Fógraíonn an tAire McConalogue tacaíocht don Fheirmeoireacht Shóisialta faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, go leanfaidh a Roinn den Fheirmeoireacht Shóisialta in Éirinn a mhaoiniú agus leithdháileadh thart ar €777,000 ann chun síneadh a chur le conarthaí le haghaidh na dtionscadal eiseamláire feirmeoireachta sóisialta seo a leanas agus don Líonra Náisiúnta Feirmeoireachta Sóisialta:
- Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CTR – le leanúint den Líonra Náisiúnta Feirmeoireachta Sóisialta ar a dtugtar Social Farming Ireland a fhorbairt
- Down Syndrome Ireland (Brainse Chorcaí) – chun deiseanna a chur ar fáil do rannpháirtíocht i bhfeirm shaintógtha, Field of Dreams, lena ngabhann gnéithe gairneoireachta agus cúraim ainmhithe a chuirfidh buntáistí fadtéarmacha folláine ar fáil do na rannpháirtithe
- Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas – chun rannpháirtíocht a mhéadú i measc rannpháirtithe agus rannpháirtíocht na bhfeirmeoirí a óstáil ionas go mbeidh an deis feirmeoireachta sóisialta ar fáil do níos mó daoine i gCiarraí agus chun rogha a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le bheith rannpháirteach le teaghlaigh feirme
- IRD Dhúiche Ealla – chun athshlánú, ionchuimsiú sóisialta, oiliúint agus caighdeán feabhsaithe beatha a chur chun cinn i suíomh neamhchliniciúil ach úsáid a bhaint as an talmhaíocht, plandaí agus ainmhithe san áireamh. Chun daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, daoine faoi mhíchumas intleachta, fisiciúil nó céadfach, daoine a bhfuil uathachas orthu agus iad siúd faoi mhíchumas folaithe a ionchuimsiú
- Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CTR – chun coimisiúnú agus príomhshruthú iomlán na dtacaíochtaí Feirmeoireachta Sóisialta a eiseamláiriú agus a chur chun cinn ar fud réimse earnálacha agus seirbhísí in Éirinn
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm a bheith in ann leanúint ar aghaidh ag tacú leis an tionscnamh seo, is tionscnamh a chuireann seirbhís thábhachtach ar fáil ar fud pobail tuaithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a bhaineann leas as réimse tacaíochtaí seirbhíse sláinte. Léiríodh go gcuireann rannpháirtíocht san fheirmeoireacht shóisialta neart buntáistí ar fáil, cuir i gcás naisc fheabhsaithe sa phobal, féinmheas treisithe agus sláinte agus folláine fheabhsaithe, mar aon leis an deis chun scileanna nua a fhoghlaim."
Nótaí
Is éard atá i gceist le feirmeoireacht shóisialta ná an cleachtas a bhaineann le rannpháirtíocht feirmeoireachta agus ghairneoireachta i dtimpeallacht feirmeoireachta a thairiscint, ar bhonn deonach, mar rogha do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí tacaíochta lae teiripeacha. Reáchtáiltear na hoibríochtaí seo i roinnt suíomhanna ó fheirmeacha teaghlaigh oibre, tionscnaimh phobail áitiúla go creataí ar an leibhéal institiúideach. Sainaithníodh na soláthraithe seirbhísí ar éirigh leo mar sholáthraithe a bhfuil an fhís agus an cumas acu le tionscadail eiseamláire feirmeoireachta sóisialta nach beag a fhorbairt.
Léiríodh go gcuireann rannpháirtíocht san fheirmeoireacht shóisialta buntáistí ar fáil do rannpháirtithe, cuir i gcás naisc agus caidrimh fheabhsaithe sa phobal, féinmheas agus cumas treisithe, sláinte agus folláine fheabhsaithe agus an deis chun scileanna gairme agus saoil a fhorbairt ach a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí bunaithe ar an bhfeirm.