English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fanann limistéar faoi bharr curaíochta ag leibhéal socair

Léiríonn figiúirí maidir le limistéir faoi bharr curaíochta do 2024 go bhfuil an limistéar curaíochta foriomlán réasúnta socair ar fad. Léirigh iarratais ar an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) tar éis an dáta deiridh le haghaidh leasuithe, an 31 Bealtaine, gurb é 334,450 heicteár an limistéar foriomlán faoi bharr curaíochta in 2024 (gránaigh, grán buí, OSR, barra próitéine agus biatas). Is laghdú é sin de thart ar 1% ó 2023.

Ag labhairt dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:

“Tá na figiúirí limistéir faoi barra seo dearfach i bhfianaise na mbrúnna éagsúla a bhí ar ár bhfeirmeoirí curaíochta a sheasamh le dhá bhliain anuas. Mar thoradh ar an tréimhse fhada d'aimsir thar a bheith fliuch ón bhfómhar seo caite, bhí dúshláin shuntasacha roimh fheirmeoirí curaíochta maidir le barra a chur do fhómhar na bliana seo. Tagann sé seo sna sála ar bhliain an fhómhair a bhí an-deacair d'fheirmeoirí curaíochta in 2023.

“In ainneoin an chomhthéacs dheacair, le ceithre bliana anuas, tá méadú beagnach 21,000 heicteár nó 6% tagtha ar an limistéar foriomlán faoi bharr. Is é beartas an Rialtais é ár limistéar curaíochta a mhéadú nó táimid eolach go bhfuil an-tábhacht ag baint le hearnáil curaíochta spleodrach inbhuanaithe a bheith ann, chun cur lenár seasmhacht bia daoine agus beatha ainmhithe, agus le cur lenár gcuspóirí athraithe aeráide ag an am céanna. Táim tiomanta don earnáil agus an tábhacht a bhaineann léi laistigh de thionscal níos leithne na talmhaíochta, agus ba mhaith liom bonn láidir a chur faoin earnáil don todhchaí. Chun muinín a thabhairt d'fheirmeoirí le cur i mbliana, d'fhógair mé i mí Aibreáin go bhféachfainn le híocaíocht €100/heicteár a shocrú do gach feirmeoir a chuireann barra páirce d’fhómhar na bliana 2024.”

Laghdaigh an aimsir fhliuch i bhfómhar 2023 gránaigh gheimhridh a bheith curtha i gcomparáid leis an ngnáthphlandáil. Taispeánann na figiúirí an limistéar le gránaigh gheimhridh ag thart ar 94,000 heicteár. Is ionann sin agus thart ar 70% de mheán 2019 – 2023 de 132,000 heicteár. Mar sin féin, bhí an laghdú i limistéar le gránaigh gheimhridh déanta suas beagán le méadú de thart ar 10% i ngránaigh earraigh, rud a thugann an limistéar le gránaigh earraigh go 168,954 heicteár i mbliana agus limistéar gránach iomlán go dtí laistigh de 3% den iomlán na mblianta seo caite.

Chuir an tAire leis sin:

“Fómhar agus Earrach an-deacair a bhí ann chun barra gránaigh a chur agus an chuid is mó de phlandáil an earraigh déanta i bhfad níos déanaí ná mar is gnách. Bíodh is go bhfuil an limistéar gránach foriomlán laghdaithe, is ábhar misnigh é limistéar faoi bharr neamh-ghránaigh a fheiceáil ag méadú 5%. Cuireann méadú ar an limistéar faoi bharr neamh-ghránach le héagsúlacht agus le hinbhuanaitheacht ár gcóras curaíochta."

Tá méadú tagtha ar limistéar faoi bharr neamh-ghránaigh (barra próitéine, biatas, grán buí agus ráib ola) in 2024 ó thart ar 68,000 heicteár in 2023 go 71,500 heicteár in 2024. Tá méadú 20% tagtha ar an limistéar faoi bharr próitéine (piseanna, pónairí, meascán arbhair/barr) go dtí os cionn 21,000 heicteár cé go bhfuil méadú 20% tagtha ar limistéar faoi ghrán buí freisin go dtí os cionn 23,000 heicteár.

Tugann torthaí an tsuirbhé fodair a rinne Teagasc le déanaí le fios go bhfuil easnaimh farae os cionn 10% ag 25% go 30% d'fheirmeoirí déiríochta agus stoic thirim faoi láthair. Is féidir le sadhlas déanta as gránaigh barr iomlán agus barra foráiste eile a fháil ó fheirmeoirí curaíochta a bheith ina bhealach éifeachtach chun soláthar farae a mhéadú mar aon le níos mó sadhlais féir a dhéanamh. Moltar d'fheirmeoirí beostoic freisin dul i dteagmháil le feirmeoirí curaíochta le tuí a chinntiú go luath chun dóthain soláthairtí a chinntiú le haghaidh beathaithe agus leapa. Bíodh is go meastar go mbeidh an bar tuí níos airde ná 2023, tá stoic caite ón mbliain seo caite.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Tacaím go mór le hearnáil na curaíochta. Creidim go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag baint léi agus táim tiomanta don acmhainneacht sin a bhaint amach. Chuir mé tacaíocht bhreise shuntasach ar fáil don earnáil in 2023 mar gur bhliain dheacair a bhí inti. In 2024, leanann an tacaíocht sin ar aghaidh trí mo ghealltanas íocaíocht de €100 in aghaidh an heicteáir a lorg le haghaidh barra páirce a cuireadh le haghaidh fómhar na bliana seo. Bhí lúcháir orm freisin Tuarascáil Deiridh an Ghrúpa Curaíochta um Fhís don Bhia a fhoilsiú le déanaí ina leagtar amach treochlár chun an earnáil thábhachtach agus ríthábhachtach seo a fhás agus a fhorbairt go hinbhuanaithe sa todhchaí. Tá sé curtha de chúram agam ar m'oifigigh plean a chur i bhfeidhm chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise.”

Tá figiúirí ar limistéir faoi bharr bunaithe ar iarratais BISS 2024 tar éis an dáta deiridh do leasuithe ar an 31 Bealtaine agus is féidir iad a fháil ag: gov - BISS - Limisteir faoi Bharr (www.gov.ie)