Fógraíonn an tAire McConalogue bunú foirmiúil An Rialálaí Agraibhia (The Agri-Food Regulator)
- Foilsithe: 13 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 31 Eanáir 2024
Freastalaíonn an tAire ar an gcéad chruinniú Boird den Rialálaí nua ag a Cheanncheathrú nua i mBacastún, Co. Chill Dara
Bhunaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., An Rialálaí Agraibhia – The Agri-Food Regulator faoin Acht um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2023 go foirmiúil inniu.
Comhlíonann bunú an Rialálaí gealltanas mór atá i gClár an Rialtais maidir le húdarás neamhspleách nua a bhunú chun cothroime agus trédhearcacht a thabhairt do shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia.
Ag labhairt dó ag seoladh an Rialálaí, dúirt an tAire McConalogue:
“Is gné shuntasach é seo i stair earnáil Agraibhia na hÉireann. Táim ag moladh le fada an lá go mbunófaí an t-údarás neamhspleách seo, agus is mór an phribhléid dom, mar Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bheith anseo inniu ar lá a bhunaithe agus lámh agam ann ó tugadh isteach an reachtaíocht tosaigh. Comhlíonann sé seo gealltanas suntasach atá i gClár an Rialtais agus ceann de na tosaíochtaí a bhí agam agus mé i m’Aire.”
“Aithním arís an tacaíocht fhorleathan a thug gach taobh i dTithe an Oireachtais don Acht um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2023. Níl aon amhras orm ach go gcosnóidh bunú an Rialálaí ár soláthraithe Agraibhia, go háirithe, ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus ár ngnólachtaí beaga bia, ar chleachtais trádála neamhdhleathacha agus éagóracha i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, agus go dtabharfaidh sé trédhearcacht níos fearr don earnáil Agraibhia. Déanfaidh an Rialálaí é sin trí anailís ar fhaisnéis faoi phraghsanna agus ar shonraí margaidh a bhaineann le slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a fhoilsiú, agus trí na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a fhorfheidhmiú.”
Tionóladh an chéad chruinniú de Bhord an Rialálaí nua ag a Cheanncheathrú nua ar champas an Rialtais i mBacastún i gCo. Chill Dara inniu freisin. D’fhógair an tAire McConalogue roimhe seo go bhfuil sé tar éis an tUasal Joe Healy a cheapadh mar Chathaoirleach ar an mBord mar aon le seachtar gnáthchomhaltaí eile.
Ag labhairt dó ar sin, dúirt an tAire
“Agus an tUasal Joe Healy a cheapadh ina Chathaoirleach ar an mBord chomh maith leis an seachtar Comhaltaí eile, táim muiníneach go bhfuil doimhneacht agus fairsinge taithí ag an mBord agus ag Niamh Lenehan, POF chun eagraíocht rathúil a dhéanamh den Rialálaí Agraibhia. Tá tacar scileanna láidir agus éagsúil ón earnáil agraibhia ar fad agus níos faide i gcéin ag comhaltaí an bhoird a bheidh i gceannas ar an nGníomhaireacht an-tábhachtach seo.
Ag labhairt dó ar a cheapachán mar Chathaoirleach, dúirt an tUasal Joe Healy:
“Tá lúcháir orm gur cheap an tAire McConalogue mar Chathaoirleach ar An Rialálaí Agraibhia nua inniu mé. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Rialálaí neamhspleách seo i bhfeidhm chun cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn i slabhra an tsoláthair agraibhia, agus go háirithe chun aird a thabhairt ar imthosca agus ar riachtanais na feirmeoireachta, na hiascaireachta agus na ngnólachtaí beaga bia. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar an mBord agus le POF an Rialálaí, Niamh Lenehan, chun ár sainordú a chomhlíonadh.”
Ag labhairt di ar a ceapachán foirmiúil mar POF an Rialálaí tar éis di fónamh mar POF ainmnithe ó mhí na Bealtaine, dúirt Niamh Lenehan:
“Táim ag tnúth go mór leis an aistear atá romhainn a roinnt leis an mBord, leis an bhfoireann agus le páirtithe leasmhara agus muid ag díriú láithreach ar ráiteas straitéise agus ar phlean oibre gaolmhar a chur ar fáil a mbeidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna a shanntar don Rialálaí faoi Acht 2023 mar bhonn agus mar thaca acu.”
