Fógraíonn an tAire McConalogue €14.3 milliún in íocaíochtaí tacaíochta don earnáil curaíochta
- Foilsithe: 29 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D inniu go gcuirfí tús le híocaíochtaí tacaíochta ar fiú €14.3 milliún iad don earnáil curaíochta. Tá an pacáiste tacaíochta €14.3 milliún comhdhéanta de €7.147 milliún a baineadh amach don earnáil curaíochta faoin gCúlchiste Talmhaíochta in 2023, arna mheaitseáil le breisiú €7.147 milliún eile atá á chur ar fáil ón gcistíocht aonuaire a bhaineann leis an Úcráin a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2024.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá lúcháir orm íocaíochtaí de €14.3 milliún san iomlán a fhógairt chun tacú leis an earnáil curaíochta. Bhí dúshláin shuntasacha roimh shaothróirí curaíochta in 2023 le costais arda táirgthe, praghsanna aschuir laghdaithe agus coinníollacha aimsire dúshlánacha a chuir isteach ar tháirgeacht na mbarr. Chuir aimsir fhliuch isteach ar shaothrú barra freisin agus ní raibh saothróirí in ann barra a bhaint i go leor ceantar. I bhfianaise na ndúshlán sin, lorg mé go sonrach tacaíocht ó Chúltaca Talmhaíochta an AE do shaothróirí curaíochta agus cheadaigh mé freisin breisiú 100% ar leithdháileadh an Chúlchiste Talmhaíochta de €7.147 milliún mar mhaoiniú Náisiúnta a sholáthróidh tacaíocht ríthábhachtach don earnáil thábhachtach seo”.
Tá an cistiú €14.3 milliún á úsáid chun tacú le saothróirí nach raibh in ann a mbarraí gránach a bhaint anuraidh mar gheall ar aimsir fhliuch agus tá iarmhéid an mhaoinithe á úsáid mar íocaíocht aonuaire ar ráta comhréidh maidir leis an réimse ráibe síl ola, eorna earraigh agus gheimhridh, cruithneacht, coirce agus seagal dearbhaithe faoin Scéim um Thacaíocht Bhun Ioncam le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) in 2023.
Soláthróidh an Scéim Tacaíochta Barr Neamhbhainte a d’fhógair an tAire i mí na Samhna 2023 tacaíocht de €1.67 milliún do 236 iarratasóir atá incháilithe faoin Scéim. Is é an maoiniú atá ar fáil le haghaidh na n-íocaíochtaí aonuaire ar ráta comhréidh ná €12.63m agus tá siad á n íoc le breis agus 8,400 saothróir maidir leis an réimse ráibe síl ola, eorna gheimhridh agus earraigh, cruithneacht, coirce agus seagal a dearbhaíodh faoin BISS in 2023 faoi réir a 100 heicteár ar a mhéad in aghaidh an iarratasóra. Is é an ráta íocaíochta in aghaidh an heicteáir ná €50 agus is é 5 heicteár an t-achar íosta le bheith incháilithe don íocaíocht ar ráta comhréidh.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:
“Is comhpháirt thábhachtach agus dhílis den tionscal agraibhia í an earnáil curaíochta agus cuireann sí go mór le geilleagar na hÉireann. I gcomhréir leis na gealltanais i bhFís Bia 2030 agus sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide ba mhaith liom an earnáil a fheiceáil ag fás agus ag forbairt. Sin an fáth ar thug mé tacaíocht láidir d’fheirmeoirí curaíochta le blianta beaga anuas agus léiríonn an maoiniú breise a chuir mé ar fáil in 2023 don Scéim um Chúnamh Próitéine agus don Bheart Ionchorpraithe Tuí mar aon leis an Scéim Dreasachta Curaíochta agus an pacáiste tacaíochta suntasach seo atá á fhógairt inniu, mo thiomantas fadtéarmach don earnáil thábhachtach seo”.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Fógraíodh an Scéim Tacaíochta Barr Neamhbhainte i mí na Samhna 2023 chun tacú le saothróirí nach raibh in ann a mbarra gránach a bhaint de bharr aimsir fhliuch. Ba é an ráta íocaíochta le hiarratasóirí incháilithe ná €1,000 in aghaidh an heicteáir. Bhí an t-achar íosta incháilithe de 2 heicteár agus uaslimistéar incháilithe de 20 heicteár faoin scéim.
Tá an íocaíocht aonuaire ar ráta comhréidh iníoctha le feirmeoirí curaíochta maidir leis an réimse ráibe síl ola, eorna gheimhridh agus earraigh, cruithneacht, coirce agus seagal a dearbhaíodh faoina n-iarratas ar Scéim um Thacaíocht Bhun-Ioncam le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) in 2023. Is é an ráta íocaíochta ná €50/heicteár faoi réir uasmhéid de 100 heicteár in aghaidh an iarratasóra. Is é 5 heicteár an t-achar íosta le bheith incháilithe don íocaíocht ar ráta comhréidh.
Tá na híocaíochtaí agus na híocaíochtaí ar ráta comhréidh seo faoin Scéim Tacaíochta Barr Neamhbhainte á ndéanamh faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún lena bhforáiltear do thacaíocht airgeadais ó Chúlchiste Talmhaíochta an AE.