English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue gur faomhadh na hiarratasóirí go léir sa tráinse is déanaí de SNTS

Leantar le meáníocaíochtaí seachtainiúil de €1.2m – moltar d’iarratasóirí a n-iarratas ar íocaíocht a dhéanamh go luath

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu, go bhfuil tús curtha le ceadú a thabhairt i leith na n-iarratas incháilithe a fuarthas faoi Thráinse 22 den Scéim Nuachóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS). Dheimhnigh an tAire freisin gur eisíodh meáníocaíochtaí seachtainiúil de €1.2m i mbliana faoin scéim faoi SNTS II agus gur eisíodh €2.6 milliún an tseachtain seo.

I mbliana, go dtí seo, íocadh €43.4 milliún maidir le hinfheistíochtaí atá curtha i gcrích. Eisíodh íocaíochtaí de os cionn €305 milliún san iomlán maidir le os cionn 22,172 iarratas faofa, i leith infheistíochtaí curtha i gcrích ó thosaign SNTS II in 2015.

Ag labhairt dó ina thaobh, dúirt an tAire:

“Is scéim í SNTS a bhfuil an-rath uirthi agus atá an-tairbhiúil agus tá áthas orm a dheimhniú go n-eiseofar ceaduithe i leith gach iarratais incháilithe a cuireadh isteach faoi Thráinse 22.”

“Tá lúcháir orm gurb ionann agus €43 milliún na híocaíochtaí a rinneadh san iomlán go dtí seo in 2021 maidir le hinfheistíochtaí SNTS II, nuair a chuirtear san áireamh íocaíochtaí na seachtaine seo de €2.6 milliún. Is í an tosaíocht atá anois againn ná leanúint le híocaíochtaí a eisiúint d’iarratasóirí ceadaithe le haghaidh infheistíochtaí atá curtha i gcrích. Leanfar leis na híocaíochtaí seo a eisiúint go seachtainiúil”.

Mhol an tAire do na feirmeoirí go léir a bhfuil oibreacha curtha i gcrích acu agus a bhfuil éilimh íocaíochta gan íoc acu maidir le SNTS II, na hiarratais a chur isteach chuig córas ar líne na Roinne a luaithe is a bheidh na hoibreacha críochnaithe chun go bhfaighfear an íocaíocht gan mhoill. Dúirt sé freisin

“Tugadh ceadú do os cionn 43,500 iarratas ó seoladh an scéim, agus tá líon mór atá ceadaithe gan íoc fós. Mholfainn d’fheirmeoirí an obair infheistíochta a chur i gcrích agus cur isteach ar an íocaíocht a luaithe is féidir chun go n-eiseofar na híocaíochtaí gan mhoill”.

Dúnfar an Tráinse reatha SNTS II ar 5 Samhain 2021. Osclósfar Tráinse 24 ar 6 Samhain 2021. Is cuid iad tionscnaimh go léir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara de Phlean Gníomhaithe na Roinne 2021, atá le fáil ag

Dafm Action Plan 2021
Dafm Action Plan 2021
Amharc amharc

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá sonraí iomlána ar na seacht mbeart atá ar fáil faoi SNTS II ar shuíomh gréasáin Rialtais na hÉireann ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/tamsII