English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsiú iarratas an Choimisiúin Eorpaigh ar Ainmniú Tionscnaimh faoi Chosaint do Shalann Mara Oileán Acla

D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh fhoilsiú an Choimisiúin Eorpaigh le déanaí maidir le nós imeachta freasúra trí mhí Ballstáit/tríú tír maidir leis an iarratas ar Shonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO) le haghaidh “Salann Mara Oileán Acla”.

Is é “Salann Mara Oileán Acla” an t-ainm a thugtar ar shalann mara a bhaintear de láimh ó na huiscí timpeall ar Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo, Éire.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Táim ar bís go bhfuil an Coimisiún Eorpach tar éis a scrúdú ar an iarratas PDO ar “Salann Mara Oileán Acla” a thabhairt chun críche agus go bhfuil an chéim seo den nós imeachta sroichte ag an iarratas. Is ceanglas faoi rialacha an AE é an foilsiú.”

Léiríonn foilsiú an iarratais an chéad chéim eile den chomhairliúchán ar an iarratas ar stádas PDO do “Salann Mara Oileán Acla”. Tá sé oscailte anois do Bhallstáit eile agus do thríú tíortha a bhfuil leas dlisteanach acu aighneachtaí maidir leis an iarratas a dhéanamh leis an gCoimisiún, laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhoilsithe.

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Seasann an t-iarratas PDO do “Shalann Mara Oileán Acla” do chaomhnú modhanna traidisiúnta táirgthe, cur chun cinn na hoidhreachta agus tacú le geilleagair áitiúla. Molaim gach duine a bhí páirteach san iarratas a thabhairt go dtí an chéim seo”.

CRÍOCH

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ:

Tá sé mar aidhm ag beartas cáilíochta an AE ainmneacha táirgí sonracha a chosaint chun a dtréithe uathúla, atá nasctha lena dtionscnamh geografach, chomh maith le fios gnó traidisiúnta a chur chun cinn. Féadfar 'tásc geografach' (GI) a bhronnadh ar ainmneacha táirgí má tá nasc sonrach acu leis an áit a ndéantar iad. Cuireann an t-aitheantas GI ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí ardchaighdeáin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus ag an am céanna cabhraíonn sé le táirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú.

Tá Sonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO) difriúil le Tásc Geografach faoi Chosaint (PGI) sa mhéid is go gcaithfidh gach cuid den phróiseas táirgthe, próiseála agus ullmhúcháin tarlú sa réigiún sonrach a chumhdaítear leis an iarratas.

Tar éis an Nóis Imeachta Náisiúnta um Fhreasúra, don iarratas ar Shonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO) le haghaidh “Salann Mara Oileán Acla”, chuir an DAFM an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh meastóireachta i mí na Nollag 2020.

Rinne an Coimisiún Eorpach grinnscrúdú ar an iarratas. D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar an 27 Iúil 2023 le haghaidh nós imeachta freasúra an Bhallstáit/tríú tír. Is féidir foilsiú oifigiúil an iarratais PDO in Iris Oifigiúil Choimisiún an AE a fháil ag an nasc seo a leanasEUR-Lex - 52023XC0727

Éilíonn rialacha an AE foilsiú an iarratais athbhreithnithe agus mairfidh sé ar feadh tréimhse trí mhí ó dháta an fhoilsithe. Mura bhfaightear aon fhreasúra dlisteanach, táthar ag súil go leanfar leis an iarratas ar chlárú.

Tá tuilleadh eolais ar Thásca Geografacha, Sonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint san áireamh, ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/a7412-geographical-indications-protected-food-and-drink-names/