Fógraíonn McConalogue go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí GLAS

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn McConalogue go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí GLAS

  • Eiseofar €113 milliún chuig 32,600 feirmeoir sna laethanta amach romhainn
  • €1.29bn san iomlán eisithe d'fheirmeoirí faoi GLAS

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí GLAS 2022. Íocfar beagán faoi bhun €113 milliún an tseachtain seo le beagán faoi bhun 32,600 feirmeoir atá rannpháirteach sa Scéim GLAS.

Dúirt an tAire,

“Tá an-áthas orm go bhfuil tús á chur ag mo Roinn leis na réamhíocaíochtaí GLAS seo le díreach faoi bhun 32,600 feirmeoir. Eiseofar na híocaíochtaí an tseachtain seo chuig 74.8% de rannpháirtithe GLAS agus beidh siad i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn.

“Tá sé mar phríomhthosaíocht agam íocaíochtaí a eisiúint go tapa chuig teaghlaigh feirme agus táim bródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo. Is tacaíocht thábhachtach ioncaim d'fheirmeoirí iad na híocaíochtaí seo ag an am seo den bhliain agus, ar ndóigh, is aitheantas iad ar an méid atá bainte amach acu ar mhaithe leis an gcomhshaol sa scéim GLAS.”

Dúirt an tAire freisin,

“Le híocaíocht an lae inniu de bheagán faoi bhun €113m, tá iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh go dtí seo faoin scéim GLAS cothrom le €1.29 billiún. Sárófar an infheistíocht seo sa scéim ACRES atá ag teacht isteach, scéim ina bhfuil €1.5bn faighte agam don scéim shuaitheanta chomhshaoil seo.”

Leanfar de na híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn rialta. Mhol an tAire d'fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir le GLAS iad a sheoladh trí ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie

Nótaí

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannán GLAS trí ríomhphost ag GLAS@agriculture.gov.ie

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach GLAS ag 053 9163425.

Réamhíocaíochtaí 2022 GLAS in aghaidh an Chontae

Contae Líon feirmeoirí a íocadh Méid
Ceatharlach 290 €1,031,805
An Cabhán 1,200 €4,250,250
An Clár 2,396 €8,507,933
Corcaigh 2,596 €8,756,631
Dún na nGall 3,026 €9,541,147
Baile Átha Cliath 60 €200,906
Gaillimh 3,951 €13,699,311
Ciarraí 2,504 €8,825,403
Cill Dara 239 €875,899
Cill Chainnigh 448 €1,558,208
Laois 501 €1,737,234
Liatroim 1,438 €5,074,991
Luimneach 1,050 €3,700,232
An Longfort 699 €2,511,851
175 €599,319
Maigh Eo 3,683 €12,411,589
An Mhí 474 €1,672,169
Muineachán 591 €1,907,280
Uíbh Fhailí 720 €2,584,343
Ros Comáin 1,813 €6,473,013
Sligeach 1,268 €4,389,954
Tiobraid Árann 1,277 €4,659,685
Port Láirge 364 €1,282,124
An Iarmhí 687 €2,504,779
Loch Garman 687 €2,541,974
Cill Mhantáin 447 €1,689,624
Iomlán 32,584 €112,987,654

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat