English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fianaise i dTorthaí Tástála an Phlean Náisiúnta um Rialú Iarmhar in 2021 ar Ardleibhéil Chomhlíonta

Inniu d’eisigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara torthaí na tástála a cuireadh i gcrích mar chuid den chlár monatóireachta oifigiúil faoin bPlean Náisiúnta um Rialú Iarmhar (NRCP) in 2021 agus tá fianaise ann go bhfuil an ráta foriomlán comhlíonta fós ag leibhéal ard de 99.89%. Mar chuid de NRCP déantar tástáil atá dírithe ar shubstaintí coiscthe, cógais tréidliachta ceadaithe, breiseáin bia ainmhithe ceadaithe agus éilleáin chomhshaoil.

Tástáladh 15,922 sampla in 2021, a bhain leis an 8 speiceas ainmhithe bia lena n-áirítear bó-ainmhithe, caoirigh/gabhair, muca, capaill, éanlaith chlóis, géim saothraithe, géim fiáin agus dobharshaothrú. Chomh maith leis sin, tástáladh samplaí bainne, uibheacha agus meala. Bailítear formhór na samplaí de réir na gcritéar reachtach agus rioscabhunaithe a bhfuil sé mar aidhm leo díriú ar ainmhithe nó táirgí a bhfuil níos mó seans ann go mbeidh iarmhar mí-dhleathach iontu (‘sampláil spriocdhírithe’).

Is léir ó na torthaí go raibh toradh diúltach luaite le 99.89% de na samplaí a tástáladh le haghaidh iarmhar diúltach agus tá sé seo ag teacht leis an treocht atá tugtha faoi deara thar thréimhse roinnt blianta - go ginearálta, níl iarmhar le fáil i dtáirgí bia Éireannacha. Tá an leibhéal ard comhlíonta le tabhairt faoi deara ó 2013. Glacann an Roinn leis seo mar tháscaire maidir leis an gcur chuige freagrach atá á ghlacadh ag formhór na bhfeirmeoirí i ndáil leis an méid úsáide atá á baint acu as leigheasanna ainmhithe agus breiseáin bheathaithe. Cabhraíonn an clár monatóireachta seo chun tomhaltóirí agus ainmhithe a chosaint trí ardleibhéal comhlíonta le rialacháin an AE a chinntiú.

Ar an iomlán, sainaithníodh go raibh 18 shampla neamhchomhlíontach agus bhain formhór acu seo le hiarmhar de chógais údaraithe. Aimsíodh mar thoradh ar mheasúnuithe riosca a chuir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann i gcrích mar fhreagairt do na torthaí neamhchomhlíontacha ar fad, nach raibh aon riosca sábháilteachta bia do-ghlactha ann do thomhaltóirí, agus nach raibh sé riachtanach aon táirgí a aisghairm ón margadh. Rinne an Roinn imscrúduithe feirme leantacha i ndáil leis na torthaí dearfacha sin a raibh sé riachtanach tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu.

Níor aimsíodh aon fhianaise maidir le húsáid mhí-dhleathach hormón fás-spreagthach coiscthe ná aon substaintí coiscthe eile in ainmhithe bia in Éirinn i dtorthaí na tástála a rinneadh faoi NRCP in 2021.

Le linn don Aire McConalogue a bheith ag labhairt faoi eisiúint na dtorthaí seo, thagair sé do na hardleibhéil chomhlíonta le srianta iarmhar i measc earnáil agraibhia na hÉireann:

“Is fianaise iad na torthaí, ar ábhar dóchais iad chomh fada is a bhaineann le sábháilteacht tomhaltóirí, go bhfuil na srianta iarmhar á gcomhlíonadh ag 99.9% de na samplaí faoinár bPlean Náisiúnta um Rialú Iarmhar, agus tá ról lárnach acu i gcáil na hÉireann mar tháirgeoir de bhia sábháilte ar ardchaighdeán a chothabháil anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Ciallaíonn sé seo gur féidir linn táirgí agraibhia na hÉireann a easpórtáil chuig margaí ar fud an domhain, rud a chonaic mé féin le déanaí i rith misean trádála chuig an gCianoirthear, agus gur féidir le daoine a chinntiú go bhfuil táirgí bia na hÉireann sláintiúil agus sábháilte do thomhaltóirí.”


Nótaí do na hEagarthóirí

Is ionann NRCP, atá ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, agus gné thábhachtach de rialuithe sábháilteachta bia na hÉireann agus tá sé á chur i bhfeidhm faoi chonradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI). Glactar leis an gclár monatóireachta mar chuid de NRCP, gné amháin de Phlean Náisiúnta Rialaithe na Roinne, atá dírithe ar bhia de bhunús ainmhíoch.

Tá Tuarascáil Iarmhar 2021 le fáil ag:

https://www.gov.ie/en/publication/a9165-veterinary-medicine-residues/#national-residue-control-plan-reports