Fógraíonn an tAire McConalogue pacáiste ar fiú breis agus €7.1 milliún é chun tacaíocht bhreise a sholáthar don earnáil curaíochta.
- Foilsithe: 16 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D €7.147 milliún breise i maoiniú stáit inniu chun tacú leis an earnáil curaíochta. Tá an tacaíocht náisiúnta bhreise seo á cur ar fáil don earnáil curaíochta as an maoiniú aonuaire €8 milliún a bhaineann leis an Úcráin a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2024 agus is ionann é agus breisiú 100% ar an €7.147 milliún a leithdháileadh faoi Chúlchiste Talmhaíochta an AE a fógraíodh go luath i mí Dheireadh Fómhair.
Glacadh an cinneadh cur le leithdháileadh Chúlchiste Talmhaíochta an AE mar gheall ar na deacrachtaí a bhí roimh shaothróirí curaíochta le linn fómhar 2023.
Dúirt an tAire:
“I bhfianaise na ndúshlán suntasach atá le sárú ag an earnáil curaíochta in 2023, tá leithdháileadh breise de €7.147 milliún ceadaithe agam a sholáthróidh tacaíocht ríthábhachtach don earnáil thábhachtach seo. Bainfear úsáid as an maoiniú breise le haghaidh scéim spriocdhírithe chun tacú le saothróirí curaíochta nach raibh in ann barraí gránach a bhaint de bharr aimsir fhliuch i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair. Soláthróidh an maoiniú freisin d’íocaíocht mhéadaithe in aghaidh an heicteáir do shaothróirí incháilithe anuas ar an íocaíocht a d’fhógair mé faoi Chúlchiste Talmhaíochta an AE i mí Dheireadh Fómhair”.
Beidh an scéim spriocdhírithe chun saothróirí a chúiteamh as barra nach bhfuil bainte ag ráta de €1,000 in aghaidh an heicteáir. Beidh íoslimistéar incháilithe de 2 heicteár agus uaslimistéar incháilithe de 20 heicteár i bhfeidhm maidir le hiarratais aonair faoin scéim. Tá an leithdháileadh buiséid atá fágtha de €7.147m á úsáid mar bhreisiú do gach faighteoir incháilithe na híocaíochta Cúlchistí Talmhaíochta a d'fhógair an tAire i mí Dheireadh Fómhair.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Léirigh mé mo thiomantas don earnáil curaíochta le linn 2022 agus 2023. Tá buiséad bliantúil na Scéime Cúnaimh Próitéine dúbailte agam ó €3 mhilliún go €7 milliún chomh maith leis An Scéim Dreasachta Curaíochta (TIS) áit a ndearnadh íocaíochtaí beagnach €11 milliún le hiarratasóirí scéime anuraidh. Fuair mé buiséad bliantúil de €10 milliún don Bheart Ionchorpraithe Tuí (SIM) mar chuid bhuan de Phlean Straitéiseach faoi CBT (CSP) agus d’fhógair mé maoiniú breise de €6.5 milliún don SIM chun tacaíocht a chinntiú do gach iarratasóir in 2023. Mar thoradh ar na tacaíochtaí seo, chomh maith leis an leithdháileadh de €7.147m faoi Chúlchiste Talmhaíochta an AE agus an breisiú náisiúnta de €7.147m eile, tá €25 milliún de mhaoiniú breise ann i mbliana chun tacú le saothróirí curaíochta maidir le bliain a bhí an-dúshlánach”.
Tá an Scéim Tacaíochta Barr Neamhbhainte spriocdhírithe oscailte d’iarratais ón lá inniu agus ní mór iarratais a chur isteach faoi am scoir gnó an 24 Samhain 2023. Déanfar íocaíochtaí faoin Scéim i mí Eanáir 2024.
Tá tuilleadh eolais, mar aon le Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime agus an fhoirm iarratais, le fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne anseo.https://www.gov.ie/en/service/85958-unharvested-crop-support-scheme-2023/