Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon €3 milliún do thionscnamh taispeána comhtháite díleá anaeróbach agus bithscagtha glas.
- Foilsithe: 14 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, infheistíocht €3 mhilliún inniu i dtionscnamh taispeána comhtháite díleá anaeróbach agus bithscagtha glas.
Bronnadh an cistiú i gcomhpháirt ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) agus ar Ollscoil Teicneolaíochta Mumhan chun feirmeoireacht neodrach ó thaobh na haeráide de a fhorbairt tuilleadh mar chuid den tionscadal taighde Farm Zero Carbon atá á dhéanamh faoi láthair ar Fheirm Taispeána Eastát Sheanaigh in Iarthar Chorcaí.
Dúirt an tAire McConalogue
“Leanfaidh feirmeoirí de ról ceannais a bheith acu maidir lenár ngealltanais faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhlíonadh leis an bplean ag cabhrú le sruthanna ioncaim nua a aithint dóibh. Tá na spriocanna dúshlánach ach inseachadta, agus aithníodh Díleá Anaeróbach mar cheann de na príomhréimsí forbartha. Léiríonn an cistiú atá á fhógairt agam inniu tacaíocht an Rialtais d'fhorbairt agus do thaispeáint na teicneolaíochta sin. Úsáidfear é chun aonad comhtháite díleá anaeróbach agus bithscagtha féir a chruthú, a léireoidh an cumas foinsí áitiúla beatha agus leasacháin bithbhunaithe a tháirgeadh le buntáistí comhshaoil feabhsaithe. Taispeánfaidh sé seo freisin an cumas atá ag teicneolaíochtaí den sórt sin astaíochtaí ó bheatha agus leasachán allmhairithe a dhíláithriú agus tabharfaidh sé deiseanna éagsúlaithe d'fheirmeoirí agus don earnáil agraibhia”.
Dúirt an tAire Heydon
“Táimid ag infheistiú go suntasach i dtaighde agus i nuálaíocht in earnáil na talmhaíochta trí raon leathan tionscnamh náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta. Éascóidh an infheistíocht atá á fhógairt inniu taighde inláimhsithe, taispeáint agus malartú eolais maidir leis na teicneolaíochtaí tábhachtacha a bhaineann le díleá anaeróbach agus bithscagadh glas”.
Ba é an tionscadal Farm Zero C a dhéanfaidh maoirseacht ar an tionscnamh buaiteoir Dhúshlán Astaíochtaí Nialasacha Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) in 2021. Tá sé ar aidhm ag an dtionscadal atá faoi stiúir BiOrbic, ionad taighde bithgheilleagair náisiúnta na hÉireann, agus Carbery Group, comharchumann atá lonnaithe in Iarthar Chorcaí, feirm déiríochta a chruthú atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Tugann forbairt saoráid taispeána chomhtháite díleá anaeróbach agus bithscagtha glas an deis don tionscadal gníomh ar son na aeráide agus deiseanna éagsúlaithe a léiriú. Déantar é seo trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus trí astaíochtaí lasmuigh den fheirm a bhaineann le feirm déiríochta a dhíláithriú trí fhoinsí áitiúla próitéine agus leasacháin bhithbhunaithe a tháirgeadh.
Dúirt Kevin O’Connor, Stiúrthóir BiOrbic agus comhcheannaire an tionscadail
“Tá áthas ar an tionscadal Farm Zero C arna óstáil ag Ionad Taighde Bithgheilleagair SFI maoiniú a fháil ón DAFM chun áiseanna bithscagtha agus díleá anaeróbach ar an bhfeirm a úsáid i Seanach. Táirgeann feirmeoirí na hÉireann bia ardchaighdeáin, agus is féidir é seo a chomhlánú le sruthanna ioncaim eile ó dhíleá anaeróbach agus bithscagadh mar fhuinneamh in-athnuaite, ábhair bithbhunaithe, agus bithghníomhacha”.
Thar ceann na gcomhpháirtithe tionscail Carbery, dúirt Enda Buckley, Stiúrthóir Inbhuanaitheachta:
“Tá fócas ó bunaíodh Carbery ar gheilleagar ciorclach a chruthú, agus tá cáil orainn as gach cuid den bhainne a phróiseáilimid a úsáid. Mar chuid den tsamhail chiorclach sin, bhí Díleá Anaeróbach (AD) againn ar an láthair inár monarcha i mBéal Átha Fhínín ar feadh níos mó ná 40 bliain. Le bithscagadh féir agus AD, táimid ar bís, le tacaíocht ón Roinn, an coincheap luachála sin a thabhairt isteach sa tsamhail feirmeoireachta, nó luach a chur léi."
