English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue pacáiste spriocdhírithe idirghabhála don earnáil curaíochta agus tionscnamh ilspeicis báinsí

Tá pacáiste spriocdhírithe idirghabhála fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD don earnáil curaíochta agus do thionscnamh ilspeicis báinsí, ar fiú os cionn €12 mhilliún é chun tacú le feirmeoirí na hÉireann.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Táimid ag maireachtáil in am gan fasach. Chuir an t-ionradh neamhdhleathach san Úcráin brú ollmhór ar ár slabhraí soláthair,le praghsanna ionchuir fíor-arda agus cur isteach ar an slabhra soláthair. Sin é an fáth a bhfuil Foireann Mearfhreagartha curtha i bhfeidhm agam i mo Roinnse agus gur bhunaigh mé an Coiste Náisiúnta Slándála Fodair agus Bia chun scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun comhairle a thabhairt don earnáil an cur isteach a bhainistiú. Tá sé mar aidhm ag pacáiste an lae inniu níos mó barr dúchasach a tháirgeadh agus ag an am céanna spleáchas ar allmhairí agus ar bharra a laghdú a bhfuil éileamh íseal acu ar leasachán ceimiceach, atá teoranta ó thaobh soláthair de mar thoradh ar an ionradh.”

Dúirt an tAire McConalogue:

“Táim buíoch de mo chomhghleacaithe comh-aireachta as tacú leis an bpacáiste seo. Tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne dul i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an gCoimisiún Eorpach sna laethanta amach romhainn chun an pacáiste a thabhairt chun críche. Táim tiomanta do sheasamh lenár dteaghlaigh feirme le linn na géarchéime seo agus leanfaidh mé orm á dhéanamh sin san am amach romhainn."

Ar deireadh, dúirt an tAire McConalogue:

“Molaim d'fheirmeoirí an pacáiste seo a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu faoi bharra atá le cur sna laethanta agus seachtainí amach romhainn. Meabhraím d'fheirmeoirí freisin go mbeidh na barra a dhearbhófar ar a n-iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 mar bhonn le haon íocaíochtaí amach anseo do na barra curaíochta agus próitéine seo."

Nótaí don Eagarthóir:

Tá sé beartaithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara pacáiste idirghabhála spriocdhírithe a chur i bhfeidhm do bharra áirithe, agus na príomhghnéithe seo a leanas ann:

• Scéim Dreasachta Curaíochta chun feirmeoirí a dhreasú chun barra curaíochta breise a fhás. Is foinsí suntasacha d'onnmhairí arbhair ar fud an domhain iad an Rúis agus an Úcráin, mar sin tá tionchar ag an staid san Úcráin agus ag na smachtbhannaí ar an Rúis ar phraghas agus ar infhaighteacht na ngránach ar fud an domhain. Tá sé beartaithe spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí níos mó barr curaíochta a fhás (m.sh. eorna, coirce, cruithneacht) in 2022 i gcomparáid le 2021. Ionas go mbeidh limistéar barr incháilithe, caithfidh nach raibh táirgeadh curaíochta déanta ar an talamh in 2021. Tá íocaíocht €400 in aghaidh an heicteáir beartaithe. Is ionann an buiséad atá beartaithe agus €10 milliún. Ba cheart d'fheirmeoirí na barra ábhartha a dhearbhú maidir lena n-iarratas BPS 2022.

• Tacaíochtaí Barra Próitéine chun spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí barra próitéine a fhás (i.e. piseanna, pónairí, lúipíní agus comhbharra) in 2022. Déantar foráil do €3 mhilliún faoin Scéim um Chúnamh Próitéine atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach agus tá €1.2 milliún eile le cur ar fáil chun íocaíocht €300 in aghaidh an heicteáir a ráthú le haghaidh pónairí, piseanna agus lúipíní agus €150 in aghaidh an heicteáir le haghaidh comhbharra (meascán arbhair/próitéine). Ba cheart d'fheirmeoirí na barra ábhartha a dhearbhú maidir lena n-iarratas BPS 2022.

• Scéim Ilspeicis Báinsí lena n-áirítear tacaíocht do sheamair dhearg chun modhanna feirmeoireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, agus, ar an gcaoi sin, leasachán nítrigine a laghdú go mór, agus torthaí foráiste a choinneáil. Is féidir le hIlspeicis Báinsí agus Seamair Dhearg airgead a shábháil d'fheirmeoirí agus leibhéil táirgeachta a choinneáil agus lorg carbóin na feirme a laghdú. Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a dhéanfaidh an beart seo i gcomhar le hAgra-mhiondíoltóirí agus Comharchumainn rannpháirteacha ar fud na tíre. Tacóidh sé le bunú thart ar 12,000 heicteár d'Ilspeicis Báinsí agus thart ar 4000 heicteár den mheascán sadhlais Seamair Dheirg.

CRÍOCH