Fógraíonn an tAire McConalogue seoladh nóis imeachta náisiúnta freasúra do Thásc Geografach faoi Chosaint (TGC) do Mhairteoil Angus Deimhnithe na hÉireann
- Foilsithe: 24 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., go bhfuil nós imeachta náisiúnta freasúra seolta ag a Roinn inniu maidir leis an iarratas chun “Mairteoil Angus Deimhnithe na hÉireann” a chlárú mar Thásc Geografach faoi Chosaint (TGC). Is éard atá i nós imeachta náisiúnta freasúra ná céim sa phróiseas iarratais ar TGC nach mór a dhéanamh sular féidir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar bhonn foirmiúil
Is éard is “Tásc Geografach faoi Chosaint” (TGC) ann ná ainm a shainaithníonn táirge a thagann as áit, réigiún nó tír ar leith agus a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréithe eile ar leith inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh. Is é an t-iarratasóir ar an TGC seo ná an grúpa táirgeoirí Mhairteoil Angus Deimhnithe na hÉireann agus is é oileán na hÉireann an limistéar geografach atá san iarratas.Is é Mairteoil Angus Deimhnithe na hÉireann an t-ainm a thugtar ar fheoil a thagann ó eallach a bhfuil deimhniúchán Angus/Angus chrosphóraithe acu.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Gabhaim buíochas leis an nGrúpa Mhairteoil Angus Deimhnithe na hÉireann as a gcuid oibre chun an t-iarratas seo ar TGC a chur chun cinn dá dtáirge. Tá lúcháir orm go bhfuil an t-iarratas imithe ar aghaidh go dtí an chéim seo, agus tuigim an obair nach beag atá déanta go dtí seo.”
Rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, RA, grinnscrúdú ar an iarratas ar nós imeachta náisiúnta de réir riachtanais an AE. Tá an t-iarratas seo deighilte ón iarratas TGC do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann, a bhfuil an próiseas clárúcháin beagnach críochnaithe ag an gCoimisiún Eorpach dó.
Tugann an nós imeachta freasúra deis d’aon duine dúchasach nó dlíthiúil, a bhfuil suim dhlisteanach acu agus atá lonnaithe nó ina gcónaí in Éirinn, agóid a thaisceadh i gcoinne na n-iarratas.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Tá áthas ar leith orm faoin mbonn uile-oileáin atá leis an iarratas seo. Leanann sé an t-iarratas uile-oileáin do TGC Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann. Léiríonn an comhiarratas seo an comhoibriú láidir leanúnach faoi chúrsaí talmhaíochta idir mo Roinnse agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.”
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá sonraí faoin nós imeachta náisiúnta freasúra ar fáil ag Item was unpublished or removed
Tá tréimhse 2 mhí ag páirtithe leasmhara chun ráiteas freasúra stuama a chur isteach i gcomhréir leis na riachtanais rialála, dar críoch ag 5.30pm ar an 24 Eanáir 2024. Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig GIoppositions@agriculture.gov.ie
Ní mór freasúra ar bith ó Thuaisceart Éireann a chur faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe trí ríomhphost chuig protectedfoodnames@defra.gov.uk
Is cineál ceart maoine intleachtúla iad Tásca Geografacha, a chosnaíonn ainmneacha táirgí bia a bhfuil nasc acu le dúiche nó le modh táirgthe ar leith. Téann scéim Tásc Geografach an AE chun leasa na dtáirgeoirí mar go dtugtar cosaint d'ainmneacha táirgí talmhaíochta sonracha a bhfuil saintréithe breisluacha ar leith acu a bhaineann lena dtiosncnamh geografach. Cuireann an t-aitheantas TG ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí ardchaighdeáin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus ag an am céanna cabhraíonn sé le táirgeoirí margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí.
Is éard is “Tásc Geografach faoi Chosaint” (TGC) ann ná ainm a shainaithníonn táirge: (a) a thagann as áit, réigiún nó tír ar leith; (b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréithe eile ar leith inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus (c) go dtarlaíonn ar a laghad ceann amháin de na céimeanna táirgthe sa limistéar geografach sainithe.
Tá ocht n-ainm cláraithe ar tháirgí bia ATC /TGC ag Éirinn - Bradán Oileán Chliara (TGC), Regato Ó Mic Coille (ATC), Putóg Dhonn Thigh Molaige (TGC), Uaineoil Chnoic Chonamara (TGC), Blaa Phort Láirge (TGC), Salann Sáile Oirialla (ATC), Mianraí Farraige Oirialla (ATC) agus Putóg Dhubh na Snadhma (TGC).
Chuaigh an t-iarratas TGC do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann tríd an tréimhse freasúra náisiúnta seo in 2020, agus chríochnaigh sé freasúra tríú tíre agus ballstáit ag leibhéal an AE le déanaí. Tá gach céim den ghrinnscrúdú curtha i gcrích ag an iarratas seo anois, agus táthar ag súil go dtabharfar an clárú chun críche sna seachtainí atá romhainn.
Tá stádas TG faoi Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 ag na trí ainm deochanna biotáille - Uisce Beatha na hÉireann, Uachtar Licéir Éireannaigh agus Poitín na hÉireann.
CRÍOCH