English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíodh Athbhreithniú Neamhspleách ar an bhFreagra ar Chríonadh Siar na Fuinseoige

D'fhoilsigh an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, Seanadóir Pippa Hackett, an tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách ar fhreagra na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar ghalar chríonadh siar na fuinseoige. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Dúirt an tAire Hackett

“Bhuail mé leis an ngrúpa athbhreithnithe neamhspleách agus táim ag obair le mo chuid oifigeach anois chun moltaí an ghrúpa a chur i bhfeidhm. Cé go bhfuil cuid de na moltaí ar bun cheana féin, chuir an grúpa athbhreithnithe moltaí áirithe in iúl a bhfuil tuilleadh scrúdaithe agus fiosraithe ag teastáil uathu, go háirithe i gcomhthéacs fheidhmiú rialacha an AE maidir le Státchabhair. Tá mo Roinn i mbun measúnú a dhéanamh ar na cúrsaí sin faoi láthair, agus tá sé geallta agam féin plean cur chun feidhme iomlán a fhoilsiú mar fhreagra ar thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe a luaithe is a bheidh an obair seo curtha i gcrích."

Aimsíodh críonadh siar na fuinseoige den chéad uair in Éirinn in 2012 agus cuireann sé isteach ar thart ar 16,000 heicteár d'fhoraoisí fuinseoige anois. D'oscail an Roinn dhá scéim athbhunaithe (in 2013 agus 2020) chun cabhrú le húinéirí atá buailte trí na costais a bhaineann le crainn a ghlanadh agus a athchur ar a láithreáin a íoc. Níos luaithe i mbliana, rinneadh rátaí glanadh láithreán a dhúbailt go dtí €2,000 in aghaidh an heicteáir. Chomh maith leis sin, rinneadh rátaí deontais agus préimhrátaí a fheabhsú go dtí na leibhéil níos airde a aimsíodh sa Chlár Foraoiseachta nua. Caitheadh €10 milliún ar na scéimeanna sin go dtí seo.

Dúirt an tAire Hackett,

“Tá scéim athbhunaithe i bhfeidhm ag an Roinn faoi láthair lena n-íoctar na costais a bhaineann le láithreáin atá buailte a ghlanadh agus a athchur, agus íocaíochtaí bliantúla breisithe chuig rátaí nua níos airde d'úinéirí foraoisí atá fós i dteideal préimheanna. Tar éis dom teagmháil a dhéanamh agam le húinéirí fáschoillte fuinseoige agus cuairt a thabhairt ar líon láithreán atá buailte, tuigim go maith an imní atá ann de dheasca an ghalair agus tá an méid sin an-soiléir sa tuarascáil. Tá sé tábhachtach go nglanfar fáschoillte fuinseoige atá fós ann gan mhoill, agus mar sin mholfainn go láidir d'úinéirí talún atá buailte iarratas a chur isteach ar an scéim athbhunaithe a bhfuil rátaí dáBa mhian liom béim a chur ar an rún soiléir atá agam nach mbeidh aon úinéir foraoise a chuir iarratas isteach ar an scéim seo, nó a bhain leas as an scéim athbhunaithe 2020, faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar aon athruithe a dhéanfar mar thoradh ar an bpróiseas athbhreithnithe neamhspleách."

Ghabh an tAire McConalogue buíochas leis an nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách as a chuid oibre agus dúirt sé; “Táim ag obair le mo chomhghleacaí an tAire Hackett chun réitigh a thabhairt chun tosaigh lena n-aithnítear na deacrachtaí ar leith a bhíonn ag feirmeoirí atá thíos leis mar gheall ar chríonadh siar na fuinseoige.”

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí

Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: gov.ie - Scéim Athbhunaithe um Chríonadh Siar na Fuinseoige 2023-2027 (www.gov.ie)

Bhunaigh an tAire Stáit Hackett athbhreithniú neamhspleách ar fhreagra na Roinne ar ghalar chríonadh siar na fuinseoige i mí an Mheithimh 2023. Bhí Matthew Crowe, Jerry Grant agus Jo O’Hara sa Ghrúpa Athbhreithnithe. Bhí sé de rún ag an ngrúpa athbhreithniú a dhéanamh ar na tacaíochta atá ar fáil d'úinéirí talún anois nó a bhí ar fáil dóibh roimhe sin a raibh fáschoillte fuinseoige acu a maoiníodh faoin gClár Foraoiseachta Náisiúnta atá ionfhabhtaithe leis an ngalar anois.