Bhí ról lárnach ag Ollscoil Teicneolaíochta Mumhan i dtaighde a rinneadh i mbithscaglanna féir go dtí seo. D'fháiltigh James Gaffey, Comhstiúrthóir ar Ghrúpa Taighde MTU ‘CircBio', roimh an bhforbairt seo sa réimse seo:
“Tá áthas ar Ollscoil Teicneolaíochta Mumhan agus ar Ghrúpa Taighde CircBio a bheith mar chuid den fhógra tábhachtach seo. Táimid ag stiúradh taighde ar bhithscaglann féir i ndlúthchomhar le COBÁC, Carbery agus comhpháirtithe eile le roinnt blianta anuas, agus léirigh an obair seo acmhainneacht ollmhór chun inbhuanaitheacht agus luach féir a fheabhsú. I bhfianaise fhlúirse na bhféarthailte in Éirinn, léiríonn an tsamhail bhithscaglainne féir samhail inmhacasamhlaithe d'fhorbairt an bhithgheilleagair, le feabhas a chur ar athléimneacht beatha agus fuinnimh agus táirgí ardluacha inbhuanaithe nua a thabhairt chuig an margadh”.
NÓTAÍ
Mar a leagtar amach i ndoiciméad Buiséid 2023 - The Use of Carbon Tax Funds 2023,, tagann an cistiú don tionscnamh seo ó chistí cánach carbóin a thacaíonn le taispeántas bithmheatáin agus ionad tástála le cumais bithscaglainne.
Cuirfidh na haschuir ón tionscadal seo leis an mbonn eolais agus scileanna timpeall ar chomhlántacht na ngníomhaíochtaí táirgthe bithmheatán agus bithscaglainne.
Talmhaíocht & Gníomhú ar son na hAeráide
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 an gá atá le tacú leis an aistriú chuig úsáidí eile talún trí roghanna éagsúlaithe.
Ar na roghanna éagsúlaithe a sainaithníodh áirítear táirgeadh bithmheatán agraibhia-lárnach ag baint úsáide as forbairt earnáil díleá anaeróbach.
Is príomhchuspóir freisin é méid na bpróitéiní dúchais a mhéadú chun tacú lenár n-earnáil beostoic.
Farm Zero C, Díleá Anaeróbach agus Bithscagadh Glas
Tá an tionscadal Farm Zero C á óstáil ar Fheirm Déiríochta Eastát Sheanaigh, a bunaíodh in 2011 mar chuid de chomhchlár Teagasc & Carbery i gcomhar le 4 Chomharchumann Iarthar Chorcaí, Droichead na Bandan, Barraigh Rua, Draighneach agus Lios an Bhaird. Tá an fheirm suite lasmuigh de bhaile Dhroichead na Bandan in Iarthar Chorcaí agus á hoibriú ag Eastáit Sheanaigh i gcomhar le Teagasc. Ba é cuspóir na feirme an cleachtas is fearr i bhfeirmeoireacht déiríochta a léiriú agus brabúsacht agus éifeachtúlacht a uasmhéadú ag an am céanna. Tá an bhéim anois ar fheirmeoireacht inbhuanaithe mar chuid den tionscadal Farm Zero C a fuair cistiú mar chuid de Dhúshlán Astaíochtaí Nialasacha SFI.
Próiseas ina ndéantar ábhar orgánach a bhriseadh síos le miocrorgánaigh in éagmais ocsaigine is ea díleá anaeróbach. Táirgeann an próiseas seo bithghás, ar meascán de mheatán agus dé-ocsaíd charbóin é, agus díleáiteán, ar leacht ilchothaitheach é is féidir a úsáid mar leasachán. Tá roinnt buntáistí comhshaoil ag baint le díleá anaeróbach. Ar an gcéad dul síos, laghdaíonn sé an méid dramhaíola orgánaí a chaithfear a dhiúscairt i líonadh talún, áit ar féidir leis meatán a tháirgeadh, gás ceaptha teasa láidir. Ar an dara dul síos, is féidir an bhithghás a tháirgtear le linn díleá anaeróbach a úsáid mar fhoinse fuinnimh in-athnuaite, rud a laghdaíonn ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ar an tríú dul síos, is féidir an díleáiteán a tháirgtear le linn an phróisis a úsáid mar leasachán, ag laghdú an ghá atá le leasacháin shintéiseacha, agus feabhas a chur ar shláinte na hithreach. Ar an iomlán, is féidir le díleá anaeróbach cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, bainistiú dramhaíola a fheabhsú, agus tacú le talmhaíocht inbhuanaithe.
Athraíonn cur chuige na bithscaglainne glaise féar úrbhuainte ina raon táirgí, lena n-áirítear snáithín beatha eallaigh barrfheabhsaithe, beatha comhdhlúite próitéine neamh-GMO le haghaidh monagastracha agus meadhg féir le haghaidh úsáidí leasacháin nó bithfhuinnimh.
Sa tréimhse ó thosaigh an tionscadal Farm Zero C ag tomhas astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) agus ag déanamh idirghabhálacha chun iad a laghdú, tá laghdú níos mó tagtha ar astaíochtaí ar an bhfeirm i Seanach. Chuir bearta ar nós fuinneamh in-athnuaite, seamair, báinsí ilspeicis agus úiré cosanta go mór leis an laghdú seo. Cuirfidh bithscagadh féir agus díleá anaeróbach tuilleadh le turas na dtionscadal i dtreo neodracht ó thaobh aeráide de.