Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gairm ar Mholtaí 2022 maidir leis an Talmhaíocht faoi Chompháirtíocht SAM-na hÉireann um Thaighde agus Forbairt fógartha ag an Aire Stáit Heydon

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus freagracht speisialta air maidir le taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, go bhfuil Gairm ar Mholtaí 2022 maidir leis an Talmhaíocht faoi Chomhpháirtíocht SAM-na hÉireann um Thaighde agus Forbairt ar oscailt.

Agus an fógra á dhéanamh, dúirt an tAire

“Tá áthas orm an Ghairm ar Thaighde na bliana seo maidir leis an talmhaíocht faoi Chomhpháirtíocht SAM-na hÉireann um Thaighde agus Forbairt a sheoladh. Tá an comhoibriú uathúil seo idir Éire, Tuaisceart Éireann agus SAM i bhfeidhm le 16 bliana anuas agus tá áthas orm a rá go bhfuil sé ag bogadh isteach i gcéim nua le raon leathnaithe deiseanna taighde. Tagann sé seo sna sála ar athbhreithniú ar an gComhpháirtíocht a rinne mo Roinn in éineacht leis an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA) i dTuaisceart Éireann agus Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (USDA). Ba mhaith liom aitheantas foirmiúil a thabhairt freisin do rannpháirtíocht agus tiomantas leanúnach DAERA agus USDA don Chomhpháirtíocht seo."

Is toradh de chuid Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann í Comhpháirtíocht T&F SAM-na hÉireann agus baineann sé le rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÉireann agus Thuaisceart Éireann oibriú le chéile chun dul chun cinn eolaíoch a dhéanamh trí dheontais a bhronnadh le haghaidh taighde ar bhonn iomaíoch. Seoladh an Chomhpháirtíocht i 2006 agus go dtí seo tá comhchistiú iomlán de €105. 7 milliún ($ 125.6 milliún) bronnta ar 65 tionscadal i 7 réimse tosaíochta lena n-áirítear Cibearshlándáil; Talmhaíocht; Sláinte; Eolaíocht & Innealtóireacht Nanascála; Braiteoirí & Líonraí Braiteoirí; Teileachumarsáid; Fuinneamh & Inbhuanaitheacht.

Treisíonn Gairm Talmhaíochta 2022 an tábhacht a bhaineann le comhoibriú eolaíoch idirnáisiúnta ar ábhair thaighde chriticiúla, agus leathnaíonn sé deiseanna nua chun comhchistiú a dhéanamh ar chomhthograí taighde. Tá sé réimse taighde breise curtha san áireamh sa ghairm is déanaí, lena soláthraítear dhá réimse taighde déag san iomlán atá oscailte do chomhthograí taighde ó Éirinn, Tuaisceart Éireann, agus SAM.

Agus Gairm 2022 á fhógairt aige, dúirt an tAire Heydon

"Tá sé mar aidhm ag an Straitéis ‘Fís don Bhia 2030’ earnáil agraibhia nuálach, iomaíoch agus athléimneach a bhaint amach, a chuirtear chun cinn le teicneolaíocht agus tallann. Sainaithnítear ann gur gá tógáil ar thionscnaimh leanúnacha agus ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht, go háirithe chun cabhrú leis an aistriú chuig earnáil talmhaíochta atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus chuig bithgheilleagar ciorclach. Comhlíonann an Ghairm nua trípháirteach seo idir Éire, Tuaisceart Éireann agus SAM an tiomantas seo agus is deis shuntasach é do chomhoibriú idirnáisiúnta i réimsí taighde atá ag éirí níos tábhachtaí don earnáil talmhaíochta. Dá bhrí sin, molaim do thaighdeoirí Éireannacha deiseanna a fhiosrú agus comhpháirtithe a aimsiú sna dlínsí eile agus iarratas a dhéanamh ar an nGairm".

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlao 2022 ar fáil ag an nasc seo a leanas: gov.ie - Faisnéis Glaonna: Comhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann (www.gov.ie)

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

• Tugann an ghairm cuireadh d'Eagraíochtaí Déanta Taighde incháilithe (RPOanna) ó Phoblacht na hÉireann comhthograí taighde a chur isteach, le comhpháirtithe comhoibrithe ó SAM agus ó Thuaisceart Éireann, faoin Tionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) de chuid Institiúid Náisiúnta Bia agus Talmhaíochta USDA (NIFA). Is é an spriocdháta aighneachta chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus chuig an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA) i dTuaisceart Éireann ceithre seachtaine roimh spriocdháta luaite AFRI don Tosaíocht Limistéar Cláir faoi seach i gClár Deontais Iomaíoch Fhondúireacht AFRI 2022.

• Tugann seoladh Gairme Talmhaíochta 2022 níos luaithe am do RPOanna in Éirinn líonrú agus comhpháirtithe a aimsiú ar fud na ndlínsí eile, agus a gcuid smaointe a fhiosrú agus a fhorbairt sna réimsí taighde atá ar fáil faoin nGairm roimh spriocdháta na haighneachta in 2022.

• Is iad seo a leanas an dá réimse taighde déag sa Ghairm agus spriocdhátaí an DAFM/DAERA agus AFRI faoi seach in 2022:

Tosaíocht Réimse an Chláir in 2022 Spriocdháta DAERA/DAFM Spriocdháta AFRI
Lotnaidí agus Speicis Thairbheacha i gCórais Táirgthe Talmhaíochta (A1112) 28/07/2022 25/08/2022
Cothú, Fás agus Lachtadh Ainmhithe (A1231) 14/07/2022 11/08/2022
Leas Ainmhithe Talmhaíochta (A1251) 14/07/2022 11/08/2022
Galair Ainmhithe Talmhaíochta (A1221) 14/07/2022 11/08/2022
Pórú Ainmhithe, Géineolaíocht, agus Géanómaíocht (A1201) 14/07/2022 11/08/2022
Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha a Mhaolú ar fud an Bhiashlabhra (A1366) 04/08/2022 01/09/2022
Bithgheilleagar Inbhuanaithe trí Tháirgí Bithbhunaithe (A1414) 04/08/2022 01/09/2022
Agra-éiceachórais Inbhuanaithe: Sláinte, Feidhmeanna, Próisis agus Bainistíocht (A1451) 18/08/2022 15/09/2022
Bithscagadh agus Bithmhonarú (A1531) 01/09/2022 29/09/2022
Micribhithóim Talmhaíochta i gCórais Phlandaí agus Acmhainní Nádúrtha (A1402) 08/09/2022 06/10/2022
Eolaíocht Sonraí do Chórais Bhia agus Talmhaíochta (DSFAS) (A1541) 22/10/2022 17/11/2022
Rannpháirtíocht Idirdhisciplíneach i gCórais Ainmhithe (IDEAS) (A1261) 08/09/2022 06/10/2022

• Is é an Tionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) an príomhchlár deontas iomaíoch d'eolaíochtaí talmhaíochta i SAM. Ó 2016 i leith, áiríodh le raon feidhme na Comhpháirtíochta talmhaíocht trínar féidir le taighdeoirí in institiúidí incháilithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann nasc a dhéanamh le taighdeoir atá lonnaithe in SAM chun iarratais ar mhaoiniú taighde a chur faoi bhráid Glaonna bliantúla arna seoladh ag Institiúid Náisiúnta Bia agus Talmhaíochta (NIFA) USDA.

• Tagann maoiniú na Roinne do thionscadail rathúla faoi Ghlaonna Comhpháirtíochta T&F SAM-na hÉireann ó Chlár Taighde iomaíoch na Roinne. Research Programme.

CRÍOCH