Fógraíonn an tAire McConalogue réamhíocaíochtaí ar fiú €184 milliún iad faoin Éicea-Scéim nua do 106,137 feirmeoir
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoi Éicea-Scéim 2023. Is garsprioc thábhachtach í seo toisc gur scéim nua í an Éicea-Scéim a thug mo Roinn isteach den chéad uair níos luaithe sa bhliain faoin CBT nua.
Dúirt an tAire:
“Tá mé ar bís a dheimhniú go bhfuil tús curtha inniu le réamhíocaíochtaí faoin Éicea-Scéim, ar fiú beagnach €184 milliún iad do 106,137 feirmeoir. Tá sé mar aidhm ag Éicea-Scéim na hÉireann luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí as gníomhartha a dhéanamh a théann chun tairbhe don aeráid, don chomhshaol, do cháilíocht an uisce agus don bhithéagsúlacht. Is tacaíocht ríthábhachtach iad íocaíochtaí Éicea-Scéime d’fheirmeoirí atá ag soláthar tairbhí don chomhshaol agus don bhithéagsúlacht. Is é an ráta íocaíochta ná €67 in aghaidh an heicteáir incháilithe.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“I bhfianaise a thábhachtaí atá íocaíochtaí scéime d’fheirmeoirí, scríobh an Roinn chuig gach feirmeoir i mí an Mhárta agus i mí Mheán Fómhair na bliana seo chun sceideal íocaíochta sna míonna amach romhainn a leagan amach dóibh.”
“Táim tiomanta a chinntiú go leanfar ar aghaidh ag eisiúint gach íocaíocht scéime ar an mbealach is éifeachtaí chun a chinntiú go gcuirfear na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo ar fáil d’fheirmeoirí ar bhealach tráthúil. Fillfidh na dátaí íocaíochta don bhliain 2024 ar an gnáth-amchlár ó na blianta roimhe seo, a luaithe a bheidh obair déanta ar na castachtaí a bhaineann le córas íocaíochta iomlán nua a sholáthar.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá réamhíocaíochtaí na hÉicea-Scéime ag tosú inniu ag ráta 70%. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn, ar bhonn práinne, leis na cásanna go léir atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime. Mholfainn d’fheirmeoir ar bith a bhfuil iarratais ar cháipéisíocht aige/aici ó mo Roinn atá fós le tabhairt, iad a thabhairt ar ais chun ligean don Roinn d’íocaíochtaí a eisiúint.”
Ar an iomlán, gheobhaidh 89% d’iarratasóirí incháilithe na hÉicea-Scéime íocaíocht Éicea-Scéime sna laethanta amach romhainn.
Tá íocaíochtaí faoi na Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2023 agus faoi Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) 2023, ar cuireadh tús leis le seachtainí beaga anuas, ag leanúint ar aghaidh freisin de réir mar a imréitítear níos mó cásanna le haghaidh íocaíochta.
Tabhair faoi deara le do thoil, ag brath ar cé leis a bhfuil cuntas bainc agat, go bhféadfadh sé suas le 3 – 5 lá a thógáil go dtí go bhfuil d’íocaíocht Éicea-Scéime i do chuntas bainc.
Chun cabhrú le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-Éicea-Scéim, a n-íocaíochtaí BISS nó a n-íocaíochtaí ANC, tá uaireanta sínte i bhfeidhm don Deasc Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha. Ón Máirt an 31 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine an 03 Samhain, beidh an Deasc Chabhrach ar fáil suas go dtí 8.30pm. Is féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Deasc Chabhrach ag 057-867 4422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne trí www.agfood.ie
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh mar chomhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht lena gcinntítear go bhfuil bia á chur ar fáil go seasmhach, lena gcosnaítear ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht, agus lena gcoinnítear beocht i gceantair thuaithe. Cuireann tíortha an AE CBT chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
• Bunaíodh an Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) chun tacaíocht dhíreach ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí na hÉireann chun tacú lena n-inbhuanaitheacht agus inmharthanacht leanúnach.
• Tá an Éicea-Scéim tugtha isteach den chéad uair mar chuid de Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027. Is éard is aidhm leis an Éicea-Scéim ná cúiteamh a thabhairt d'fheirmeoirí, ó gach aon réimse feirmeoireachta agus ar gach aon leibhéal déine, as gníomhartha a ghlacadh a théann chun tairbhe don aeráid, don chomhshaol, do cháilíocht an uisce, agus don bhithéagsúlacht.
• Tá an Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) agus an Éicea-Scéim maoinithe ag an AE.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig Item was unpublished or removed