Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Bhliain 1 den Scéim Feabhsúcháin Caorach

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go gcuirfear tús leis na híocaíochtaí comhardaithe 15% le gach feirmeoir incháilithe faoi bhliain 1 (2023) den Scéim Feabhsúcháin Caorach (SIS).

Tugann cur i bhfeidhm céimneach na n-íocaíochtaí comhardaithe seo an méid iomlán a íoctar le breis agus 17,020 feirmeoir faoi SIS do 2023 go €21.33 milliún, rud a chuireann borradh suntasach airgeadais ar fáil do na feirmeoirí aonair, d'earnáil na gcaorach i gcoitinne agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne. Eisíodh an réamhíocaíocht de 85% le feirmeoirí incháilithe i mí na Samhna 2023.

Dúirt an tAire:

"Sa chéad bhliain den Scéim Feabhsúcháin Caorach tá os cionn 17,000 feirmeoir caorach tar éis íocaíochtaí a fháil faoin scéim, scéim nua a thóg ar a rathúla is a bhí a réamhtheachtaí, Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach, sa CBT roimhe seo. Tacaíocht thábhachtach d'fheirmeoirí caorach is ea an €2.17 milliún seo a eisiúint in íocaíochtaí comhardaithe SIS, rud a chuireann borradh airgeadais ar fáil do na feirmeoirí aonair féin agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne.”

Chuir an tAire leis sin:

“Tháinig 286 iontrálaí nua eile isteach in SIS níos luaithe i mbliana, rud a fhágann go bhfuil 18,940 rannpháirtí ann sa scéim anois. Léiríonn tabhairt isteach na Scéime Feabhsúcháin Caorach in 2023, chomh maith le cur i bhfeidhm céimneach Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach in 2024, tiomantas an rialtais seo tacú le feirmeoirí caorach. Idir an tacaíocht a chuir mé ar fáil faoin SIS agus faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach, tá €20 in aghaidh na caorach ar fáil d'fheirmeoirí caorach in 2024, an íocaíocht is airde a rinneadh riamh leis an earnáil thábhachtach seo.”

Mar fhocal scoir, mhol an tAire d’aon fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna fós le réiteach acu freagra a thabhairt ar rannóg caorach na Roinne láithreach chun íocaíocht a éascú agus dheimhnigh sé go leanfaidh an Roinn ag eisiúint íocaíochtaí ar bhonn leanúnach de réir mar a réitítear ceisteanna atá fós le réiteach.

Mheabhraigh sé freisin do rannpháirtithe agus d'áitigh sé ar rannpháirtithe cúram agus am cuí a ghlacadh agus na gníomhartha atá roghnaithe acu faoin Scéim Feabhsúcháin Caorach agus faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach in 2024 á dtabhairt i gcrích agus iad a thaifeadadh go cruinn laistigh de na bileoga Taifid Ghníomhaíochta atá curtha ar fáil ag an Roinn.

*CRÍOCH*

Nótaí do na hEagarthóirí:

Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach

Osclaíodh Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach d'iarratais ar an 8 Aibreán 2024 agus dúnadh í ar an 21 Bealtaine 2024 ach fanfaidh sí oscailte d'iarratais dhéanacha, bíodh is go bhfuil pionós i bhfeidhm, suas go dtí an 15 Meitheamh 2024. Tá buiséad €15 milliún ag an scéim agus tá díreach os cionn 17,000 feirmeoir tar éis iarratas a dhéanamh chun dul isteach sa scéim. Is é an ráta íocaíochta ná suas le €8 in aghaidh na gcaorach. Ceanglófar ar rannpháirtithe sa scéim dhá ghníomh a chur i gcrích chun an íocaíocht iomlán in aghaidh na gcaorach a fháil.

An Scéim Feabhsúcháin Caorach

Tugadh an Scéim Feabhsúcháin Caorach isteach chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú in earnáil na gcaorach. Cuireann an Scéim tacaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí as céimeanna breise a ghlacadh chun leas a dtréada a fheabhsú. Tógann sé ar a rathúla is a bhí a réamhtheachtaí sa CBT roimhe seo, Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach.

Tá an Scéim Feabhsúcháin Caorach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an AE agus is ionann an ráta íocaíochta agus €12 in aghaidh na gcaorach.

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat