Geallann an tAire Heydon €2 mhilliún do Chomhpháirtíochtaí Taighde Eorpacha nua ar Agra-éiceolaíocht agus ar Shláinte agus Leas Ainmhithe
- Foilsithe: 28 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2024
Gheall an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, €2 mhilliún inniu i dtreo Chomhpháirtíocht taighde Eorpach nua atá dírithe ar ‘Agra-éiceolaíocht’ agus ‘Sláinte agus Leas Ainmhithe’.
Is samhail nua iad Comhpháirtíochtaí Taighde agus is céim shuntasach chun tosaigh iad faoin gClár Taighde Fís Eorpach ina mbainfidh an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus ceantair thuaithe tairbhe as maoiniú méadaithe taighde agus nuálaíochta. Seolfar Comhpháirtíocht eile ar Chórais Bhia Inbhuanaithe níos déanaí i mbliana. Cumasaíonn na Comhpháirtíochtaí comhoibriú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí náisiúnta agus Eorpacha trí shaineolas agus acmhainní a chur le chéile, chomh maith le leas a bhaint as infheistíochtaí taighde príobháideacha agus poiblí breise.
Agus é ag labhairt ar sheoladh na gComhpháirtíochtaí, dúirt an tAire Heydon
“Is saincheist ríthábhachtach í inbhuanaitheacht na gcóras talmhaíochta a chinntiú, ó thaobh an gheilleagair, na timpeallachta agus na sochaí de. Tuigim go bhfuil taighde a bhaineann le feirmeoirí ríthábhachtach chun réitigh agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt chun tacú le córais táirgthe inbhuanaithe ar an bhfeirm. Tá an Glao oscailte d’iarratais ó Eagraíochtaí Déanta Taighde Éireannacha incháilithe mar chuid de chuibhreannais taighde idirnáisiúnta.
Tá sé d’aidhm ag an gComhpháirtíocht borradh a chur faoin nuálaíocht a bheidh ar siúl san áit a gcuirfear i bhfeidhm í le feirmeoirí a n-iarrfar orthu cleachtais, cineálacha cur chuige agus teicneolaíochtaí nua a chomhfhorbairt, a thástáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu i gcomhthéacsanna an fhíorshaoil.
Tá an Glao oscailte d’iarratais ó Eagraíochtaí Déanta Taighde Éireannacha incháilithe mar chuid de chuibhreannais taighde idirnáisiúnta. Spreagtar rannpháirteachas freisin, i gcomhréir le rialacháin mhaoinithe, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis, tomhaltóirí/saoránaigh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus comhlachtaí príobháideacha.
Is é an chéad ghlao taighde é a dtacaíonn an Roinn leis faoin gClár Comhpháirtíochta Eorpaí d’Fhís Eorpach agus léirítear leis cur chuige nua chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha phráinneacha.
Tagann fógra an Ghlao i bpáirt le hócáid seolta fhoirmiúil na Comhpháirtíochta ar Agra-éiceolaíocht agus Sláinte agus Leas Ainmhithe a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ar an 26 agus 28 Feabhra.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is cloch mhíle ríthábhachtach é seoladh na gComhpháirtíochtaí seo d’Fhís Eorpach inár n-iarracht chun earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos iomaíche a fhorbairt san Eoraip. Nuair a chuirfimid ár n-acmhainní, ár saineolas agus ár n-eolas le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta atá roimh an talmhaíocht ar bhealach níos éifeachtaí agus an bealach a réiteach do thodhchaí níos rathúla. Táim ag tnúth le rolladh amach Glaonna taighde faoi na Comhpháirtíochtaí eile le linn 2024.”
Cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoi raon feidhme an Ghlao, treoirlínte iarratais, critéir incháilitheachta agus maoiniú atá ar fáil trí Thairseach Taighde na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Nótaí don Eagarthóir
Cúlra – Comhpháirtíochtaí
Tugann Comhpháirtíochtaí Eorpacha an Coimisiún Eorpach agus comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe taighde agus nuálaíochta. Is príomhuirlis forfheidhmithe d’Fhís Eorpach iad.
An Chéad Ghlao ar ‘Agra-éiceolaíocht a chothú ar leibhéil feirme agus tírdhreacha’
Maidir leis an gcéad ghlao oscailte ar ’Agra-éiceolaíocht a chothú ar leibhéil feirme agus tírdhreacha’, is tionscnamh maoinithe é de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí ar Dhlús a chur faoi Aistriú na gCóras Feirmeoireachta: Saotharlanna Beo agus Bonneagar Taighde Agra-éiceolaíochta (AELLRI). Is é is aidhm don chomhpháirtíocht dlús a chur leis an aistriú i dtreo cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe, atá neamhdhíobhálach don aeráid agus don éiceachóras de réir trí phríomhchuspóir.
1) Tuiscint níos fearr ar phróisis agra-éiceolaíochta a chumasú ó leibhéil feirme go leibhéil tírdhreacha.
2) Nuálaíocht áitbhunaithe a neartú i dtimpeallachtaí comhchruthaitheacha.
3) Feabhas a chur ar shreabhadh agus ar ghlacadh eolais agus nuálaíochtaí ar agra-éiceolaíocht.
Tacaíocht Airgeadais
Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann don Ghlao Comhpháirtíochta “Agra-éiceolaíocht a chothú ar leibhéil feirme agus tírdhreacha” á cur ar fáil trí Chlar Taighde DAFM agus trí Chlar Scolaireachtai Walsh Theagasc. Is é €2,372,000 maoiniú iomlán DAFM/Teagasc don Ghlao.