D’fhógair an tAire McConalogue chomh maith gur thug sé rialacháin nua isteach i gcomhthráth le bunú An Rialálaí Agraibhia a ghabhfaidh in ionad Rialacháin 2021 a tugadh isteach faoi IR 198 de 2021 (Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cleachtais Éagothroma Trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia) 2021. Tá na Rialacháin nua riachtanach chun forálacha san Acht um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2023, a bhaineann le feidhmeanna forfheidhmithe CÉT a aistriú chuig an Rialálaí, a chur san áireamh.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:
“Is é bunú An Rialálaí Agraibhia inniu tús aistir i dtreo cothroime agus trédhearcachta méadaithe i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Guím gach rath ar An Rialálaí Agraibhia don todhchaí.”
Is féidir obair na hOifige a leanúint trína suíomh gréasáin www.agrifoodregulator.iechomh maith le bealaí meán sóisialta.
CRÍOCH
Íomhá: Fógraíonn an tAire McConalogue bunú foirmiúil An Rialálaí Agraibhia (The Agri-Food Regulator)
Foscríbhinn: Niamh Lenehan, POF, An Rialálaí Agraibhia, an tAire Charlie McConalogue T.D., Joe Healy, Cathaoirleach, An Rialálaí Agraibhia
Foscríbhinn: Niamh Lenehan, POF, An Rialálaí Agraibhia, an tAire Charlie McConalogue T.D., Joe Healy, Cathaoirleach, An Rialálaí Agraibhia

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
• Roghnaíodh an Cathaoirleach agus na comhaltaí tar éis comórtais a reáchtáil an tseirbhís um Cheapacháin ar Bhoird Stáit.
• Chuir an tAire an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2022 i láthair i gcomhréir le gealltanas Chlár an Rialtais maidir le húdarás nua a bhunú chun cothroime, cothromas agus trédhearcacht a chinntiú sa bhiashlabhra. Forálann an tAcht um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2023 d’Údarás reachtúil neamhspleách nua a bhunú ar a dtabharfar ‘An Rialálaí Agraibhia’ (Agri-Food Regulator).
• Cuirfidh An Rialálaí Agraibhia prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta chun cinn i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia trí fheidhm anailíse praghais / margaidh agus tuairiscithe a chomhlíonadh agus tiocfaidh sé chun bheith ina údarás forfheidhmithe ainmnithe ag an Stát chun na rialacha a fhorfheidhmiú maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólachta le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Aistreofar na feidhmeanna forfheidhmithe a bhaineann le Cleachtais Éagóracha Trádála, atá á gcur i bhfeidhm ar bhonn eatramhach sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi láthair, go dtí An Rialálaí Agraibhia.
• Suíomh gréasáin An Rialálaí Agraibhia: www.agrifoodregulator.ie
Reachtaíocht thánaisteach
• Liostaítear in IR 198 de 2021 atá ann faoi láthair na 16 CÉT, gan athrú orthu siúd atá sa Treoir 2019/633 maidir le CÉTanna. Is gá rialacháin nua a thabhairt isteach chun críche forálacha san Acht um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia 2023. Níl aon athrú tagtha sna rialacháin nua in IR 625 de 2023 ar na CÉTanna céanna leo siúd in IR 198 de 2021.
• Foráladh i dTreoir 2019/633 do chur chuige 'céim' chun raon feidhme soláthraithe agus ceannaitheoirí a shocrú chun críocha gearáin; rinneadh soláthraithe agus ceannaitheoirí a chatagóiriú ag brath ar a láimhdeachas bliantúil suas go dtí íosmhéid €2 mhilliún do cheannaitheoirí agus uasmhéid €350 milliún do sholáthraithe. Chiallaigh sé seo go raibh catagóirí soláthraithe agus ceannaitheoirí ann agus go bhféadfadh soláthraithe gearáin a dhéanamh ag brath ar a gcatagóir láimhdeachais agus ag brath ar cibé an raibh an ceannaitheoir sa chatagóir láimhdeachais chéanna nó i gcatagóir láimhdeachais eile e.g. ní raibh soláthraithe ag a raibh láimhdeachas uasta idir €2 mhilliún agus €10 milliún in ann gearán a dhéanamh i gcoinne ceannaitheoir a raibh a leibhéal láimhdeachais sa chatagóir sin freisin.
Athraíodh rangú na catagóire láimhdeachais sna rialacháin chun foráil a dhéanamh do láimhdeachas an cheannaitheora a bheith níos airde ná €2 mhilliún agus níos airde ná láimhdeachas an tsoláthraí.
• Ina theannta sin, leagtar amach i gCuid 3 de na rialacháin nua ceanglais tuairiscithe comhlíonta nua do cheannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná €50m acu. D’iarr an tÚdarás Forfheidhmithe maidir le CÉTanna sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tuarascálacha comhlíonta ar bhonn deonach ó cheannaitheoirí. Foráiltear leis na rialacháin go mbeidh sé d’oibleagáid ar cheannaitheoirí den sórt sin tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh a chur faoi bhráid an Rialálaí.