Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhpháirtíochtaí feirme: Príomhfhaisnéis agus dátaí 2026

Comhpháirtíochtaí Feirme Cláraithe

• Glactar le hiarratais agus próiseáiltear iad i rith na bliana.

• Ní mór d’iarratasóirí ar mian leo a n-uimhir Chomhpháirtíochta Feirme Cláraithe a bheith acu in am le cur isteach faoin spriocdháta BISS 2026, an t-iarratas agus na ceanglais atá comhlánaithe go hiomlán a chur isteach faoin 2 Feabhra 2026.

• Tá doiciméid iarratais agus ceanglais ar fáil ar shuíomh Gréasáinna roinne.*

• Seolfar iarratais agus doiciméid atá comhlánaithe go hiomlán chuig RFPApplications@agriculture.gov.ie (tabhair faoi deara le do thoil go seolfar iarratais neamhiomlána ar ais)

Deontas Feirmeoireachta Comhoibritheach

Cuireann an deontas aoníocaíochta seo tacaíocht airgeadais ar fáil do fheirmeoirí atá ag lorg comhairle ó ghairmithe dlí, cuntasaíochta agus comhairleacha creidiúnaithe maidir le Comhpháirtíocht Feirme Cláraithe a bhunú.

• Oscailte do Chomhpháirtíochtaí Feirme Cláraithe atá nua ar Chlár Comhpháirtíochtaí Feirme na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

• Tréimhse iarratais: 10 Lúnasa 2026 – 30Meán Fómhair 2026.

• Íocaíochtaí deontais eisithe i R4 2026

• Tá doiciméid iarratais agus ceanglais ar fáil ar shuíomh Gréasáinna roinne.*

• Iarratais agus doiciméid atá comhlánaithe go hiomlán le seoladh chuig Collaborativegrant@agriculture.gov.ie (tabhair faoi deara le do thoil go seolfar iarratais neamhiomlána ar ais

Deontas Comhairle Pleanála Comharbais

Cuireann an deontas aoníocaíochta seo tacaíocht airgeadais ar fáil do fheirmeoirí atá 60 bliain d'aois agus níos sine, atá ag lorg comhairle pleanála comharbais ó ghairmithe dlí, cuntasaíochta agus comhairleacha creidiúnaithe

• Tréimhse iarratais: 1 Eanáir 2026 – 30Samhain 2026.

• Íocaíochtaí deontais eisithe i R1 2027.

• Tá doiciméid iarratais agus ceanglais ar fáil ar shuíomh Gréasáin na roinne.*

• Iarratais agus doiciméid atá comhlánaithe go hiomlán le seoladh chuig SPAGApplications@agriculture.gov.ie (tabhair faoi deara le do thoil go gcuirfear iarratais neamhiomlána ar ais)

*Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat