English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon go gcuirfear tús arís le honnmhairí mairteola chuig an tSín

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit, Martin Heydon TD, inniu go gcuirfear tús arís le honnmhairí mairteola na hÉireann chuig an tSín.

Cuireadh lastais mhairteola chuig an tSín ar fionraí tar éis don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cás aonair BSE aitíopúil a dhearbhú i mBealtaine 2020. Bhraith clár faireachais na Roinne an cás aonair seo, níor tháinig sé isteach sa slabhra bia agus ní raibh aon riosca ann do shláinte an duine. Tarlaíonn BSE aitíopúil go nádúrtha agus go treallach i ngach eallach ag ráta an-íseal agus ní mheastar gur riosca sláinte poiblí atá ann.

Cuireadh onnmhairí mairteola ar fionraí láithreach áfach mar bheart réamhchúraim i gcomhréir leis an bprótacal déthaobhach maidir leis an trádáil a comhaontaíodh le Riarachán Ginearálta Custaim na Síne (GACC).

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá sé mar phríomhthosaíocht ag mo Roinn idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le hatosú rochtana mairteola le dhá bhliain go leith anuas. In éineacht le comhghleacaithe in Ambasáid na hÉireann i mBéising, bhí m'oifigigh i dteagmháil go leanúnach le húdaráis na Síne ó thús na fionraíochta. Chuir siad an fhaisnéis theicniúil is gá ar fáil le haghaidh meastóireachta ag saineolaithe na Síne. Níos luaithe i mbliana, mar thoradh ar mo chumarsáid le mo chomhghleacaí atá i gceannas ar GACC, chuaigh ár n-oifigigh i mbun cainteanna déthaobhacha breise chun athbhunú rochtana mairteola a thabhairt chun críche bunaithe ar phrionsabail eolaíocha.

“Tá cáil na hÉireann mar onnmhaireoir mairteola ardchaighdeáin ar fud an domhain ag braith ar chomhlíonadh caighdeáin dhiana sláinte ainmhithe agus sábháilteachta bia. Mar onnmhaireoir mór bia, tuigimid go maith i gcónaí na hábhair imní atá ag ár gcustaiméirí. Léiríonn cinneadh na Síne allmhairí mairteola na hÉireann a atosú ar na coinníollacha céanna agus a bhí ann roimhe seo cé chomh muiníneach atá sí in aschur ár n-earnála mairteola.

“Is dearbhú soiléir é an cinneadh seo inár n-earnáil mairteola agus inár bhfeirmeoirí bó dhiúil agus mairteola tiomanta a tháirgeann táirge den scoth. Táim ag tnúth le luach mhargadh na Síne a fheiceáil ag fás san am atá romhainn chun luach saothair a thabhairt d'iarrachtaí gach duine lena mbaineann."

Dúirt an tAire Stáit, Martin Heydon TD, a bhfuil forbairt margaidh mar chuid dá fhreagrachtaí, go bhfuil nuacht an lae inniu mar fhorbairt dhearfach d'earnáil mairteola na hÉireann.

Dúirt an tAire Heydon:

“Leanfaimid orainn ag obair le húdaráis na Síne chun ár rochtain ar mhargadh na Síne do bhia agus deoch na hÉireann a chothabháil agus a fheabhsú. Tá a fhios agam go gcuirfidh Bord Bia clár cur chun cinn i bhfeidhm go luath chun ligean d'onnmhaireoirí leas a bhaint as na deiseanna a thairgeann an fógra seo. Roimh an bhfionraíocht, bhí ag éirí go maith le honnmhairí mairteola na hÉireann go dtí an tSín ar an iomlán agus táim muiníneach gur féidir linn móiminteam agus sciar den mhargadh a fháil ar ais go tapa.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do ról Ambasadóir na hÉireann chun na Síne, an Dr Ann Derwin, na attaché talmhaíochta reatha agus roimhe seo, agus an fhoireann go léir ag Ambasáid na hÉireann i mBéising as a gcuid iarrachtaí chun cás réasúnaithe a chur i láthair ag gach deis maidir le sábháilteacht onnmhairí mairteola na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d'obair Bhord Bia Shanghai maidir le cáilíocht agus inbhuanaitheacht mairteola na hÉireann a chur in iúl do phríomhchustaiméirí trádála sa tSín."


Nótaí d'Eagarthóirí

Tá dhá chineál BSE ann: BSE clasaiceach a tharlaíonn mar thoradh ar bheatha thruaillithe a ithe, agus BSE aitíopúil a chreidtear a tharlaíonn i ngach eallach ag ráta an-íseal agus nár aithníodh ach in eallach níos sine. Aithnítear go hidirnáisiúnta go bhfuil an stádas riosca is ísle ag Éirinn maidir le BSE. Chuir an t-ainmniú riosca diomaibhseach i mBealtaine 2021 ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), a leagann síos caighdeáin trádála d'ainmhithe agus do tháirgí ainmhithe, fíorú neamhspleách ar fáil maidir le héifeachtacht chóras rialaithe na hÉireann i leith BSE.

Tar éis roinnt blianta d'idirbheartaíochtaí, fuair Éire rochtain ar onnmhairiú mairteola reoite gan chnámh go dtí an tSín i mí Aibreáin 2018. Tháinig fás seasta ar onnmhairí go dtí Bealtaine 2020 nuair a cuireadh lastais ar fionraí de réir an chomhaontaithe sláintíochta lena rialaítear trádáil na mairteola leis an tSín. B'fhiú €45m onnmhairí mairteola na hÉireann go dtí an tSín, lena n-áirítear Hong Cong a fheidhmíonn mar réigiún riaracháin speisialta le rialacha éagsúla maidir le rochtain ar an margadh, anuas ó onnmhairí €96 milliún in 2019.