Fógraíonn an tAire McConalogue agus Hackett pacáiste €2.8m chun tacú le saothróirí torthaí agus glasraí na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue agus Hackett pacáiste €2.8m chun tacú le saothróirí torthaí agus glasraí na hÉireann

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlachta a bhfuil freagracht speisialta air as gairneoireacht Pippa Hackett tar éis oscailt na Scéime Íocaíochta Eisceachtúla Gairneoireachta. Tá tacaíocht á cur ar fáil d’earnáil ghairneoireachta ríthábhachtach na hÉireann, le pacáiste cúnaimh de €2.8m do shaothróirí incháilithe.

Is beart tacaíochta é seo a gheobhaidh maoiniú ó leithdháileadh na hÉireann do chúnamh coigeartaithe eisceachtúil do tháirgeoirí in earnálacha talmhaíochta a ndeachaigh ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin i bhfeidhm orthu, mar a d’fhógair an Coimisiún Eorpach an 23 Márta.

Agus é ag fógairt na scéime, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá an earnáil ghairneoireachta ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin shuntasacha le déanaí agus is é sin an fáth go bhfuil lúcháir orm an tacaíocht seo a fhógairt dóibh siúd is mó a mbíonn tionchar orthu san earnáil. Táimid an-bhródúil as ár saothróirí gairneoireachta intíre agus ní mór dúinn inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála a chinntiú.”

Dúirt an tAire Hackett:

“Cabhróidh an scéim tacaíochta seo le cuid de na tionchair seo a mhaolú chomh maith le hinmharthanacht ár saothróirí gairneoireachta a bhfuil príomhról acu i dtáirgeadh bia sábháilte, cothaitheach agus áitiúil a tháirgeadh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.”

Tá critéir incháilitheachta agus sonraí eile leagtha amach i dtéarma agus i gcoinníollacha na scéime.

Full terms and condition of the scheme

Chun iarratas a dhéanamh ar an scéim seo complete the application.. Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh le ríomhphost chuig heps@agriculture.gov.ie faoi mheán oíche 17 Meitheamh 2022. Déanfar íocaíochtaí le saothróirí incháilithe faoin 30 Meán Fómhair 2022.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat