Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil an dara Bliain den Scéim Feabhsúcháin Caorach oscailte d'iontrálaithe nua

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. go bhfuil an dara bliain den Scéim Feabhsúcháin Caorach (SFC) oscailte d'iontrálaithe nua.

Ag labhairt faoi oscailt na scéime, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:

“Is é seo an dara bliain den SFC, scéim a thacaíonn le sláinte agus leas ainmhithe agus atá ag cur leis an dul chun cinn atá déanta ag an scéim a tháinig roimpi, an Scéim Leasa Caorach. Léiríonn an oscailt bhliantúil d'iontrálaithe nua a d'éascaigh mé sa scéim seo tiomantas leanúnach an rialtais seo d'earnáil na gcaorach do na blianta amach romhainn. Fáiltím roimh oscailt an phróisis iarratais d'iontrálaithe cáilitheacha nua chun dul isteach sa dara bliain den Scéim Feabhsúcháin Caorach agus molaim dóibh iarratas a dhéanamh.”

Tá an SFC maoinithe faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027 agus cuireann sí tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí caorach chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a fheabhsaíonn sláinte agus leas ainmhithe in earnáil na gcaorach agus tá leithdháileadh buiséid €100M aici.

Ní mór iarratais a dhéanamh ar agfood.ie. Is é an 02 Feabhra 2024 an dáta oscailte d'iarratais. Is é 5pm, an 29 Feabhra 2024, an spriocdháta d'iarratais.

Nótaí d'Eagarthóirí

Sainmhíniú ar Iontrálaí Nua

Chun críocha dara Bliain na scéime, sainmhínítear iontrálaí nua sa scéim seo mar iarratasóir a chuir isteach ar uimhir thréada nua laistigh den tréimhse ón 1 Nollaig 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Anuas air sin, d'fhéadfadh iontrálaí nua a bheith ina (h)iarratasóir a bhfuil uimhir tréada aige/aici cheana féin agus nár choinnigh nó nár thrádáil caoirigh ar feadh tréimhse trí bliana ón 1 Nollaig 2020 go dtí an 30 Samhain 2023.

Maidir le Plean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn go mbíonn soláthar seasmhach bia ann, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an comhshaol agus a choimeádann ceantair thuaithe bríomhar. Cuireann tíortha AE CBT i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.

Tugadh isteach an Scéim Feabhsúcháin Caorach chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú san earnáil caorach. Cuireann an Scéim tacaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí chun céimeanna breise a ghlacadh chun leas a dtréada a fheabhsú.

Tá an Scéim Feabhsúcháin Caorach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat