Fógraíonn an tAire Stáit Heydon tionscadail rathúla maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm faoi tionscnamh an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach. (CNE)
- Foilsithe: 23 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha Martin Heydon, T.D, tograí rathúla inniu faoi Céim 2 an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach. (EIP)
Direofar sna tionscadail ar deaileáil le dúshláin sláinte, sabháilteacht agus folláine ar an bhfeirm.
Rinne an tAire Heydon fógra maidir le thionscadail buaiteacha agus dúirt sé:
“Is é ceann de mo thosaíochtaí sláinte, sábháilteacht agus folláine ár bhfeirmeoirí, agus mar sin tá áthas orm a fhógairt go bhfuil 8 tionscadal ag dul chun feidhme iomlán an tseachtain seo chun a bheith ag an am céanna le Seachtain Sábhailteacht ar Fheirmeacha. Táim muiníneach go mbeidh na tionscadail rathúla a roghnaítear mar bhuntáiste suntasach i réimse na sláinte, sábháilteacht agus folláine feirmeora.”
Méadaíodh an buiséad tosaigh de € 1m go € 1.8m chun a chinntiú go bhféadfadh an líon uasta tograí is féidir dul i bhfeidhm go hiomlán.
"Cuireann an maoiniú breise seo béim ar mo thiomantas mar Aire atá freagrach as sábháilteacht feirme, agus tiomantas mo Roinne chun athrú dearfach a bhaint amach sa réimse seo," a dúirt an tAire Heydon.
Roghnaíodh na tionscadail rathúla tar éis Gairmeacha Oscailte ar thograí faoi Thionscnamh na gComhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpacha (EIP). Oibreoidh na hiarratasóirí rathúla go dlúth le cohórt mór feirmeoirí chun scéimeanna píolótacha cuimsitheacha a fhorbairt, a aithneoidh agus a chuirfidh i bhfeidhm bealaí nuálacha chun iompar agus dearcadh a athrú sa réimse ríthábhachta seo.
Mar fhocail scoir, dúirt an tAire Heydon, go “ndéanfaidh na tionscadail rathúla seo cur chuige nuálaíoch a phíolótú maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm agus spreagann siad athrú ar iompar ón mbun aníos maidir le sábháilteacht feirme.
Tá sonraí na dtograí rathúla leagtha amach sa tábla thíos
| Teideal an Tionscadail | Cur Síos Ginearálta |
| F.A.R.M Connect | |
| Tionscadal Béal Átha na Muice | |
| Tionscadal Meitheal Feirme | |
| Feirm Shábhailte (Farm Safe) | |
| Eco-T | |
| Sláinte agus Beatha Feirmoirí Conamara (SBFC) |
Nóta d'Eagarthóirí
Is é Coimisiún an AE agus Rialtas na hÉireann a chómhaoiníonn an tionscnamh EIP mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Go bunúsach, tá raon de pháirithe leasmhara ag baint leis an tionscamh EIP (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha) ag teacht le chéile i ndáil le ‘grúpaí oibríochtúla’ chun réitigh nuálacha a thriail atá forbartha ag an Grúpa iad féin. Tá réimse leathan ghrúpaí oibriúcháin EIP atá ann cheana féin faoi RDP na hÉireann, ach is é seo an chéad ghlaoch ar thograí a spreagann go sonrach le sláinte, sábháilteacht agus folláine na feirme.
I gCéim 1, caithfidh na ghrúpaí sonraí imlíneach ar a dtogra agus a gcur chuige a sholáthar. Is é seo an chéim atá á seoladh anois, le dáta deiridh an 29 Eanáir 2021. Déanann Coiste Saineolaithe na tograí gearra seo a mheasúnú, agus na tograí a roghnaítear go rathúil ag Céim 1 a théann ar aghaidh go dtí Céim 2.
I gCéim 2, forbraítear na tograí tosaigh i bhfad níos mine agus ní mór do gach togra plean mionsonraithe tionscadail a chur isteach ag an bpointe seo - tá forbairt na bpleananna seo maoinithe faoin tionscnamh EIP. Déantar measúnú arís ar na pleananna tionscadail mionsonraithe seo go léir, le tionscadail rathúla ag gluaiseacht go hiomlán. Maoinítear cur i bhfeidhm na dtionscadal freisin faoin tionscnamh CEN.
Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi Thionscnamh an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach ar shuíomh gréasáin na Roinne ag DAFM - Comhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach nó trí theagmháil a dhéanamh le EIP@Agriculture.gov.ie