht mheasúnaithe bhliantúil na hÉireann de €1.56 milliún. Tá béim láidir curtha ag na tionscadail shonracha seo ar sheasmhacht ó thaobh an athraithe aeráide de; cúnamh talmhaíochta éigeandála; cumhachtú eacnamaíoch na mban tuaithe; agus obair ar chórais bhia inbhuanaithe.
Rinneadh íocaíochtaí de €206,000 faoi Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP), a oibríonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Nóta do na hEagarthóirí
Clár Bia Domhanda na Náisiún Aontaithe (WFP)
Is eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe é WFP atá freagrach as ocras a chomhrac ar fud an domhain agus maoinítear é go heisiach ó ranníocaíochtaí deonacha. Tá ocras ainsealach ar 811 milliún duine. Tá 283 milliún i ngéarchéimeanna ocrais le 45 milliún duine i 43 tír ar fud na cruinne ag fulaingt ó ghorta beagnach. Geallann Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 2, Saor ó Ocras, deireadh a chur le ocras, slándáil bia a bhaint amach, cothú a fheabhsú agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus is é tosaíocht an WFP é.
WFP i bhfigiúirí
• Fuair 115.5 milliún duine in 84 tír cúnamh ó WFP in 2020 trí dháileadh bia nó airgid in éigeandálaí, cláir tacaíochta cothaithe agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí chun seasmhacht ó thaobh na haeráide agus suaití eile de a thógáil.
• Tá 5.6K trucail, 100 aerárthach agus 30 long ag bogadh ar aon lá faoi leith, rud a chuireann ar chumas WFP gorta a chosc agus bia ríthábhachtach agus cúnamh eile a sholáthar dóibh siúd is mó a dteastaíonn sé uathu.
• Fuair 17 milliún leanbh ar fud an domhain béilí cothaitheacha ó WFP, agus leis sin tugadh deis dóibh díriú ar a gcuid foghlama agus a gcumas iomlán a fhorbairt.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomh-Roinn do chaidreamh Rialtas na hÉireann leis an gClár Domhanda Bia, gníomhaireacht dhaonnúil túslíne na Náisiún Aontaithe. Tá SPA WFP-Éire 2022-2024 comhdhéanta de thiomantas ó Éirinn a croí-mhaoiniú a mhéadú go €75m. Áirítear leis seo leithdháileadh de €5 milliún in aghaidh na bliana ar chiste iontaobhais WFP d’athrú aeráide a bhaineann le hocras; agus leithdháileadh bliantúil de €8 milliún ar fhreagairt éigeandála WFP na Siria.
Chomh maith le croí-mhaoiniú na Roinne Talmhaíochta, Bia agus na Mara do WFP, soláthraíonn Cúnamh Éireann den Roinn Gnóthaí Eachtracha maoiniú do WFP do chláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiúin shonracha. Tá maoiniú na Roinne Gnóthaí Eachtracha do WFP os cionn €23 milliún don tréimhse 2019-21.
Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO)
Is eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe é FAO a bhfuil sainordú air cabhrú le deireadh a chur le hocras, le neamhshábháilteacht bia agus le míchothú, le talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaigh a dhéanamh níos táirgiúla agus níos inbhuanaithe, córais talmhaíochta agus bia uilechuimsitheacha agus éifeachtacha a chumasú agus athléimneacht na slite beatha i leith bagairtí agus géarchéimeanna a mhéadú. Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhpháirtíocht idir Éire agus an FAO leagtha amach sa tuarascáil atá ar fáil ar gov.ie. - FAO + Éire: Comhpháirtíocht le haghaidh Domhan Síochánta, Comhionann agus Inbhuanaithe.
Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP)
Is comhthionscnamh é an AADP idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Is é Cuspóir an AADP comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir Earnáil Agraibhia na hÉireann agus tíortha na hAfraice chun tacú le fás inbhuanaithe an tionscail bhia áitiúil, margaí a thógáil do tháirgí áitiúla agus tacú le trádáil fhrithpháirteach idir Éire agus an Afraic.
Cúnamh Forbartha Idirnáisiúnta - DAFM 2021 €
Clár Bia Domhanda
Réamhíocaíocht de ghealltanas Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí 2021 €25,000,000
An Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta
Éire - Ranníocaíocht Measúnaithe FAO 2021 €1,557,347
Cúnamh Talmhaíochta Éigeandála do Phobail a dtéann Coimhlintí Feirmeoirí-Tréadaithe i gcion orthu in Iarthuaisceart na Nigéire €442,000
Cúnamh éigeandála chun slite beatha teaghlaigh tréadacha a mbíonn tionchar ag triomach orthu a chosaint i dhá chontae, an Chéinia €442,000
Comhoibriú Éire-FAO maidir le measúnuithe córais agraibhia a neartú, sásraí ilpháirtithe leasmhara agus ceapadh beartais comhtháite €350,000
Tacaíonn an tionscadal chun claochlú córais bhia tíre a chomhdhearadh le Cruinniú Mullaigh Chóras Bia na Náisiún Aontaithe €300,000
Tacaigh le maoiniú suas le 50 duine ar a mhéad ó thíortha i mbéal forbartha chun freastal ar an 11ú Comhdháil Prátaí Domhanda (WPC) i mBaile Átha Cliath, Bealtaine 202 €100,000
Clár Píolótach ag Cumhachtú Fiontraithe Tuaithe Mná i Meicsiceo €100,000
Ranníocaíocht leanúnach don Lá Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí €75,000
Measúnú Comhshaoil Beostoic agus Comhpháirtíocht Feidhmíochta (LEAP) €60,000
Comhaontas Domhanda um Aonad Éascaithe Talmhaíochta Cliste Aeráide (GACSA) €60,000
An tAontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha Nua Plandaí (UPOV) €51,500
Tacaíocht don chóras r-Phyto, scéim deimhniúcháin dhomhanda €50,000
Clár Oibre Domhanda um Bheostoc Inbhuanaithe (GASL) €30,000
Tacú le maoiniú chun Fochoiste Beostoic Choiste an FAO ar Thalmhaíocht (COAG) a bhunú €25,000
Conradh Idirnáisiúnta ar Acmhainní Géiniteacha Plandaí €11,000
Iomlán FAO €3,653,847
Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP)
2021 maoiniú thionscadal AADP €206,000
Iomlán €28,859,847