English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Feachtas Eolais maidir le Sábháilteacht Bia do thomhaltóirí seolta ag an Aire Michael Creed agus ag an Aire Simon Harris roimh an Lá Domhanda Sábháilteachta Bia - Sábháilteacht Bia, Cúram do Chách

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed agus an tAire Sláinte Simon Harris TD tagtha le chéile le gníomhaireachtaí, an tionscal, miondíoltóirí agus feirmeoirí chun feachtas eolais sábháilteachta bia a sheoladh roimh an gcéad Lá Domhanda Sábháilteachta Bia an Aoine an 7 Meitheamh. Feachtas eolais sábháilteachta bia é seo atá dírithe ar thomhaltóirí agus a tharraingeoidh aird ar an obair i gcomhar a bhíonn i gceist i dtaobh sábháilteacht bia a chosaint sa phróiseas ón bhfeirm go dtí an bord.

Ag seoladh an fheachtais dúirt an tAire Creed:

"Is deis iontach é an Lá Domhanda Sábháilteachta Bia chun smaoineamh ar na córais sábháilteachta bia de scoth an domhain atá i bhfeidhm in Éirinn. Cuidíonn sin chun a chinntiú go bhfuil an bia a tháirgimid sábháilte, fíordheimhnithe agus inrianaithe. Aithníonn tomhaltóirí anseo in Éirinn agus in go leor tíortha ar fud an domhain ina n-ídítear agus a mbaintear sult as bia agus deochanna na hÉireann iontu na caighdeáin arda a leanaimid anseo in Éirinn."

Is é téama Lá Domhanda Sábháilteachta Bia 2019 ná Sábháilteachta Bia, Cúram do Chách. Tá ról ag gach páirtí sa slabhra bia, ón bhfeirm go dtí an bord, i dtaobh sábháilteachta cibé an táirgeadh, díol nó ullmhú bia atá i gceist. Ní mór d’fheirmeoirí, próiseálaithe agus oibreoirí gnó dea-chleachtais a ghlacadh chun a chinntiú go rachfar i ngleic mar is ceart le haon bhaol a d'fhéadfadh a bheith do shábháilteacht bia.

Dúirt an tAire Creed:

"Oibríonn mo Roinnse, an Roinn Sláinte, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI), FSS agus Údaráis Áitiúil go dícheallach chun baol do rialú bia a smachtú feadh an tslabhra bia, a tharlódh mar thoradh ar neamart díreach nó neamhdhíreach agus freisin trí oibri i gcomhar le páirtithe leasmhara. Is tosaíocht straitéiseach do mo Roinn, a bhfuil breis is 600 ball foirne ag obair go díreach le rialuithe sábháilteachta bia agus fíordheimhneachta bia, sláinte an phobail a chosaint agus a chur chun cinn. Leagtar amach sa Straitéis Sábháilteachta agus Fíordheimhneacht Bia a sheol mé anuraidh an fhís agus na cuspóirí a dhéanfaidh mo Roinn, i gcomhar le páirtithe rialaithe, a leanúint de réir mar a leanann an tionscal bia de Food Wise 2025 a chur i bhfeidhm."

Mar fhocal scoir thug an tAire ar aird go bhfuil feachtas na bliana seo dírithe ar thomhaltóirí agus dúirt:

"imríonn tomhaltóirí ról tábhachtach, trí réamhchúraim chuí a ghlacadh nuair a bhítear ag ullmhú bia agus a chinntiú go mbíonn siad ar an eolas faoin mbia a itheann siad."

Dúirt an tAire Harris:

"Tá sábháilteacht bia ríthábhachtach i dtaobh sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann agus níos faide ó bhaile. Tá soláthar bia atá leordhóthanach i dtaobh méid, caighdeán, rochtaineacht agus sábháilteacht ina réamhriachtanas chun go mbeidh daonra na tíre folláin agus go bhfanann siad amhlaidh. Nuair nach mbítear dáiríre faoi shábháilteacht bia, ní hamháin go mbíonn tionchar aige ar shláinte agus ar fholláine ach bíonn iarmhairí eacnamaíochta i gceist do dhaoine, teaghlaigh, pobail, gnónna agus tíortha agus bíonn ina ualach mór ar chórais sláinte agus laghdaíonn táirgeacht eacnamaíochta mar gheall air."

