English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Forbairt Inbhuanaithe agus Caomhnú d'Acmhainní Géiniteacha Foraoise 2020-2030 seolta ag an Aire Hackett


Téitear i ngleic le príomhdhúshláin san fhoilseachán atá roimh an earnáil lena n-áirítear athrú Aeráide


Féachtar ann ar mar atá acmhainní géiniteacha agus úsáid níos fearr a bhaint as síolta ábalta ag cur le hacmhainneacht agus inoiriúnaitheacht foraoise

Tá Forbairt Inbhuanaithe agus Caomhnú d'Acmhainní Géiniteacha Foraoise 2020-2030 seolta ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí Foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hacket inniu.

Ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán, a chur Grúpa Oibre Acmhainní Géiniteacha Foraoise i dtoll a chéile, dúirt an tAire,

"Tá tábhacht mhór ag baint le foraoisí sa troid in aghaidh Athrú Aeráide. Ní mór gur foraoisí sláintiúil, láidir iad. Is é sin an chúis go gcuirtear fáilte mhór roimh an tuarascáil seo. Leagtar straitéis amach inti chun a chinntiú go ndéantar fachtóirí mar acmhainní géiniteacha agus soláthar inbhuanaithe síolta a chur i bhfeidhm chun acmhainneacht oiriúnaitheach foraoisí na tíre a mhéadú."

Is ionann an tuarascáil agus straitéis chun a chinntiú go gcosnaítear acmhainní géiniteacha idir na blianta 2020 agus 2030 agus leagtar amach bealach inbhuanaithe inti don todhchaí. Tugtar breithiúnas iomlán inti ar dhícheall reatha agus san am atá caite, na tionchair a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hathrú aeráide agus rioscaí eile, na ceanglais atá ann chun acmhainní géiniteacha foraoise agus caomhnú géine a fhorbairt. Téitear trí na céimeanna inti atá de dhíth chun caomhnú géiniteach speiceas crann a bhaint amach agus tugtar achoimre ann chomh maith ar na róil atá ag na gníomhaireachtaí agus na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le hacmhainní géiniteacha chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le comhordú agus cur i bhfeidhm.

Dúirt an tAire chomh maith, agus í á chur in iúl go bhfuil sé go huile agus go hiomlán riachtanach go ndéanfaí foraoisí na tíre a chothabháil agus a chinntiú go dtiocfaidh siad slán,

"tá acmhainní foraoisí riachtanach chun go n-éireoidh foraoisí na tíre a fhorbairt. Is ionann ábhar atáirgthe foraoise atá curtha in oiriúint go maith agus atá aimsithe go cúramach, agus atá oiriúnach d'ithreacha agus do thimpeallachtaí fásta na hÉireann agus bunchloch don eastát foraoise a mhéadú agus chun go leanfar d'athghiniúint a dhéanamh air. Tá said bunúsach i dtaobh tairbhí fadtéarmacha eacnamaíochta, talmhaíochta agus sochaíoch a chuireann foraoisí ar fáil."

Dúirt sí chomh maith,

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le comhaltaí Ghrúpa Oibre Acmhainní Géiniteacha Foraoise Chomhairle COFORD as an obair chrua atá déanta acu an foilseachán seo a chur i dtoll a chéile. Tá moladh mór tuillte ag an nGrúpa, atá comhdhéanta de réimse leathan saineolaithe agus páirtithe leasmhara, as an gcomhaontú seo maidir leis an treoir atá roimh acmhainní géiniteacha a bhaint amach."

Chuir an Dr. Eugene Hendrick fáilte roimh an foilseachán thar ceann Chomhairle COFORD, agus é ag tabhairt aitheantas do dhúthracht agus d'obair chrua Ghrúpa Oibre Acmhainní Géiniteacha Foraoise na comhairle. Dúirt sé,

"Cuireann comhairle COFORD agus grúpaí oibre lena mbaineann réimse leathan comhairle atá bunaithe ar fhianaise ar fáil a chuidíonn le heolas a dhéanamh do bheartas i leith foraoisí. Cuirtear plean oibre ar fáil sa tuarascáil atá á foilsiú anseo inniu ag an Aire ar mhaithe le foraoisí atá curtha in oiriúint, atá acmhainneach agus táirgiúil a chur, agus ar mhaithe leis an obair ríthábhachtach i gcaomhnú éagsúlachta géiniteacha foraoise. Tá an Chomhairle ag súil le bheith ag obair leis an Roinn agus leis an earnáil foraoiseachta maidir leis na moltaí atá leagtha amach sa tuarascáil seo."

Nótaí d'Eagarthóirí:

• Comhlacht í Comhairle COFORD arna ceapadh ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara chun comhairle a chur ar an Aire agus ar an Roinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le hearnáil na foraoise in Éirinn a fhorbairt. Is é an tAire a cheapann na comhaltaí agus tá sé déanta suas as páirtithe leasmhara ó ar fud na hearnála foraoise.

• Is féidir Forbairt Inbhuanaithe agus Caomhnú d'Acmhainní Géiniteacha Foraoise 2020-2030 a íoslódáil ar láithreán gréasáin COFORD ar http://www.coford.ie/ agus ar http://www.coford.ie/media/coford/content/publications/2020/35769COFORDbodyreportweb211220.pdf

CRÍOCH