Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Laethanta Bailithe na Dramhaíola Guaisí ar Fheirmeacha 2025

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, mar aon leis an Aire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Alan Dillon TD, inniu go gcuirfear tús le sé lá Bailithe na Dramhaíola Guaisí ar Fheirmeacha sna seachtainí amach romhainn.

Leanann an tionscnamh seo de bhainistíocht dramhaíola guaisí a chur chun cinn i gcomhréir le Plean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí (NHWMP) 2021-2027 na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Tógann sé ar rath na laethanta bailithe ar bhonn trialach 2024, inar bailíodh 95,000kg de dhramhaíl ghuaiseach ó thart ar 600 feirm. Tacaítear leis na laethanta bailithe trí chomhar neartaithe le páirtithe leasmhara in earnálacha na míochaine tréidliachta agus na dtáirgí cosanta plandaí.

Dúirt an tAire Heydon:

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh sé lá bailithe eile de Dhramhaíl Ghuaiseach ar Fheirmeacha ar siúl ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn ag cur leis an rath a bhí ar na laethanta bailithe ar bhonn trialach in 2024. Molaim d’fheirmeoirí ar fud na bhfiontar feirme go léir leas a bhaint as an tseirbhís seo agus aon dramhaíl ghuaiseach a d’fhéadfadh a bheith ar a bhfeirmeacha a dhiúscairt.

Cinntíonn baint na dramhaíola sin ó fheirmeacha go gcomhlíontar an reachtaíocht agus laghdaíonn sé rioscaí féideartha bithshlándála, comhshaoil nó sláinte an duine.”

Is féidir sonraí faoi na laethanta bailithe a fháil ar Bailiú na Dramhaíola Guaisí ar Fheirmeacha 2025.

Dúirt an tAire Heydon freisin:

"I gcomhthráth le cur i bhfeidhm laethanta bailithe breise, leanann mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus le baill eile de Ghrúpa Oibre an Phlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí (NHWMP) ar fhorbairtí rialála iomchuí maidir le bainistíocht dramhaíola guaisí trí scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora (EPR)".

Dúirt an tAire Dillon:

“Is féidir go mbeadh sé deacair do go leor teaghlach, lena n-áirítear teaghlaigh feirme, asraon oiriúnach a aimsiú chun míreanna éagsúla dramhaíola guaisí a dhiúscairt, mar sin tá áthas orm an deis seo a bheith agam oibriú le mo chomhghleacaí, an tAire Heydon, chun bailiú na n-ábhar dramhaíola sin a éascú sna sé shuíomh seo i mbliana trí mhaoiniú a sholáthar ón gCiste Geilleagair Chiorclaigh. Chomh maith leis na sé lá bailithe sin, chuir mo Roinn maoiniú ar fáil don earnáil údaráis áitiúil, arís ón gCiste Geilleagair Chiorclaigh, chun laethanta bailithe de dhramhaíl ghuaiseach tí a éascú ag aon áit déag eile ar fud an Stáit. Táim ag súil go gcuirfear leibhéil chomhchosúla de mhaoiniú ar fáil in 2026 chun a chinntiú go leanfar de bheith ag soláthar asraonta sábháilte agus áisiúla do theaghlaigh agus d’fheirmeacha chun a ndramhaíl ghuaiseach tí a dhiúscairt.”

Nótaí

Áirítear i bPlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí (NHWMP) na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) don tréimhse 2021 go 2027 moladh maidir le bailiú agus aistriú na dramhaíola guaisí feirme a bhunú ar fud na tíre.

Mar bhaill den Ghrúpa Oibre an Phlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí (NHWMP), leanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (DCEE) ag obair le baill eile den ghrúpa ar fhorbairtí rialála iomchuí maidir le bainistíocht dramhaíola guaisí, lena n-áirítear scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR) féideartha.

Idir an dá linn, tá dul chun cinn déanta ar an obair ar an leibhéal náisiúnta ar thionscadail ar bhonn trialach maidir le bailiú na dramhaíola guaisí tí agus dramhaíola guaisí feirme.

Laethanta Bailithe na Dramhaíola Guaisí ar Fheirmeacha 2024

Rinneadh triail ag trí shuíomh i Laois, Loch Garman agus Uíbh Fhailí in 2024. D’fhreastail sé chéad feirmeoir ar na laethanta bailithe agus bailíodh 94,995kg de dhramhaíl ghuaiseach san iomlán.

Laethanta Bailithe beartaithe na Dramhaíola Guaisí ar Fheirmeacha 2025

Síneoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, i gcomhar le páirtithe leasmhara, líon na laethanta bailithe go 6 i Ráithe 4 2025 mar seo a leanas:

Suíomh

Seoladh

Dáta

Am

An Clár

Margadh Inse, Bóthar Chuinche, Co. an Chláir.

Dé Céadaoin 12 Samhain

9am-4pm

An Mhí

Ráschúrsa Thigh na Sióg,

Tigh na Sióg,

Ráth Tó,

Contae na Mí.

Déardaoin 20 Samhain

9am-4pm

Corcaigh

Páirc thaispeántais na Rátha,

Bealach Átha,

An Ráth,

Co. Chorcaí.

Dé Máirt 25 Samhain

9am-4pm

Tiobraid Árann

Tailte an tSeó Trucailí,

An Baile Nua, Bóthar na Croise,

Mainistir na Croiche,

Co. Thiobraid Árann.

Dé hAoine 28 Samhain

9am-4pm

Maigh Eo

Margadh Bhalla Aurivo,

Balla,

Maigh Eo.

Dé Céadaoin

3 Nollaig

9am-4pm

Ciarraí

Margadh Lios Tuathail,

Tanavalla,

Lios Tuathail,

Co. Chiarraí.

Dé Máirt 9 Nollaig

9am-4pm

Tá seirbhísí cuideachta dramhaíola, ENVA, faighte chun bailiú, baint agus diúscairt na dramhaíola a bhainistiú.

Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil na costais sheasta do gach ceann de na 6 lá bailithe a chómhaoiniú agus cuirfidh Cumann Sláinte Ainmhithe agus Plandaí (APHA) ionchur saineolach ar fáil maidir le sainaithint táirgí.

Íocfaidh feirmeoirí a bhaineann leas as an tseirbhís táille (go díreach leis an gcuideachta bainistíochta dramhaíola), agus tá sonraí na táille sin leagtha amach thíos. Gheobhaidh úsáideoirí na seirbhíse cáipéisí dá dtaifid mar chruthúnas diúscartha.

Dramhaíl ghuaiseach: Costas in aghaidh an Chineáil dramhaíola (gan CBL):

Lotnaidicídí agus Bithicídí (lena n-áirítear leasaithigh adhmaid, creimiricídí);

 

€4.50/kg

Cógais tréidliachta (dáileoga, dipeanna, péisteoirí, feadáin thirime, rudaí géara, buidéil ghloine de chógais insteallta);

€3.50/kg             

Dramh-ola;

€0.20/kg

Péint (Ghuaiseach);

€1.20/kg

Péint (Neamhghuaiseach);

€1.20/kg

Scagairí/drumaí ola;

€1.20/kg

Rudaí creimneacha, Leacht coscán;

€6.00/kg      

Bealadh, greamacháin agus Aerasóil;

€6.00/kg               

Truailleáin orgánacha mharthanacha (POPs);

€6.00/kg                  

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat