Fógraíonn an tAire McConalogue an cistiú ba mhó d’Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue an cistiú ba mhó d’Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe

Leithdháileadh breis agus €3.7 milliún ar an Lá Feasachta ar Leas Ainmhithe (#AWD21)

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu (Dé Céadaoin, an 15 Nollaig) go gcuirfear cistiú breis agus €3.7 milliún ar fáil do 98 eagraíocht leasa ainmhithe ar fud na tíre. Fógraíodh an cistiú ar an Lá Feasachta ar Leas Ainmhithe tionscnaimh, ar tionscnamh é chuid an Aire chun feasacht a mhúscailt ar leas ainmhithe.

Nuair a bhí an fhógairt á déanamh aige, dúirt an tAire gur léirigh an cistiú d’eagraíochtaí leasa ainmhithe tiomantas leanúnach an Rialtais do leas ainmhithe agus d’aithin sé an ról tábhachtach a ghlacann eagraíochtaí leasa ainmhithe. Leis an lá a cheiliúradh, thug an tAire cuairt ar asail a bhí á gcoimeád ag Eastát Farmleigh agus ar Thearmann na nAsal (the Donkey Sanctuary) agus ar cheanncheathrú Cumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe (DSPCA) i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath.

“Tá gliondar croí orm gur féidir liom an iarracht as cuimse a dhéanann ár n-eagraíochtaí iontacha leasa ainmhithe agus a dtiomantas ollmhór agus, go deimhin, é sin de chuid an iomaí oibrí dheonaigh atá tiomnaithe do leas ainmhithe, a aithint. Glacann na heagraíochtaí seo le ról thar a bheith ríthábhachtach i dtaobh a chinntiú go dtugtar aire dár n-ainmhithe agus go gcosnaítear iad. Obair thúslíne é seo ar féidir linn go léir a bheith bródúil as.

“Ar aon dul lenár ngealltanas i gClár an Rialtais, is ionann na dámhachtainí seo agus an dámhachtain is mó cistiú deontais do chomhlachtaí leasa ainmhithe a rinne mo Roinn riamh. Déanfaidh an tacaíocht bhreise seo fíordhifríocht do leas ainmhithe ar fud na tíre.”

Agus tagairt á déanamh aige d’éiteas “Sláinte Amháin, Leas Amháin” a dtugtar cuntas air sa Straitéis um Leas Ainmhithe 2021-2025, luaigh an tAire an caidreamh idir an t-ainmhí agus an duine.

“Baineann tábhacht níos mó i gcónaí le leas ainmhithe i measc saoránaigh Éireannacha, agus tuigimid níos fearr anois an t-idirchaidreamh idir leas ainmhithe agus folláine dhaoine. Tá gach duine inár sochaí freagrach as caighdeáin leasa ainmhithe a chothú; iad siúd ina measc a bhfuil ainmhithe acu, a thugann aire d’ainmhithe, nó atá freagrach as ainmhithe, bíodh sin ar fheirm nó sa bhaile.”

Dúirt an tAire freisin go dtiocfaidh na dámhachtainí leis an Straitéis um Leas Ainmhithe 2021-2025 uaillmhianach:

“Lena chinntiú go n-imríonn cistiú do chomhlachtaí leasa ainmhithe an tionchar is mó ar fud na tíre, rinne mo Roinn ár samhail chistithe a ailíniú leis na beartais, cuspóirí agus tosaíochtaí leasa ainmhithe i mbliana a dtugtar cuntas orthu sa Straitéis um Leas Ainmhithe 2021-2025 nua. Leagtar béim, dá réir sin, i gcistiú na bliana seo ar an gcur chuige ‘Sláinte Amháin, Leas Amháin’, ar oideachas agus ar eolas a scaipeadh chun feabhas a chur ar leas ainmhithe.”

Spreag an tAire daoine machnamh cúramach a dhéanamh sula bhfaigheann siad peata an Nollaig seo.

“Is féidir le peata go leor sonais a chur ort, agus leagann sin freagracht ort freisin. Tiomantas mór fadtéarmach é peata a bheith agat agus aire a thabhairt dó. Tá comhairle shármhaith ar fáil ar láithreán gréasáin mo Roinne agus ón iomaí eagraíocht leas – déan machnamh cúramach, le do thoil, sula ndéanann tú an cinneadh coileán a cheannach an Nollaig seo agus glac le freagracht as do rogha”.

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir, go leanfaidh é féin agus a Roinn ag oibriú go dlúth le grúpaí leasa ainmhithe agus le páirtithe leasmhara eile chun leas ainmhithe a chur chun cinn. Mheabhraigh an tAire don phobal go n-oibríonn an Roinn seoladh ríomhphoist agus líne chabhrach thiomnaithe ar féidir le baill den phobal teagmhais faillí agus chruálachta d’ainmhithe a thabhairt le fios.

Tá eolas breise ar fáil anseo:

www.gov.ie/en/publication/d3af4-new-rules-on-the-sale-supply-and-advertising-of-pet-animals/

Líne Chabhrach Leasa Ainmhithe:

Uimhir ghutháin na líne cabhraí:

Glao Sábhála: 0761 064408

Guthán: 01-607 2379

Seoladh ríomhphoist tiomnaithe - animalwelfare@agriculture.gov.ie

www.gov.ie/en/publication/7f41b-animal-health-welfare/

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe - Dámhachtainí 2021

Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe - Dámhachtainí 2021
Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe - Dámhachtainí 2021
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat