Fógraíonn McConalogue go gcuirfear tús le luach €27 milliún d’íocaíochtaí comhardaithe GLAS 2020 a íoc le feirmeoirí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn McConalogue go gcuirfear tús le luach €27 milliún d’íocaíochtaí comhardaithe GLAS 2020 a íoc le feirmeoirí

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go gcuirfear tús an tseachtain seo le híocaíochtaí comhardaithe a íoc a bhaineann le 2020 sula raibh sé sceidealaithe. Ciallaíonn seo go ndéanfar íocaíochtaí comhardaithe €26.6 milliún an tseachtain seo le breis agus 43,400 feirmeoir a bhfuil páirt á glacadh acu i Scéim GLAS.

Ag trácht dó ar na híocaíochtaí, dúirt an tAire,

“Táim an-sásta tús a chur leis na híocaíochtaí comhardaithe GLAS a dhéanamh le breis agus 43,400 feirmeoir sula raibh sé sceidealaithe. Is mó an líon seo feirmeoirí ná an líon a ndearnadh an íocaíocht leo anuraidh ag an tráth seo agus bronnfaidh an €27 milliún seo luaíocht orthu siúd a leanann le feabhsúcháin chomhshaoil a dhéanamh ar a bhfeirmeacha. Eiseofar na híocaíochtaí an tseachtain seo do 90% de rannpháirtithe GLAS agus bainfidh siad cuntais bhainc feirmeoirí amach an tseachtain seo.”

Dúirt an tAire freisin,

“Méadaíonn íocaíocht breis agus €26.6 milliún an lae inniu na híocaíochtaí iomlána a rinneadh go dtí seo maidir le GLAS aníos go dtí €990 milliún. Ciallaíonn sé gur íocadh 90% de rannpháirtithe GLAS anois go hiomlán maidir lena gceangaltais GLAS 2020.”

Is ionann an íocaíocht chomhardaithe agus an 15% deireanach d’íocaíocht 2020 agus tugann sé an íocaíocht iomlán le haghaidh ghníomhartha GLAS a rinneadh anuraidh chun críche. Leanfar le híocaíochtaí a eisiúint i gcásanna nach ndearnadh íocaíocht ar bhonn rialta. Spreag an tAire aon fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir le GLAS chun iad a sheoladh ar ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie

Rinne an tAire trácht freisin ar an leibhéal glactha i measc rannpháirtithe Thráinse 1 agus 2 GLAS le tairiscint síneadh bliana a chur lena gconarthaí. Síneann an tairiscint a chuirtear ar fáil dáta deiridh na gconarthaí seo ón 31 Nollaig 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021. Luaigh sé, ina leith seo, “Cinntíonn an leibhéal suntasach glactha 95% go leantar leis na tairbhí comhshaoil atá á mbaint amach ag rannpháirtithe Thráinse 1 agus 2 GLAS ar aghaidh i rith 2021 agus go leanfar le híocaíochtaí GLAS a eisiúint don chohórt seo 33,500 feirmeoir maidir le 2021.”

Is fiú a thabhairt faoi deara freisin go leanann 13,000 duine breise le páirt a ghlacadh i dTráinse 3 den scéim comhshaol talmhaíochta seo i rith 2021 i gcomhréir lena mbunchonarthaí.

Nóta d’eagarthóirí:

Féadtar teagmháil a dhéanamh le Rannán GLAS trí ríomhphost a sheoladh chuig e GLAS@agriculture.gov

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat