English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fliú na nÉan H5N8 deimhnithe in ealta turcaithe in Oirdheisceart na Tíre

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, de dheasca thorthaí tástála, go bhfuil Fliú na nÉan H5N8 faighte i samplaí ó ealta bheag turcaithe saor-raoin i gCo. Chill Mhantáin. Táthar i mbun tástála breise chun an phataigineacht a dheimhniú agus táimid ag súil torthaí na tástála sin a bheith againn sna laethanta beaga romhainn. Maraíodh na héin agus tá limistéir srianta i dtaobh fliú na n-éan á gcur i bhfeidhm ina gcuirfear cosaintí agus bearta faireachais breise i bhfeidhm.

Mar a fógraíodh roimhe seo, tá Fliú na nÉan H5N8 ardphataigineach deimhnithe in éin fhiáine i roinnt contaetha ar fud na tíre. Is léir ó na torthaí seo go bhfuil baol ann d'ealtaí éanlaith agus d'éin ghafa ar fad agus don tionscadal éanlaith dá réir sin. Tá ráigeanna de fhliú na n-éan ardphataigineach deimhnithe in ealaí éanlaith sa Bhreatain Mhór, san Ísiltír, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa Danmhairg, sa tSualainn, sa Pholainn, sa Chróit agus sa Úcráin le cúpla seachtain anuas. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil aon bhaol i gceist le héineoil ná táirgí éineola a ithe.

Molann an Roinn go gcloífí go docht leis na bearta réamhchúraim i gcoinne fhliú na n-éan a tugadh isteach le déanaí i rialacháin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013. Ní mór do choimeádaithe ealtaí éanlaith (agus éin ghafa eile) bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm faoi na Rialacháin seo, beag beann ar mhéid na healta, chun cuidiú leis an mbaol a bhaineann leis an víreas a mhaolú agus na bearta bithshlándála feabhsaithe breise nár mhór a chur i bhfeidhm ar ealtaí de 500 éan nó níos mó.

Ba cheart go leanfadh úinéirí ealtaí éanlaith de bheith ag faire amach do chomharthaí galair ina n-ealtaí, bearta bithshlándála géara a chothabháil agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire dóibh.

Tá sé deimhnithe ag an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte cé go bhféadfadh drochghalar a theacht ar éanlaithe agus ar éin eile mar gheall ar an bhfochineál H5N8, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe den víreas i ndaoine ar fud an domhain agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an baol a bhaineann leis do dhaoine an-íseal. Ach, moltar don phobal áfach gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil agus éin tinn nó marbh a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach ar ghalair an DAFM ar 1850 200456. Tá córas foláirimh luath i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar ghalair in éin fhiáine.

Tá an Roinn ag leagan béim arís ar an ngá atá ann leanúint de bheith ag déanamh monatóireacht ghéar ar an gcás maidir leis an ngalar agus é a mheas agus tá sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail.

Nótaí d'Eagarthóirí:

1. Is iad a leanas teidil na nIonstraimí Reachtúla; Rialacháin um Fhliú na nÉan (Bearta bithshlándála) 2020 agus Rialacháin um Fhliú na nÉan (Srian ar Éin Bheo a Thabhairt le Chéile) 2020

2. Cuirfear limistéar cosanta de raon 3km ar a laghad i bhfeidhm agus limistéar faireachais de raon 10km ar a laghad i bhfeidhm ón ngabháltas ionfhabhtaithe. Tabharfar faoi áireamh de na gabháltais ar fad laistigh den limistéar cosanta agus den limistéar faireachais agus cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm chun gluaiseacht éanlaith beo, éin ghafa eile, uibheacha gortha agus uibheacha le hithe, salachar, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaith a rialú. Níl aon cheanglas ann faoi Threoir 2005/94gluaisteach bheatha éanlaith a rialú ach amháin chuig áitribh atá faoi "amhras" nó atá "ionfhabhtaithe". Ach tá feidhm ag na bearta bithshlándála i leith gluaiseacht fheithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éanlaith sa HPRZ.

3. Fuarthas Fliú na nÉan H5N8 in éin fhiáine i gCorcaigh, i Luimneach, i gCill Dara, i gCill Mhantáin, i Maigh Eo agus i Muineachán

4. Is féidir tuilleadh eolais maidir le fliú na n-éan a fháil anseo: Avian Influenza (Bird Flu)

5. Áirítear cloigne ata, mílíthiú ar mhuiníl agus ar scornacha na n-éan, ní bhíonn aon dúil acu i mbeatha, deacrachtaí anála, sciodar, agus ní bhíonn an oiread uibheacha á mbreith acu ar chomharthaí cliniciúla ar cheart d'úinéirí éanlaith súil a choinneáil amach dóibh - cé go mbíonn éagsúlacht i gceist ag brath ar speiceas na n-éan.

6. Má cheapann tú go bhfuil an galar ar d'ealta féin, cuir sin in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit nó glaoigh ar Líne Chabhrach Fliú na nÉan: 076 106 4403 (Taobh amuigh de Ghnáthuaireanta Oscailte na hOifige: 1850 200 456).

7. Má thagann tú ar éin fhiáine ar nós lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche marbh ná láimhseáil iad. Déan sin a thuairisciú chuig an Roinn mar atá thuasluaite.

8. Is féidir liosta d'oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus sonraí teagmhála na n-oifigí sin a fháil ag: Avian Influenza (Bird Flu)

CRÍOCH