Fógraíonn an tAire McConalogue gur cuireadh tús le hÍocaíochtaí Comhardaithe €16.6 milliún don Scéim Leasa Caorach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue gur cuireadh tús le hÍocaíochtaí Comhardaithe €16.6 milliún don Scéim Leasa Caorach

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gur cuireadh tús leis na híocaíochtaí comhardaithe 15% a dhéanamh le gach feirmeoir incháilithe faoi bhliain 4 den Scéim Leasa Caorach. Tá an Scéim comhchistithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Chlár um Fhorbairt Tuaithe na hÉireann, 2014-2020.

Is ionann na híocaíochtaí iomlána a rinneadh faoi Bhliain 4 den Scéim Leasa Caorach, i ndiaidh gur tugadh na híocaíochtaí comhardaithe isteach, agus €16.6 milliún a rinneadh le 18,300 feirmeoir, a sholáthraíonn borradh suntasach airgeadais do na feirmeoirí aonair, don earnáil chaorach go ginearálta agus don gheilleagar tuaithe níos fairsinge.

Dúirt an tAire McConalogue,

“Leanann tosú na n-íocaíochtaí comhardaithe faoin scéim in am le tiomantas an Rialtais seo don earnáil chaorach in Éirinn a léiriú, go háirithe i gcomhthéacs na timpeallachta dúshlánaí atá roimh fheirmeoirí san earnáil.”

Dúirt an tAire freisin,

“Ba dheas liom a fhógairt gur cuireadh síneadh leis an scéim do Bhuiséad 2021, a léiríonn tiomantas leanúnach an Rialtais seo don scéim agus feirmeoirí caorach ar fud na hÉireann. Príomhghné í an Scéim Leasa Caorach chun sprioc mo Roinne a bhaint amach chun sláinte ainmhithe a chur chun cinn agus a chosaint ar mhaithe le tomhaltóirí, táirgeoirí, an geilleagar agus an tsochaí níos fairsinge, faoi mar a leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2021-2024 agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne. Léiríonn sé freisin mo thiomantas iomlán don earnáil.”

Mar fhocal scoir, spreag an tAire feirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu nár réitíodh go dtí seo chun freagairt don Roinn láithreach d’fhonn íocaíocht a éascú. Leanfar le híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhnítear cáilitheacht d’fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu nár réitíodh go dtí seo.

Is féidir féachaint ar Ráiteas Straitéise (2021-2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar láithreán gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat