Fógraíonn an tAire McConalogue foilseachán den chéad Tuairisc Bliantúil d'Fhís an Bhia 2030
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD an chéad Tuairisc Bhliantúil d'Fhís an Bhia 2030.
Dúirt an tAire McConalogue:
''Is í Fís an Bhia 2030 ár straitéis roinnte do thodhchaí an agraibhia in Éirinn, cuireadh le chéile é don earnáil, ag an earnáil, le hinbhuanaitheacht timpeallachta, eacnamaíochta agus sóisialta lárnach ann''. Tá áthas orm go bhfuil an chéad thuairisc bliantúil d'Fhís an Bhia 2030 foilsithe, a dhéanann achoimre ar an dul chun cinn atá déanta ag an earnáil ó thaobh
spriocanna, le hobair thábhachtach bainteach le hinbhuanaitheacht timpeallachta sna hearnálacha déiríochta agus mairteola san áireamh, rud atá dul chun cinn déanta ann trí ghrúpaí geallsealbhóirí ar leith.
“Tá sé seo ar cheann de na tréithe is suntasaí de phróiseas Fhís an Bhia 2030, go bhfanann páirtithe leasmhara gafa agus páirteach i rith an phróisis. Is trí a bheith ag obair le chéile i gceart agus guth agus ról a bheith ag na páirtithe leasmhara uilig amháin gur féidir linn dul cinn a dhéanamh agus dul i ngleic agus aghaidh a thabhairt ar ár ndúshlán agus lántairbhe a bhaint as ár ndeiseanna.''
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
''San am atá caite, thug earnáil an agraibhia aghaidh ar chuid mhaith dúshlán ach sheas an earnáil an fód in aghaidh na ndúshlán, bhí sí sciobtha ó thaobh dul i ngleic le hathraithe agus bhí sí athléimneach agus í ag freagairt d’athruithe. Is eilimint thábhachtach í Fís an Bhia 2030 a bheidh ag teastáil sna blianta amach anseo, taispeánann sé creatlach straitéiseach agus fís do rannóg an agraibhia a bheidh dinimiciúil, inbhuanaithe agus nuálach. Chun dul chun cinn a dhéanamh le bheith chun tosaigh i gcórais bia inbhuanaithe go hidirnáisiúnta, coinneoidh an rannóg agraibhia orthu ag cuidiú le slándáil bia san AE agus go domhanda, freisin coinneoidh siad ag tairiscint nósanna maireachtála níos inmharthana do phobail feirme agus iascaireachta''.
Tugann an Tuarascáil Bhliantúil léargas ar an dul chun cinn atá déanta chun dáta, chomh maith le haird a tharraingt ar chuid de na príomh-éachtanna atá bainte amach laistigh de gach aon cheann de na ceithre mhisean de chuid Fís an Bhia. Taispeánann sé uasdhátú ar chur i bhfeidhm agus monatóireacht an chreatlaigh, le hobair an HLIC san áireamh. Léiríonn uasdhátú ar obair an Fhoghrúpa Timpeallachta (FGT) agus an mhonatóireacht déanta ag an nGníomhaireacht Cosaint Timpeallachta, na deacrachtaí suntasacha timpeallachta nach mór aghaidh a thabhairt orthu.
Tá ceithre bhun-mhisean, 22 sprioc agus 218 gníomh don earnáil agraibhia gur féidir leis an earnáil a bheith ag obair i dtreo don bhliain 2030 i bhFís an Bhia. Chun dáta, tá sé ghníomh (3%) comhlíonta agus tá na spriocanna bainte amach, tá gníomhaíocht suntasach déanta do 64 gníomh (29%), tá tús curtha le 142 gníomh (65%) agus tá siad ag dul ó neart go neart agus tá sé ghníomh (3%) nach bhfuil tús curtha leo go fóill. Laistigh de na príomh-éachtanna tá forbairt na bPlean Inbhuanaithe do na rannóga Déiríochta agus Mairteola; an obair atá ar bun ag Tascfhórsa na hEarnála Mara; an foilseachán den Phlean Pailneora Uile-Éire; agus rannpháirtíocht na hÉireann i gcruinniú na gCórais Bia sna Náisiún Aontaithe.
Item was unpublished or removed
Foscríbhinn: An tAire McConalogue ag seoladh na chéad Tuarascála Bliantúla d'Fhís an Bhia 2030
Nóta d’Eagarthóirí
Tá tuilleadh eolais foilsithe faoi Fhís an Bhia 2030 ag: Food Vision 2030 - A World Leader in Sustainable Food Systems.