Dúirt an tAire Harris chomh maith:

"Cé gur ar lucht gnó bia atá an phríomhfhreagracht maidir le sábháilteacht bia, tá sé tábhachtach go n-oibreoimis ar fad le chéile chun muinín an phobail a chothú i dtaobh sábháilteacht ár gcuid bia. Tá baint ag go leor daoine le feasacht, forfheidhmiú, eolas, tacaíocht agus cúnamh sábháilteachta bia agus ba mhaith liom a aitheantas a thabhairt dóibhsean ar fad a mbíonn baint thábhachtach acu i dtaobh na rialuithe sábháilteachta bia is fearr a chur ar fáil d’fhonn tomhaltóirí a chosaint, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ina measc agus a ngníomhaireachtaí seirbhíse mar FSS, an tSeirbhís Slainte Comhshaoil, an Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Saotharlanna Rialaithe Bia, an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara agus na Comhairle Contae agus Cathrach. Is mian liom aitheantas a thabhairt freisin do Safefood, an comhlacht a bhfuil ról uileghabhálach aige ar oileán na hÉireann sábháilteacht bia a chur chun cinn agus go háirithe sa bhfeachtas i mbliana ‘Ná nigh go brách sicín amh’."

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Harris:

"Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí dea-cháil na hÉireann i dtaobh sábháilteacht bia agus nuair is féidir go gcuirfí leis an gcáil sin mar go bhfuil gach saoránach ag súil le bia sábháilte, iontaofa a ithe agus sin tuilte acu."

Dúirt an Dr Pamela Byrne, Príomhfheidhmeannach, FSAI:

"Tá beagnach 50,000 gnó bia in Éirinn agus tá freagracht de réir dlí ar gach ceann díobh a chinntiú go bhfuil an bia a chuireann siad ar fáil do thomhaltóirí chomh sábháilte agus is féidir. Ina dhiaidh sin agus uile agus rialuithe éifeachtacha a glacadh ag leibhéal an tionscal chun frídí dochracha a laghdú, bíonn an baol i gcónaí ann go dtarlóidh a leithéid. An teachtaireacht mhór ar an Lá Domhanda Sábháilteachta Bia gan sicín amh a ní go deo agus is gníomh breise sin atá tomhaltóirí in ann a ghlacadh lena chinntiú gur féidir an fríd Campalabaictéar agus frídí dochracha eile a laghdú nuair a bhítear ag réiteach sicín sa bhaile. Bhí an FSAI ar cheann de na chéad rialaitheoirí sábháilteachta bia san Eoraip - tá ceann i ngach tír anois ar ionann iad is líonra idirnáisiúnta chun eolas agus eolaíocht a roinnt. Beidh tairbhe mhór le baint as an obair i gcomhar seo, ní hamháin san am i láthair ach go deimhin gach lá ina mbíonn taithí agus eolaíocht roinnte ina bhun taca faoi bhreithnithe agus faoi bheartais a thugann cosaint do shláinte an tomhaltóra sa deireadh thiar. Léiriú ar an oiread tábhachta atá le sábháilteacht bia do shláinte an tomhaltóra go bhfuil Lá Domhanda Sábháilteachta Bia anois ann. Táimid fós ar an ngníomhaireacht rialaithe a bhfuil sé de chúram air tomhaltóirí a chosaint agus an slabhra soláthair bia a scrúdú maidir le comhlíontacht. Fáiltímid roimh fheachtais eolais a chuireann dea-chleachtais chun cinn tuilleadh fós ionas gur féidir leis an bpobal bearta a ghlacadh chun iad féin a chosaint tuilleadh fós ó phataigin nó frídí a scaiptear i mbia agus a bheadh ina gcúis le tinneas."

Dúirt Ray Dolan, Príomhfheidheannach, Safefood:

"Is bia é sicín atá folláin, ar féidir é a réiteach ar go leor bealaí agus is bia é a bhfuil an-tóir air – itheann 8 duine fásta as gach deichniúr sicín gach seachtain. Ach nuair a nitear sicín tarlaíonn a mhalairt agus d’fhéadfadh go scaipfeadh sin frídíní ar fud do chistine a mbeadh bia-nimhiú mar thoradh orthu. Mar go bhféadfadh sprae ón sicín dul 80cm nó fad do láimhe ón doirteal, is mian le Safefood a mheabhrú do dhaoine gan sicín amh a ní go brách. Má dhéanann tú sin, d’fhéadfadh na frídíní scaipeadh go dtí an ‘zón steille’ de nithe atá gar don doirteal mar soithí glana a bheadh ag triomú, buidéal an pháiste nó bia a bheadh réidh le hithe mar torthaí a d’fhéadfadh tusa nó do theaghlach a chur i mbaol ó nimhiú bia. Maraítear na frídíní ar fad ar aon nós nuair a bhruitear sicín mar is ceart agus ní dhéanann an ní aon mhaith i ndáiríre. Is mó dochar ná maitheas a dhéanann sé i ndáiríre."

CRÍOCH