Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue seoladh Scéim nua Feabhsaithe Caorach agus oscailt na háise iarratais ar líne

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Scéim nua Feabhsaithe Caorach á seoladh agus go bhfuil an áis iarratais ar líne á hoscailt.

Agus an scéim nua á hoscailt go foirmiúil aige, dúirt an tAire:

“Tá áthas orm seoladh Scéim Feabhsaithe Caorach a fhógairt inniu ionas gur féidir le feirmeoirí iarratas a chur isteach. Tugadh an scéim isteach agus é mar aidhm aici tógáil ar an dul chun cinn faoi Scéim Leasa na gCaorach (SWS) i gClár um Fhorbairt Tuaithe 2014-2022.”

Dearadh Scéim Feabhsaithe Caorach, atá mar chuid de Phlean Straitéiseach Chomhbheartas Talmhaíochta na hÉireann (CBT) don tréimhse 2023-2027, chun tacú le feirmeoirí tabhairt faoi ghníomhartha a fheabhsaíonn leas ainmhithe in earnáil na gcaorach.

Dúirt an tAire:

“Beidh an íocaíocht faoin scéim ag ráta €12 in aghaidh na gcaorach pórúcháin incháilithe, ar méadú é ón €10 in aghaidh na gcaorach pórúcháin incháilithe faoi Scéim Leasa an gCaorach. Is tacaíocht thábhachtach iad na híocaíochtaí seo d'fheirmeoirí caorach chun príomhghníomhartha leasa a sheachadadh agus cuireann siad borradh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí aonair agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne.

Is féidir leis an bhfeirmeoir nó le Comhairleoir ón gCóras Comhairleach Feirme (FAS) iarratais ar an scéim a dhéanamh tríd an áis iarratais ar www.agfood.ie.. Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná meán oíche Dé Luain an 19 Nollaig 2022.


Nótaí d'Eagarthóirí

Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha na scéime, doiciméad maidir le Ceisteanna Coitianta, agus treoir maidir le conas iarratas a dhéanamh, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag gov.ie - Sheep Improvement Scheme (www.gov.ie).

Tá iarratais ar an Scéim Feabhsaithe Caorach á nglacadh anois ag an Roinn ar www.agfood.ie. Féadfaidh feirmeoirí an t-iarratas a chur isteach iad féin nó féadfaidh siad iarraidh ar Chomhairleoir atá faofa ag an gCóras Comhairleach Feirme (FAS) iarratas a chur isteach thar a gceann. Tá liosta de Chomhairleoirí faofa FAS ar fáil freisin ar láithreán gréasáin na Roinne ag: gov.ie - Farm Advisory System (FAS) (www.gov.ie).

Má bhíonn aon fhadhb ag feirmeoir nó comhairleoir logáil isteach ar www.agfood.ie, , is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag agfood@agriculture.gov.ie nó 049 -4368288.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, déan teagmháil leis an Roinn ar an bhfón nó trí ríomhphost ar na bealaí seo a leanas: