English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsiú litir barúlacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach CBT 2023-27 na hÉireann deimhnithe ag an Aire McConalogue

Inniu dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil litir Barúlacha foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:

“Tá litir Barúlacha an Choimisiúin Eorpaigh foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, ag an nasc seo a leanas: [external-link www.gov.ie/cap| www.gov.ie/cap]. Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, tá na barúlacha seo á n-athbhreithniú againn faoi láthair, barúlacha atá sách fada, agus tá sé mar aidhm againn freagairt ardleibhéil thosaigh a chur ar fáil don Choimisiún sna laethanta beaga amach romhainn. Táimid ag súil go bhfoilseoidh an Coimisiún a litir go foirmiúil, i dteannta leis an bhfreagairt thosaigh uainne, i ndiaidh na Cásca. Tá tús curtha cheana féin le rannpháirtíocht theicniúil leis an gCoimisiún maidir leis na barúlacha, agus leanfar leis an obair i ndiaidh shaoire na Cásca, agus é mar aidhm an Plean a cheadú chomh luath agus is féidir.”

Thug an tAire McConalogue le fios go bhfuil dréacht-Phlean Mheastóireacht Ex-Ante na hÉireann, atá curtha i gcrích ag foireann chomhairliúcháin a bhfuil RSM Ireland i gceannas uirthi, foilsithe ar shuíomh gréasáin a Roinne anois freisin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:

“Is fianaise é ullmhú na Meastóireachta Ex-Ante ar cheann eile de na ceanglais atá sonraithe faoi reachtaíocht an AE a bheith comhlíonta. Tá sé seo roinnte le páirtithe leasmhara, i dteannta le litir barúlacha an Choimisiúin. Tá socruithe déanta go mbeidh na forbairtí is déanaí seo á bplé ag Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara CBT ag deireadh na míosa, agus leanfar leis an rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara de réir mar a leanfar leis an bpróiseas faofa.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:

“Tá mé ag súil le rannpháirtíocht chuiditheach idir mo Roinn féin agus an Coimisiún maidir leis an bpróiseas faofa sna míonna amach romhainn, agus d’fhaomhadh tráthúil Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann ionas gur féidir linn eolas soiléir a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do theaghlaigh feirme na hÉireann maidir le céard a bheidh ag tarlú mar thoradh ar CBT, agus céard a bheidh le déanamh acu, sa tréimhse idir 2023-2027.

“Táim muiníneach go bhfuil ár bplean CBT éifeachtach agus airdeallach ar shlándáil bia agus go mbeidh sé mar bhonn le dlús a chur le feabhsuithe bithéagsúlachta, feabhsuithe i gcáilíocht an uisce agus feabhsuithe aeráide. Is plean casta CBT atá ann a bhfuil sé mar aidhm leis na huaillmhianta seo a chomhlíonadh agus iarracht a dhéanamh ioncam feirme a fheabhsú.”

Nótaí do na heagarthóirí:

Tá tuilleadh eolais maidir le Plean Straitéiseach CBT na hÉireann lena n-áirítear litir barúlacha an Choimisiúin le fáil ag Item was unpublished or removed

Is cloch mhíle thábhachtach eile í an litir Barúlacha a fháil ón gCoimisiún i bhforbairt Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse idir 2023-2027. Tá Éire i measc ceann den 19 mBallstát a chuir a bpleananna ar fáil roimh an spriocdháta reachtúil, an 1 Eanáir 2022, agus a bhfuil an Coimisiún ag freagairt dóibh anois i ndiaidh measúnú a bheith déanta ag seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, lena n-áirítear na seirbhísí sin atá freagrach as talmhaíocht, aeráid agus timpeallacht.

Tá measúnú cuimsitheach déanta ag an gCoimisiún ar dhréacht-Phlean na hÉireann. Tá na barúlacha sách fada, clúdaítear trí chuspóir ghinearálta CBT, na naoi gcuspóir shonracha, cuspóir leathan an eolais, na nuálaíochta agus an digitithe, béim straitéiseach an Phlean agus na hidirghabhálacha aonair atá molta ag Éirinn. Áirítear ina measc meascán de bharúlacha teicniúla, ardleibhéil agus níos mionsonraithe. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coimisiún ar gach Ballstát a bPleananna a athbhreithniú i gcomhthéacs na n-impleachtaí atá ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an gá atá le hathléimneacht na hearnála a neartú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil níos fearr a chinntiú.

Leanfaidh an Roinn ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara de réir mar a leanfar leis an bpróiseas faofa sna míonna amach romhainn. Leanfaidh an próiseas faofa an plé struchtúrtha a reáchtáladh leis an gCoimisiún, modh oibre a bhí éifeachtach go dtí seo. Leanfar leis an rannpháirtíocht seo i rith na gcéimeanna deireanacha agus é mar aidhm againn teacht ar chomhaontú maidir leis an dréachtphlean roimh shaoire an tsamhraidh.